|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL. Teistisi Tastala.) |
ACHT NA nDOCHTÚIRÍ LEIGHIS, 1927
| [EN] | ||
| [EN] |
TRIU SCEIDEAL. Rialacha chun Gar-Ionadaithe do Thogha agus chun Daoine do Thogha chun Foth-Fholuntaisi. | |
1. Is i scríbhinn a hainmneofar gach iarrthóir agus beidh gach ainmniú den tsórt san sighnithe ag dáréag ar a laighead de dhochtúirí leighis cláruithe a chomhnuíonn i Saorstát Éireann. | ||
2. Gach éinne bheidh i dteideal vótála i dtoghachán garionadaithe beidh sé i dteideal vóta do thabhairt do bheirt iarrthóirí agus ní do níos mó ná san agus gach éinne bheidh i dteideal vótála i dtoghachán chun foth-fholúntas do líona beidh sé i dteideal vóta do thabhairt d'aon iarrthóir amháin agus ní do níos mó ná san. | ||
3. Cuirfidh an ceann comhrimh páipeur vótála tríd an bpost chun gach éinne bheidh i dteideal vótála sa toghachán ach ní bheidh an toghachán nea-dhleathach de dheascaibh nár cuireadh páipeur vótála chun éinne áirithe den tsórt san. | ||
4. Einne bheidh i dteideal vótála sa toghachán agus ná cuirfidh an ceann comhrimh páipeur vótála chuige beidh sé i dteideal páipeur vótála d'fháil ar a iarraidh sin do ar an gceann comhrimh. | ||
5. Déanfidh daoine bheidh i dteideal vótála sa toghachán a bpáipéirí vótála do chur tríd an bpost no ar aon tslí eile chun an chinn chomhrimh, no iad do sheachada dho, ag an seola a thabharfa sé uaidh chun na críche sin. | ||
6. Ar an lá agus ar an uair agus san áit a cheapfidh an ceann comhrimh chuige déanfidh pé daoine a cheapfidh an ceann comhrimh na vótanna do tugadh le páipéirí vótála do fuair an ceann comhrimh roimh an lá san do chomhreamh i láthair an chinn chomhrimh. | ||
7. Ní comhreofar vótanna do tugadh le páipéirí vótála a gheobhaidh an ceann comhrimh ar an lá no tar éis an lae do cheap sé chun na vótanna do chomhreamh. | ||
8. An modh chun páipéirí vótála do chur ar aghaidh agus d'fháil agus do chomhreamh beidh sé de shaghas a chimeádfidh an vótáil sicréideach. | ||
9. Beidh gach iarrthóir i dteideal bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna, ach ní bheidh éinne eile i láthair gan cead ón gceann comhrimh. | ||
10. Nuair a bheidh comhreamh na vótanna críochnuithe cuirfidh an ceann comhrimh chun an Aire no chun na Comhairle, pe'ca aca is gá sa chás, i scríbhinn fé n-a láimh ainm no ainmneacha an duine no na ndaoine do toghadh agus pé mion-innste eile is gá fén Acht so i dtaobh an toghacháin. |