|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL II. Pagh.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL IV. Saoirsi d'Oifigigh agus do Shaighdiuiri.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDEAL III. Priosuin agus Beairici Coinneala. | |
[EN] |
E de dhualgas ar Ghobharnóir príosúin príosúnaigh, tréigtheoirí agus nea-láithrigh gan cead do ghlaca |
136. —(1) Glacfidh Gobharnóir gach príosúin i Saorstát Éireann agus cimeádfa sé i mbraighdeanas, go dtí n-a scaoile no a dtabhairt suas de réir cúrsa cuibhe na dlí, gach príosúnach a cuirfar chun an phríosúin sin do réir an Achta so, agus gach duine a tabharfar ina chimeád, mar thréigtheoir no mar nealáithreach gan cead, ag éinne a bheidh ag tionnlacan an duine sin le h-údarás dlí, ar thaisbeáint an bharántais Chúirt Údaráis Achmair ar ar gabhadh no ar ar cuireadh chun príosúin an tréigtheoir sin no an nea-láithreach san gan cead, no ar thaisbeáint ordú éigin ón Aire, ordú a leanfidh i bhfeidhm go dtí go sroichfidh an tréigtheoir no an nea-láithreach gan cead a cheann scríbe. |
[EN] | (2) Déanfidh gach Gobharnóir den tsórt san aon tsaighdiúir i gcimeád mileata do ghlaca ina chimeád, ar feadh tréimhse nách sia ná seacht lá, nuair a seachadfar do ordú scríbhte a dheabhróidh a bheith sighnithe ag Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra san. | |
[EN] | (3) Na forálacha den Acht so a bhaineann le Gobharnóir príosúin, bainfid le duine i bhfeighil aon stáisiúin phóiliní no áite eile in ar féidir do réir dlí príosúnaigh do chimeád. | |
[EN] |
Bunú agus regealáil príosún mileata. |
137. —(1) Beidh sé dleathach d'aon Aire Feidhmiúcháin aon fhoirgneamh no cuid d'fhoirgneamh fé chúram an Aire sin do chur ar leithligh mar phríosún mileata no mar bheairic choinneála, no mar phríosún puiblí i gcóir príosúnach airm, agus a fhaisnéis go mbeidh an foirgneamh san no an chuid sin d'fhoirgneamh ina phríosún mhileata no ina bheairic choinneála, no ina phríosún phuiblí, pe'ca dhíobh é, agus gach príosún mileata a faisneofar a bheith amhlaidh tuigfar é do bheith ina phríosún phuiblí do réir brí na bhforálacha den Acht so a bhaineann le príosúntacht. |
[EN] | (2) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúchán rialacha do dhéanamh, d'atharú agus d'athghairm o am go ham i dtaobh rialú, bainistí, agus regealáil príosún mileata agus beairicí coinneála agus i dtaobh ceapa agus cur-chun-siúil agus comhachtanna a gcigirí, a gcuairteoirí, a ngobharnóirí agus a n-oifigeach, agus i dtaobh obair na bpríosúnach mileata no na bpríosúnach eile agus obair na saighdiúirí fé choinneáil ionta; agus chun a chur ar chumas na bpríosúnach no na saighdiúirí sin maitheamh do thuilleamh, le dícheall speisialta agus le dea-iompar, i gcuid dá bpionós, agus i dtaobh slán-chimeád na bpríosúnach no na saighdiúirí sin, agus chun iad do chimeád fé smacht, agus chun na príosúnaigh no na saighdiúirí sin do phionósú le ceartú no cosc pearsanta no ar shlí eile mar gheall ar chiontaí a dhineadar, ar shlí, ámh, ná húdarófar leis na rialacha san pionós cuirp do chur ortha mar gheall ar aon chionta, ná an phríosúntacht ná an choinneáil do dhéanamh níos déine ná mar a bheid fén dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire in aon phríosún i Saorstát Éireann fé réir Acht Generálta na bPríosún (Éirinn), 1877, ach gach rialachán a dineadh fé Acht na bPríosún, 1898, i dtaobh dualgaisí séileoirí agus dochtúirí oifigiúla, agus gach rialachán atá san Acht Leasúcháin um Bás-Phionós, 1868, agus in Acht Generálta na bPríosún (Éirinn), 1877, i dtaobh dualgaisí Coróinéirí i gcúrsaí coistí coróinéara i bpríosúin agus i mbeairicí coinneála, beid sna rialacha san, sa mhéid gur féidir an céanna do chur i mbaint. | |
[EN] | (3) Leis na rialacha san féadfar a chur i mbaint leis na príosúin agus na beairicí coinneála san aon achtacháin d'Acht na bPríosún, 1865, agus a chuireann pionóisí ar dhaoine ar bith nách príosúnaigh. | |
[EN] | (4) Gach riail a dhéanfidh Aire do réir an Ailt seo leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta má bhíonn an tOireachtas ina suidhe an uair sin agus, mara mbeidh, chó luath agus is féidir é tar éis tosach an chéad shiosóin eile den Oireachtas. | |
[EN] | (5) Na comhachta a bheidh ag Aire fén Alt so maidir le príosúin mhileata agus beairicí coinneála beid infheidhmithe ag an Oifigeach Generálta ag Ceannasú ar an machaire, agus beidh ortha comhacht chun a fhaisnéis gur príosún mileata no beairic choinneála áit ar bith, agus ní bheidh feidhm ag na teoranna atá leis an gcomhacht chun rialacha do dhéanamh i dtaobh pionósú príosúnach agus saighdiúirí fé choinneáil agus i dtaobh déine na príosúntachta agus na coinneála: Ach ní dhéanfidh éinní sa bhfo-alt so, ná in aon rialacha a déanfar fé, údarás do thabhairt chun léasa ná pionós eile cuirp do thabhairt mar gheall ar aon chionta. | |
[EN] |
Roinnt na bpríosúnach ina n-aicmí. |
138. —De bhrí go n-oireann sé difríocht ghlan do dhéanamh idir an déanamh a tabharfar do phríosúnaigh a ciontuíodh i sarú smachta agus an déanamh a tabharfar do phríosúnaigh a ciontuíodh i gciontaí mí-mhorálta, mí-mhacánta, náireacha, no coiriúla, no a daoradh chun a scurtha ón seirbhís fé aithis, féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh o am go ham i dtaobh roinnt na bpriosúnach san ina n-aicmí agus i dtaobh an déanamh a tabharfar dóibh. |