An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL VI. Billeadacht agus Carraisti do Thogaint go hEigeanta. Billeadacht Oifigeach, Saighdiuiri agus Capall.) Ar Aghaidh (CAIBIDEAL VIII. Udaras.)

30 1923

ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923

CAIBIDEAL VII.

Pionoisi Dlithiula i Nithe a bhaineann leis na Forsai.

Pionós don té a loigfidh air bheith ina thréigtheoir.

187. —Einne a leigfidh air le haon údarás mileata no síbhialta gur duine é do thréig na Fórsaí, ar a fháil ciontach ar an slí achmair daorfar é chun príosúntachta, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí.

Pionós mar gheall ar oifigigh no saighdiúirí do mhealla chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead.

188. —Einne a dhéanfidh ar aon tsaghas slí—

(1) Aon oifigeach no saighdiúir do thabhairt no do mhealla chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead, no tabhairt fé aon oifigeach no saighdiúir do thabhairt no do mhealla chun bheith as láthair gan cead; no,

(2) Ar bheith in eolas ar oifigeach no saighdiúir a bheith chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead, cabhrú no cuidiú leis chun tréigean a dhéanamh no chun bheith as láthair gan cead; no,

(3) Ar bheith in eolas ar oifigeach no saighdiúir do bheith ina thréigtheoir no do bheith as láthair gan cead, an t-oifigeach no an saighdiúir sin do cheilt, no cabhrú no cuidiú leis chun é féin a chur fé cheilt no cabhrú no cuidiú le n-a fhuascailt,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé phríosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná sé mhí.

Pionós mar gheall ar chur isteach ar dhuine agus é ag có-líona dualgaisí mileata, etc.

189. —Einne—

(a) a dhéanfidh bac no cosc do chur le haon oifigeach no saighdiúir go toiliúil no cur isteach air ar aon tslí eile agus é ag có-líona a dhualgaisí; no,

(b) a chuirfidh aon ghalar no easláinte, no a dhéanfidh basca no lot, agus san go toiliúil, ar aon fhear is éol dó bheith ina shaighdiúir, d'fhonn a chur i gcumas an fhir sin seirbhís mhileata do sheachaint; no

(c) le hintinn a chur i gcumas saighdiúra é féin do dhéanamh no a thabhairt le tuisgint go bhfuil sé neamh-infheadhma go buan no go diombuan, a thabharfidh don tsaighdiúir sin no a sholáthróidh ina chóir aon drug no ullmhóid a raghadh chun é dhéanamh, no is deabhrathach a dhéanfidh é, no a chabhródh le n-a thabhairt le tuisgint go bhfuil sé, neamh-infheadhma go buan no go diombuan,

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná sé mhí no fé fhíneáil ná raghaidh thar céad punt, no fé'n bpríosúntacht agus fé'n fhíneáil sin in éineacht.

Gabháil tréigtheoirí.

190. —Maidir le tréigtheoirí agus le nea-láithrigh gan cead, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

(1) Ar amhrus réasúnta gur tréigtheoir no gur nealáithreach gan cead duine, beidh sé dleathach do chonstábla, no maran féidir teacht suas le constábla láithreach bonn, ansan beidh sé dleathach d'aon oifigeach no saighdiúir no duine eile an duine fé amhrus do ghabháil agus é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair láithreach.

(2) Einne go bhfuil údarás aige chun barántas do thabhairt amach chun duine atá cúisithe i gcoir do ghabháil, más deimhin leis o fhianaise fé mhionn go bhfuil, no go bhfuil amhrus réasúnta go bhfuil, tréigtheoir no nea-láithreach gan cead laistigh dá líomatáiste údaráis, féadfa sé barántas a thabhairt amach á údarú go ndéanfar an tréigtheoir sin no an nea-láithreach san gan cead do ghabháil agus do thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair láithreach.

(3) Má tugtar duine i láthair Cúirte Údaráis Achmair agus é cúisithe fé'n Acht so i mbeith ina thréigtheoir no ina nea-láithreach gan cead, féadfidh an Chúirt sin deighleáil leis an gcás díreach mar a tabharfí an duine sin i láthair na Cúirte agus é cúisithe i gcoir indíotálta.

(4) Más deimhin leis an gCúirt, o fhianaise fé mhionn no o admháil an duine sin, gur tréigtheoir no gur nealáithreach gan cead é, déanfa sí láithreach, fé mar a chífar don Chúirt is oiriúnaí maidir le n-a shlán-chimeád, a chur fé ndeár é chur i gcimeád mileata ar pé cuma is oiriúnaí dar leis an gCúirt, no, go dtí go bhféadfar san a dhéanamh, a chur fé ndeár a chur isteach i bpríosún, i stáisiún póilíneachta no in áit éigin eile atá ann do réir dlí chun daoine i gcimeád do choinneáil i mbraighdeanas ann, agus san ar feadh pé aimsir réasúnta is dó leis an gCúirt is riachtanach do réir réasúin chun é chur i gcimeád mileata.

(5) Má admhuíonn an duine gur thréigtheoir no gur nealáithreach gan cead é agus ná beidh fianaise le fáil an uair sin ce'ca fíor bréag an admháil sin, cuirfidh an Chúirt siar an duine sin chun eolas d'fháil ar ce'ca fíor bréag an admháil sin, agus chun na críche sin cuirfidh an Chúirt chun an Aire cuntas (dá ngairmtear cuntas tuairisciúil san Acht so) ina mbeidh na mioninnste agus a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Seachtú Sceideal don Acht so, fé mar a ordóidh an tAire o am go ham.

(6) Féadfidh an Chúirt an duine sin do chur siar o am go ham ar feadh tréimhse nách sia ná ocht lá aon uair a déanfar é, agus nách sia ar fad ná pé tréimhse is dó leis an gCúirt is riachtanach do réir réasúin chun an t-eolas san d'fháil.

(7) Má chuireann an Chúirt fé ndeár duine do chur i gcimeád mileata no é choimiteáil mar thréigtheoir no mar nea-láithreach gan cead, cuirfidh an Chúirt cuntas tuairisciúil chun an Aire, no fé mar ordóidh an tAire, i dtaobh an tréigtheora san no an nea-láithrigh sin gan cead, agus beidh teideal ag Cléireach na Cúirte chun táille dhá scilling air.

(8) Ordóidh an tAire an táille sin d'íoc.

(9) Má dhineann duine é fhéin do thabhairt suas do chonstábla i Saorstát Éireann mar thréigtheoir no mar nea-láithreach gan cead, déanfidh an t-oifigeach póilíneachta a bheidh i bhfeighil an stáisiúin phóilíneachta dá dtabharfar é an cás do scrúdú láithreach, agus má dheabhruíonn sé gur tréigtheoir no gur nealáithreach gan cead an duine sin, féadfa sé a chur fé ndeár é chur i gcimeád mileata gan é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair fén Alt so agus sa chás san cuirfe sé chun an Aire, no fé mar ordóidh an tAire, deimhniú fé n-a láimh féin ar an dtabhairt suas san agus ar dháta agus áit a dhéanta.

Pionós mar gheall ar thrádáil i gcoimisiúin.

191. —Gach éinne a réiteoidh, a ghníomhóidh mar ghníomhaire, no a dhéanfidh ar aon tslí eile cabhrú chun no an tsúil chaoch a thabhairt ar—

(1) Díol no ceannach aon choimisiúin sna Fórsaí; no,

(2) Aon chomaoin luachmhar do thabhairt no do ghlaca ar aon ardú céime sna Fórsaí sin no ar son imeacht asta no ar son aon fhostaíochta ionta; no,

(3) Aon mhalairtiú a déanfar ar shlí ná beidh údaruithe le rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus na ndéanfar aon tsuim airgid no comaoin eile do thabhairt no do ghlaca ar a shon;

ar a fháil ciontach ar a dhíotáil no ar scéala, féadfar é chur fé fhíneáil céad punt no fé phríosúntacht ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mhí agus, más oifigeach é, féadfar é bhrise as na Fórsaí ar a fháil ciontach d'Arm-Chúirt.

Pionós mar gheall ar riachtanaisí reisiminte, gléasanna, stóranna, etc., do cheannach o shaighdiúirí, agus mar gheall ar sheilbh neadhleathach ar dheimhnithe mileata, etc.

192. —(1) Gach éinne—

(a) A cheannóidh, a mhalairteoidh, a ghlacfidh i ngeall, a choinneoidh no a ghlacfidh o éinne, ar scáth éinní in aon chor; no,

(b) A iarrfidh ar éinne no a mheallfidh é chun go ndíolfadh sé, go malairteodh sé, go gcuirfadh sé í ngeall, no go dtabharfadh sé uaidh; no,

(c) A chabhróidh le héinne no a ghníomhóidh dó chun go ndíolfadh sé, go malairteodh sé, go gcuirfadh sé i ngeall no go gcuirfadh sé as an slí,

aon chuid den mhaoin seo a leanas, eadhon, aon airm, amuinisean, gléasanna, instruimidí, riachtanaisí reisiminte, no cuid éadaigh a tugadh amach i gcóir oifigeach no saighdiúirí no aon órnáidí mileata le hoifigeach no saighdiúir, no aon troscán, cóir leapan, plaincéadaí, braithlíní, áthraistí, agus stóranna fé chúram reisiminte, no aon lón no furra a tugadh amach i gcóir oifigigh no saighdiúra, no i gcóir a chapaill, no i gcóir aon chapaill ag obair sa tseirbhís, mara gcruthuighe sé ná feidir sé, agus é ag déanamh an ní sin, gur mhaoin den tsórt san an mhaoin sin, no mara gcruthuighe sé gur díoladh í le hordú no le toil an Aire no údaráis éigin mhileata inniúla, no gur chuid í de chuid phearsanta oifigigh a bhí tar éis an t-arm d'fhágaint no scur do bheith ina oifigeach, no de chuid phearsanta saighdiúra a scuireadh, no de chuid phearsanta ionaduithe pearsanta dlíthiúla oifigigh no saighdiúra a bhí tar éis bháis. féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair é chur fé fhíneáil nách mó ná fiche punt, mar aon le trí oiread luach aon mhaoine a tháinig i seilbh an chiontathóra san de bharr a chionta, no fé phríosúntacht, i dteanta no d'eamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná sé mhí, no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san in éineacht.

(2) Má fachtar ar seilbh no i gcimeád ag éinne aon mhaoin den tsórt a luaidhtear thuas san Alt so, féadfar an duine sin do thabhairt, no do ghairm, i láthair Cúirte Údaráis Achmair, agus má bhíonn cúis réasúnta ag an gCúirt sin chun a chreidiúint gur guideadh an mhaoin a fuarthas amhlaidh, no gur ceannuíodh, gur malairtíodh, gur glacadh i ngeall, go bhfuarthas no gur glacadh contrárdha don Alt so é, ansan, mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt gur go dleathach agus gan aon tsárú ar an Acht so a tháinig sé suas leis an maoin a fuarathas amhlaidh, ar a fháil ciontach ar an slí achmair féadfar é chur fé sna pionóisí céanna atá orduithe i gcás sárú ar an bhfo-alt san roimhe seo.

(3) Más maith leis féin, no léi féin é, féadfar duine a cúisíodh i gcionta i gcoinnibh an Ailt seo, agus fear no bean an duine sin, do chur fé mhionn agus fé cheistiú mar ghnáth-fhínné sa chás.

(4) Féadfar duine a gheobhfar ag déanamh cionta i gcionnibh an Ailt seo do ghabháil gan barántas agus é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair mar aon leis an maoin is abhar don chionta; agus éinne dá dtairgfar aon mhaoin den tsórt san a luadhadh thuas do dhíol leis, d'fhágaint i ngeall aige, no do sheachadha dho, agus na bhfuil cúis réasúnta aige chun a mheas gur i gcoinnibh an Ailt seo a tairgeadh í, féadfa sé, agus má tá an chomhacht aige déanfa sé, an duine a thairg an mhaoin do ghabháil agus é thabhairt i láthair Cúirte Údaráis Achmair.

(5) Más deimhin le Cúirt Údaráis Achmair o chruthúnas fé mhionn go bhfuil cúis réasúnta chun bheith in amhrus go bhfuil ar seilbh no ina áitreabh ag éinne aon mhaoin gur dineadh uirri no ina taobh aon chionta a luaidhtear san Alt so, féadfa sí barántas a dheona chun cuardach don mhaoin sin, fé mar a déanfí i gcás earraí a guideadh; agus an t-oifigeach ar a gcuirfar an barántas san d'fheidhmiú tógfa sé aon mhaoin a gheobhfar sa chuardach san agus déanfa sé an té na bhfuarthas an céanna ar seilbh aige do thabhairt i láthair Cúirte éigin Údaráis Achmair chun go ndeighleálfar leis do réir an dlí.

(6) Chun críche an Ailt seo, tuigfar maoin do bheith ar seilbh no i gcimeád ag duine má tá sí aige, go feasach do, i seilbh no i gcimeád éinne eile no in aon tigh, foirgneamh, lóistín, seomra, páirc no áit, dúnta no oscailte, ar seilbh aige féin no gan a bheith, agus pe'ca chun úsáide no tairbhe dho féin atá an céanna i gcimeád no i seilbh no chun úsáide no tairbhe do dhuine eile.

(7) Earraí gur stóranna puiblí iad do réir Acht na Stóranna Puiblí, 1875, agus ná fuil foluithe sa tuairisc sin thuas, ní tuigfar gur stóranna iad a tugadh amach mar riachtanaisí reisiminte no ar aon tslí eile do réir brí Alt a trí déag den Acht san.

(8) Gach éinne—

(a) A ghlacfidh, a choinneoidh no na mbeidh ar seilbh aige aon deimhniú céannachta, saol-deimhniú no deimhniú eile, no scríbhinn oifigiúil atá ina fhianaise no a tugadh amach i dtaobh an chirt atá ag éinne chun pinsin airm, págh, no págh cúl-thaca, no chun aon toirbheartais, liúntais, aisce, faoisimh, sochair no buntáiste, a deonadh mar gheall ar sheirbhís mileata, agus san i ngeall le fiach no in urrús air, no d'fhonn íoc d'fháil, ón duine atá i dteideal chuige, i bhfiach atá dlite dho féin no d'éinne eile; no

(b) Na mbeidh ar seilbh aige, gan údarás dleathach ná leathscéal (na luighfidh ar an duine cúisithe é chruthú), aon deimhniú no scríbhinn den tsórt san, no aon deimhniú scuir no aon scríbhinn oifigiúil eile a tugadh amach i gcúrsaí aon chuid de sna Fórsaí no aon bhall díobh do shlóga no do dhí-shlóga;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fén bpionós a féadfí a chur air i gcionta fé fho-alt (1) den Alt so, agus tuigfar gur maion do réir brí an Ailt seo aon deimhniú no scríbhinn eile den tsórt san.

Ornáidí, etc., d'úsáid go nea-dhleathach,

193. —Más rud é—

(1) go n-úsáidfidh no go gcaithfidh éinne neamh-údaruithe aon órnáid no bonn no ribín buinn mileata, no aon leabhrún, ribín créachta, no comhartha a sholáthair no a údaruigh an tAire, no aon órnáid, bonn no ribín buinn, leabhrún, ribín créachta, no comhartha atá chó deabharthach leis an gcéanna gur dócha go gcuirfadh sé duine amú; no

(2) go leigfidh éinne air gur duine é atá no a bhí i dteideal aon órnáid, bonn no ribín buinn, leabhrún, ribín créachta, no comhartha den tsórt san roimhráite d'úsáid no do chaitheamh; no

(3) go ndéanfidh éinne, gan údarás dleathach ná leathscéal, aon órnáid no bonn den tsórt roimhráite do sholáthar, no a thairsgint go soláthróidh sé é, d'éinne ná fuil údarás aige chun an céanna d'úsáid ná do chaitheamh;

ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche punt no fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí:

Ach ní tuigfar éinní san Alt so do bheith ag cosc caitheamh ná soláthar gnáth-leabhrún reisiminte ná aon bhróiste ná órnáide a bheidh i gcosúileas an chéanna.