|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL III. Riarachan.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL V. Seirbhis in Aimsir Cogaidh.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDEAL IV. Oideachas Mileata. | |
[EN] |
Coláiste Mileata. |
23. —(1) As an airgead a chuirfidh an tOireachtas d'aon ghnó chun na críche sin, féadfidh an tAire Fúndúireacht do bhunú agus do choinneáil suas chun tréineáil agus teagasc do thabhairt:— |
[EN] | (a) D'iarrthóirí a bheidh á iarraidh go gceapfí chun céime coimisiúnta sna Fórsaí iad; | |
[EN] | (b) D'oifigigh de sna Fórsaí; agus | |
[EN] | (c) Do pé Saoránaigh eile adéarfar sna Rialacháin a bheith ionghlactha sa bhFúndúireacht san. | |
[EN] | I dteanta na tréineála agus an teagaisc mhileata a tabharfar sa bhFúndúireacht san, féadfar pé tréineáil agus teagasc eile oideachais a thabhairt fé mar a hórdófar. | |
[EN] | (2) An Coláiste Mileata an ainm a bheidh ar an bhFúndúireacht. | |
[EN] | (3) Déanfar Cór Mileata de sna mic léighinn a bheidh sa Choláiste Mileata, pé méid díobh nách oifigigh choimisiúnta, agus áireofar a seirbhís sa Chór san mar sheirbhís sna Fórsaí fé mar a hórdófar. | |
[EN] | (4) Gach mac léighinn a bheidh á theagasc sa Choláiste Mileata beidh sé fén smacht gcéanna fé n-a mbeidh saighdiúirí de sna Fórsaí fén Acht so. | |
[EN] | (5) Fé réir forálacha an Achta so, beidh ceapa Fuirinn an Choláiste, faid agus cineál na gcúrsaí teagaisc agus tréineála ann, na coiníollacha a bhainfidh leis an seirbhís a héileofar ar chéimnigh an Choláiste san aimsir le teacht agus gach ní a bhainfidh le bainistí, le stiúra agus le dea-rialú an Choláiste, beid fé mar a hórdófar. | |
[EN] |
Ranganna Teagaisc. |
24. —Chun ard-thréineáil agus árd-éifeachtúlacht mhileata do thabhairt do sna Fórsaí, agus chun baill de sna Fórsaí do dhéanamh oiriúnach dá ndualgaisí sna Fórsaí, féadfidh an tAire pé socruithe oideachais a dhéanamh a tuigfar a bheith riachtanach, agus féadfa sé go sonnrách ranganna speisialta agus cúrsaí speisialta teagaisc do bhunú do bhaill de sna Fórsaí a roghnófar chun freastal ar na ranganna agus na cúrsaí sin. |
[EN] |
Múinfar d'oifigigh agus d'oifigigh nea-choimisiúnta conus orduithe thabhairt i ngach ceann de theangthacha oifigiúla an Stáit. |
25. —Tabharfar teagasc do gach oifigeach agus do lucht gach céime nea-choimisiúnta sna Fórsaí i dtabhairt agus i nglaca focla féidhmiúchánacha orduithe i ngach ceann de theangthacha oifigiúla an Stáit. |