|
||||
|
ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V. Ceadunaisi Airithe Earrai Ceannaiochta agus Ceadunaisi Airithe Paisneura D'Aistriu go hEigeanta, agus Srianta le hOibriu Ceadunaisi Airithe Earrai Ceannaiochta. | |
| [EN] |
Ceadúnaisí earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana agus ceadúnaisí paisneura bliantúla le n-a mbaineann Cuid V. |
50. —(1) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, nách ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta no ag duine go bhfuil a ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta. |
| [EN] | (2) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas paisneura, nách ceadúnas paisneura atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar no ag duine go bhfuil a bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar. | |
| [EN] |
Iarratas ar orduithe chun ceadúnaisí áirithe earraí ceannaíochta agus ceadúnaisí áirithe paisneura d'aistriú, etc. |
51. —(1) Féadfaidh aon chuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air— |
| [EN] | (a) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun ceadúnais áirithe earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun na cuideachtan san, no | |
| [EN] | (b) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun na saghas earraí ceannaíochta luaidhtear i gceadúnas áirithe earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do laigheadú, no | |
| [EN] | (c) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun an líomatáiste oibriúcháin a luaidhtear i gceadúnas áirithe earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do laigheadú. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh aon chuideachta údaruithe chun paisnéirí d'iompar, am ar bith (ach amháin i rith na tréimhse thosnóidh i gcionn bliana o dháta an Achta so do rith agus a chríochnóidh i gcionn trí mblian ón dáta san), iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air ordú do dhéanamh chun ceadúnais áirithe phaisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun na cuideachtan san. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun an cheadúnais sin d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas phaisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun an cheadúnais sin d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun paisnéirí d'iompar. | |
| [EN] | (5) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann. | |
| [EN] | (6) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
| [EN] | (a) foillseoidh an tAire fógra i dtaobh an iarratais sin san Iris Oifigiúil ; | |
| [EN] | (b) féadfaidh éinne, laistigh de cheithre lá déag tar éis an fhoillsithe sin, cúis do phlé leis an Aire maidir leis an iarratas san. | |
| [EN] | (7) Íocfar leis an Aire alos gach iarratais a déanfar fén alt so táille de pé méid a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, agus beidh íoc na táille sin (a coinneofar pe'ca géillfear don iarratas no ná géillfear) ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san. | |
| [EN] |
Orduithe do dhéanamh fé Chuid V. |
52. —(1) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo— |
| [EN] | (a) más iarratas ar ordú chun an cheadúnais sin d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun earraí céannaíochta d'iompar an t-iarratas san, féadfaidh ordú (dá ngairmtear ordú aistriúcháin san Acht so) do dhéanamh chun an cheadúnais sin d'aistriú chun na cuideachtan san ; no | |
| [EN] | (b) más iarratas ar ordú chun na saghas earraí ceannaíochta luaidhtear sa cheadúnas san do laigheadú an t-iarratas san, féadfaidh ordú (dá ngairmtear ordú laigheadúcháin san Acht so) do dhéanamh chun na saghas san do laigheadú go dtí na saghsanna earraí ceannaíochta luadhfar san ordú san ; no | |
| [EN] | (c) más iarratas ar ordú chun an líomatáiste oibriúcháin a luaidhtear sa cheadúnas san do laigheadú an t-iarratas san, féadfaidh ordú (dá ngairmtear freisin ordú laigheadúcháin san Acht so) do dhéanamh chun an líomatáiste sin do laigheadú go dtí an líomatáiste luadhfar san ordú san. | |
| [EN] | (2) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo ag lorg orduithe chun ceadúnais phaisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun paisnéirí d'iompar féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, ordú (dá ngairmtear freisin ordú aistriúcháin san Acht so) do dhéanamh chun an cheadúnais sin d'aistriú chun na cuideachtan san. | |
| [EN] | (3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so go ceann ceithre lá déag tar éis an dáta ar a bhfoillseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh an iarratais gur dá réir a bheidh an t-ordú san á dhéanamh, ná go dtí go mbreithneoidh aon chúiseanna pléidhfear maidir leis an iarratas. | |
| [EN] | (4) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so maran dóich leis é do bheith oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht an t-ordú san do dhéanamh. | |
| [EN] |
Oibriú ordú aistriúcháin agus ordú laigheadúcháin. |
53. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú aistriúcháin, chun ceadúnais earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no ordú aistriúcháin, chun ceadúnais phaisneura d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun paisnéirí d'iompar, beidh an ceadúnas a bheidh á aistriú leis an ordú san beidh sé, ar an dáta luadhfar san ordú san, aistrithe chun na cuideachtan údaruithe sin chun earraí ceannaíochta d'iompar no chun na cuideachtan údaruithe sin chun paisnéirí d'iompar (pe'ca aca é). |
| [EN] | (2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú laigheadúcháin chun na saghas earraí ceannaíochta luaidhtear i gceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana do laigheadú, déanfaidh an ceadúnas san, ón dáta luadhfar san ordú san, a údarú don cheadúnaí gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige alos na saghas earraí ceannaíochta luadhfar san ordú san agus also na saghas san amháin. | |
| [EN] | (3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú laigheadúcháin chun an líomatáiste oibriúcháin a luaidhtear i gceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana do laigheadú, déanfaidh an ceadúnas san, ón dáta luadhfar san ordú san, a údarú don cheadúnaí gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige sa líomatáiste luadhfar san ordú san agus sa líomatáiste sin amháin. | |
| [EN] |
Cúiteamh ar cheadúnaisí d'aistriú, etc. |
54. —Pé uair a déanfar ordú aistriúcháin maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana no maidir le ceadúnas paisneura no a déanfar ordú laigheadúcháin maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, beidh cúiteamh iníoctha leis an duine ba cheadúnaí fén gceadúnas san díreach roimh an ordú san do dhéanamh agus isé duine ag á mbeidh san iníoctha ná, i gcás orduithe aistriúcháin, an duine chun a n-aistrítear an ceadúnas san de bhuadh an orduithe aistriúcháin sin no, i gcás orduithe laigheadúcháin, an duine gur ar a iarratas a rinneadh an t-ordú laigheadúcháin sin, agus isé cuma ina measfar an cúiteamh san ná do réir na cailliúna airgid agus an chostais (más ann dóibh) a thárlann no thárlóidh don duine sin a céad-luaidhtear no fé n-a dtéigheann sé no fé n-a ragha sé mar gheall ar an ordú san agus go díreach de dhruim an orduithe sin. |
| [EN] |
An cúiteamh do chinneadh. |
55. —I gcás gan có-aontú do dhéanamh, maidir le méid an chúitimh is iníoctha le ceadúnaí fén alt deiridh sin roimhe seo, idir an ceadúnaí sin agus an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an cúiteamh san d'íoc, cinnfidh agus socróidh cadrascánaí ceapfar fén gCuid seo den Acht so méid an chúitimh sin agus beidh breith an eadrascánaí sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi. |
| [EN] |
Eadrascánaí do cheapadh. |
56. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén gCuid seo den Acht so maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana no maidir le ceadúnas paisneura, déanfaidh an tAire, i gcás gan an té is ceadúnaí fén gceadúnas san agus an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so cúiteamh d'íoc leis an gceadúnaí sin alos an orduithe sin do chó-aontú maidir le méid an chúitimh sin, a iarraidh ar an gCoiste Réitigh duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear eadrascánaí sa Chuid seo den Acht so) do cheapadh chun méid an chúitimh sin do shocrú agus déanfaidh an Coiste Réitigh do réir an iarratais sin. |
| [EN] | (2) San alt so cialluíonn an abairt “an Coiste Réitigh” coiste ar a mbeidh an Prímh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte agus oifigeach don Aire a cheapfaidh an tAire. | |
| [EN] |
Costaisí ceadúnaithe maidir le headrascáin. |
57. —(1) I gcás eadrascánaí do mholadh cúitimh in aon eadrascán a bheidh os a chóir chun cúitimh do shocrú fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an t-eadrascánaí sin, más oiriúnach leis é, pé suim a bheidh réasúnta dar leis do mholadh don duine bheidh i dteideal an chúitimh sin, i dteanta an chúitimh sin, chun glanta costaisí an duine sin maidir leis an eadrascán san, agus beidh aon tsuim a molfar amhlaidh iníoctha ag an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an cúiteamh san d'íoc. |
| [EN] | (2) I gcás— | |
| [EN] | (a) ordú aistriúcháin no ordú laigheadúcháin do dhéanamh maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana ar iarratas cuideachtan údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no ordú aistriúcháin do dhéanamh maidir le ceadúnas paisneura ar iarratas cuideachtan údaruithe chun paisnéirí d'iompar, agus | |
| [EN] | (b) gan eadrascánaí, in eadrascán a bheidh os a chóir chun an chúitimh do shocrú is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an orduithe sin leis an té is ceadúnaí fén gceadúnas san, do mholadh cúitimh, | |
| [EN] | féadfaidh an t-eadrascánaí sin, más oiriúnach leis é, pé suim a bheidh réasúnta dar leis do mholadh don cheadúnaí sin chun glanta costaisí an cheadúnaí sin maidir leis an eadrascán san, agus beidh aon tsuim a molfar amhlaidh iníoctha ag an gcuideachtain gur ar a n-iarratas do rinneadh an t-ordú san. | |
| [EN] |
Méid an mholta do bhaint amach. |
58. —Má dheineann eadrascánaí moladh fén gCuid seo den Acht so, ansan, an duine bheidh i dteideal fén gCuid seo den Acht so méid an mholta san d'fháil féadfaidh méid an mholta san do bhaint, mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla, den duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an méid sin d'íoc. |
| [EN] |
Luach saothair eadrascánaí. |
59. —Íocfar le headrascánaí, alos gach eadrascáin a bheidh os a chóir chun cúitimh do shocrú fén gCuid seo den Acht so, pé luach saothair a cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgid, agus isé duine íocfaidh an luach saothair sin ná, i gcás an eadrascánaí sin do mholadh cúitimh, an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an cúiteamh san d'íoc no, i gcás gan an t-eadrascánaí sin do mholadh cúitimh, an duine dhlighfeadh fén gCuid seo den Acht so, dá moltaí cúiteamh san eadrascán san, an cúiteamh san d'íoc, agus féadfaidh an t-eadrascánaí sin méid an luach saothair sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla. |
| [EN] |
Comhachta eadrascánaí. |
60. —(1) Beidh ag gach eadrascánaí ceapfar fén gCuid seo den Acht so comhacht, tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, chun fínnithe do ghairm agus chun a cheangal ar dhaoine leabhair agus scríbhinní eile do thabhairt i láthair, agus éinne gairmfear amhlaidh agus go dteipfidh air teacht i láthair no a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt i láthair an eadrascánaí sin agus éinne go dteipfidh air aon leabhar no scríbhinn eile no a dhiúltóidh d'aon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair a bheidh ceangailte air amhlaidh do thabhairt i láthair beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air. |
| [EN] | (2) Fianaise bhéarfar i láthair eadrascánaí ceapfar fén gCuid seo den Acht so déanfar, má dheineann an t-eadrascánaí sin a cheangal amhlaidh í do thabhairt fé mhionn (agus tugtar comhacht leis seo don eadrascánaí sin daoine do chur fén mionn san) agus éinne bhéarfaidh fianaise bhréagach i láthair aon eadrascánaí den tsórt san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin. |