|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Seadchomharthai Naisiunta do Chosaint agus do Bhuan Chimead.) |
ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Seadchomharthai Naisiunta do Chaomhna, do Thogaint ar Seilbh, etc. | |
[EN] |
Séadchomharthaí náisiúnta do chaomhna. |
5. —(1) Féadfaidh únaer séadchomhartha náisiúnta (nách foirgint atá ar seilbh mar thigh chomhnaithe ag duine ar bith seachas duine ar fostú mar airigheach uirthi no líntighe an airighigh sin) le dintiúir, d'ainneoin aon iontaobhais, críche puiblí, eire no muirir a dheineann deifir don tséadchomhartha san— |
[EN] | (a) le haontú na gCoimisinéirí, na Coimisinéirí do cheapa chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san, no | |
[EN] | (b) le haontú an údaráis áitiúla gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an séadchomhartha san suidhte, an t-údarás áitiúil sin do cheapa chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san. | |
[EN] | (2) Pé uair a ceapfar údarás áitiúil le dintiúir fén alt so chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an ceapa san agus cineál agus suidheamh an tséadchomhartha do chur in úil do sna Coimisinéirí láithreach. | |
[EN] | (3) I gcás na Coimisinéirí no údarás áitiúil do cheapa le dintiúir fén alt so chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta, leanfaidh as san na nithe seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) leanfaidh únaereacht an tséadchomhartha san de bheith dílsithe san té is únaer ar an séadchomhartha san de thurus na huaire chun an estáit agus an leasa chéanna do bheadh inti agus fé réir na n-iontaobhas, na gcrícheanna puiblí, na n-eirí, agus na muirear gcéanna do bheadh ag gabháil léi dá mba ná déanfaí an dintiúir sin ach beidh sí fé réir na bpríbhléid, na gcomhacht, agus na ndualgas a bhronnann no chuireann an tAcht so ar na Coimisinéirí no ar an údarás áitiúil sin (pe'ca aca é); | |
[EN] | (b) beidh an dintiúir sin ina cheangal ar an únaer a dhéanfaidh é agus ar gach duine bheidh ag éileamh ina dhiaidh sin tríd an únaer sin no fé agus ar gach duine eile do bheadh an uair sin, no do thiocfadh chun bheith ina dhiaidh sin, fé cheangal ag leithliú do déanfaí ar an séadchomhartha san ar n-a dhíol ar chomaoine luachmhair don únaer sin díreach roimh an dintiúir sin do dhéanamh agus fós beidh sé ina cheangal ar gach duine bheidh an uair sin i dteideal eire no muirir ar an talamh san, no ar dhuine ar bith a bheidh ag éileamh tré no fé dhuine ar bith den tsórt san; | |
[EN] | (c) duine ar bith a thiocfaidh chun bheith ina únaer ar an séadchomhartha san tar éis an dintiúir sin do bheith déanta agus ná beidh fé cheangal an dintiúra san, féadfa sé, aon uair, le linn é bheith ina únaer amhlaidh, deire do chur le caomhnóireacht na gCoimisinéirí no an údaráis áitiúla san (pe'ca aca é), maidir leis an séadchomhartha san, tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) go bhfuil sé ag cur deire léi, ach mara dtugtar agus go dtí go dtabharfar an fógra san amhlaidh leanfaidh an chaomhnóireacht san chó hiomlán is dá mbeadh an t-únaer sin fé cheangal an dintiúra san. | |
[EN] |
Caomhnóireacht fé achtacháin athghairmthe. |
6. —I gcás na Coimisinéirí no údarás áitiúil do bheith, díreach roimh an Acht so do rith, ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta de bhua dintiúra do rinneadh fé Acht a hathghairmtear leis an Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) beidh an dintiúir sin ina cheangal ar gach duine ar a mbeadh sé ina cheangal dá mba ná rithfí an tAcht so; | |
[EN] | (b) beidh ag an únaer (mar a mínítear é leis an Acht fé n-ar dineadh an dintiúir sin) an t-estát, an ceart, an teideal, agus an leas céanna, ar gach slí, sa tséadchomhartha san agus chuige, do bheadh aige dá mba ná déanfaí na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil, pe'ca aca é, do cheapa amhlaidh mar chaomhnóirí don tséadchomhartha san: | |
[EN] | (c) leanfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil, pe'ca aca é, de bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san de bhua an dintiúra san go dtí go gcuirfear deire leis an gcaomhnóireacht san tré únaer ar an séadchomhartha san, ná beidh fé cheangal an dintiúra san, do thabhairt fógra i scríbhinn do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil, pe'ca aca é; | |
[EN] | (d) d'ainneoin éinní atá san alt so beidh ag na Coimisinéirí no ag an údarás áitiúil, pe'ca aca é, gach comhacht, príbhléid agus dualgas, maidir leis an séadchomhartha san, a bronntar no a cuirtear ortha leis an Acht so maidir le séad-chomharthaí náisiúnta dar caomhnóirí iad. | |
[EN] |
Caomhnóireacht d'aistriú chun na gCoimisinéirí. |
7. —(1) Má ceaptar údarás áitiúil, le dintiúir fén Acht so, chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, le toiliú únaera an tséadchomhartha san agus le toiliú na gCoimisinéirí, an chaomhnóireacht san d'aistriú chun na gCoimisinéirí le dintiúir agus, ar bheith déanta don aistriú san amhlaidh, beidh ag an dintiúir sin le n-ar ceapadh an t-údarás áitiúil sin chun bheith ina gcaomhnóirí amhlaidh éifeacht feasta fén Acht so fé is dá ndeirtí ann na Coimisinéirí do cheapa chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san. |
[EN] | (2) I gcás na Coimisinéirí do bheith ceaptha le dintiúir fén Acht so, no fé Acht a hathghairmtear leis an Acht so, chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú únaera an tséadchomhartha san agus le toiliú an údaráis áitiúla gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an séadchomhartha san suidhte, an chaomhnóireacht san d'aistriú chun an údaráis áitiúla san le dintiúir agus, ar bheith déanta don aistriú san amhlaidh, beidh ag an dintiúir le n-ar ceapadh na Coimisinéirí chun bheith ina gcaomhnóirí amhlaidh éifeacht feasta mar dhintiúir fén Acht so ag ceapa an údaráis áitiúla san chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san. | |
[EN] |
Orduithe buanchimeádtha. |
8. —(1) Más léir don Aire, o thuarasgabháil a dhein an Chomhairle Chomhairlitheach no ar aon tslí eile, séadchomhartha atá, dar leis, ina shéadchomhartha náisiúnta do bheith i mbaol a scriosta, a dhíobháluithe, no a aistrithe, no do bheith á scriosa, á dhíobhálú, no á aistriú, no do bheith ag tuitim as a chéile tré fhaillí, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú buanchimeádtha san Acht so), a chur in iontaoibh na gCoimisinéirí an séadchomhartha san do bhuan-chimeád. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle leis an gComhairle Chomhairlitheach, ordú buanchimeádtha do cheiliúra uair ar bith. | |
[EN] | (3) Déanfar gach ordú buan-chimeádtha agus gach ordú le n-a gceiliúrfar ordú buan-chimeádtha do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin i nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha i nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do deineadh fé roimhe sin. | |
[EN] |
Eifeacht orduithe buanchimeádtha. |
9. —Nuair a déanfar ordú buan-chimeádtha maidir le séadchomhartha náisiúnta, ansan, go dtí go gceiliúrfar an t-ordú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh an tséadchomhartha san, sé sin le rá:— |
[EN] | (1) féadfaidh oifigeach ar bith do sna Coimisinéirí a bheidh údaruithe go cuibhe acu chuige sin an séadchomhartha náisiúnta san d'iniúcha agus do scrúdú uair ar bith agus féadfa sé chun na críche sin dul isteach ar an séadchomhartha san agus ar aon tailte no in aon áitreabhacha eile; | |
[EN] | (2) mara mbeidh an séadchomhartha san ar seilbh mar áit chomhnaithe ag duine eile seachas duine ar fostú mar airigheach air no líntighe an duine sin féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo san do dhéanamh, iad féin do cheapa mar chaomhnóirí don tséadchomhartha san le hordú ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire; | |
[EN] | (3) ordú ar bith a dhéanfaidh na Coimisinéirí á gceapa féin mar chaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta leanfa sé i bhfeidhm faid a leanfaidh an t-ordú buanchimeádtha maidir leis an séadchomhartha san i bhfeidhm agus bronnfaidh agus cuirfidh ar na Coimisinéirí, faid a leanfaidh i bhfeidhm amhlaidh, na comhachta agus na dualgaisí céanna, i dtaobh an tséadchomhartha san, do bheadh acu dá ndeintí iad do cheapa mar chaomhnóirí dho le dintiúir fén Acht so. | |
[EN] |
Séadchomhartha náisiúnta do bhronna ar na Coimisinéirí no ar údarás áitiúil. |
10. —Duine ar bith ag a mbeidh seisin no seilbh ar shéadchomhartha náisiúnta chun estáit no leasa ar bith, féadfa sé (fé réir aon tsriantachta forchuirtear no ceada is gá do réir dlí) an séadchomhartha náisiúnta san do leithliú no do thiomna le dintiúir no le huacht, chó fada leis an estát no leis an leas san uile aige ann, do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an séadchomhartha san suidhte, agus féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin an leithliú no an tiomna san do ghlaca no do shéana, fé mar is rogha leo. |
[EN] |
Na Coimisinéirí do thógaint séadchomharthaí náisiúnta chucha. |
11. —(1) Le toiliú an Aire féadfaidh na Coimisinéirí go héigeanta no tré chó-aontú séadchomhartha náisiúnta ar bith do thógaint chucha is dó leo is oiriúnach a thógaint chucha, agus féadfaidh na Coimisinéirí séadchomhartha náisiúnta do thógaint chucha amhlaidh pe'ca bheid féin no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí dho no ná beid agus pe'ca bheidh ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm ina thaobh no ná beidh. |
[EN] | (2) Chun na Coimisinéirí do thógaint séadchomhartha náisiúnta chucha fén alt so déanfar Achtanna na gClásanna Talmhan d'ionchorparú leis an Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní hionchorparófar leis an Acht so na forálacha bhaineann le barrachas talmhan do dhíol agus le feidhm do bhaint as an Acht speisialta agus as alt 133 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (alt a bhaineann le cáin ar thalamh agus le ráta na mbocht), agus | |
[EN] | (b) i léiriú an Achta so agus na nAchtanna ionchorparuithe tuigfear gurb é an tAcht so an tAcht speisialta agus tuigfear gurb iad na Coimisinéirí bunuitheoirí an ghnótha, agus | |
[EN] | (c) is fé chó-shéala na gCoimisinéirí bheidh an banna is gá do réir alt 85 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, agus beidh an banna san ina leor-bhanna gan na hurraithe luaidhtear san alt san do bheith ann, agus | |
[EN] | (d) na rialacha atá in alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, bainfid leis an gcás tar éis a n-atharuithe i slí, nuair a bheidh riail (2) de sna rialacha san á chur i mbaint leis an gcás, ná bacfar leis an méid is fiú rud ar n-a dhíol chun a easportálta agus dá réir sin go léireofar an abairt “sold in the open market” sa riail sin mar ní ná baineann ach le rud do dhíol chun a choinnithe i Saorstát Éireann, agus ná lomhálfar éinní mar gheall ar gur mór ag duine an rud san toisc baint phearsanta do bheith aige leis. | |
[EN] | (3) Sa mhéid go gceadóidh an tAire é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an praghas no an eúiteamh is iníoctha ar thógaint séadchomhartha náisiúnta fén alt so agus na costaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí i dtaobh na tógainte sin. | |
[EN] | (4) Ní thógfaidh na Coimisinéirí chucha fén alt so, gan toiliú Choimisiún Talmhan na hÉireann, séadchomhartha náisiúnta ar bith a bheidh ar thalamh no is cuid de thalamh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh no 'nar deineadh có-aontú talamh-cheannaigh ina thaobh no a bheidh dílsithe no á dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann. |