|
||||
|
Ar Aghaidh (CUID I. Feidhmeanna agus Comhachta an Fho-Shirriaim.) |
[EN] | ||
Uimhir 18 de 1926. | ||
[EN] |
ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926. | |
ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEANN LE BREITHIÚNTAIS AGUS ORDUITHE CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS DO CHUR IN ÉIFEACHT AGUS D'FHEIDHMIÚ GO GENERÁLTA. | ||
[29adh Bealtaine, 1926.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
ROIMHRA. | ||
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
cialluíonn agus foluíonn an focal “ordú feidhmiúcháin” aon rit, aithne, barántas, no scríbhinn eile pé ainm a tugtar uirthi, a thabharfidh cúirt amach i gcúis shíbhialta á ordú no á údarú ordú ón gcúirt d'fheidhmiú tré mhaoin duine do ghabháil agus do dhíol no tré dhuine do chur i seilbh tailte no áitribh no tré mhaoin áirithe do sheachada dho. |