|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Meid an Chuitimh, agus Iocaiochtai Seachtainiula d'Athscrudu agus d'Fhuascailt.) |
ACHT UM CHUIT EAMH DO LUCHT OIBRE, 1934
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Cuiteamh i nDiobhail Phearsanta do Lucht Oibre agus Freagarthacht inti. | |
[EN] |
Fostóirí do bheith freagarthach do lucht oibre i ndíobháil. |
15. —(1) Má deintear in aon fhostaíocht díobháil phearsanta d'oibrí de dheascaibh agus i gcúrsa na fostaíochta dlighfidh a fhostóir, fé réir forálacha an Achta so, cúiteamh d'íoc do réir forálacha an Achta so. |
[EN] | (2) Más bás no mí-chumas mór buan a thiocfaidh d'oibrí as tionóisc tuigfear chun crícheanna an Achta so gur de dheascaibh agus i gcúrsa a fhostaíochta do thárla an tionóisc sin d'ainneoin an oibrí sin do bheith, le linn na tionóisce sin do thárlachtaint, ag gníomhú contrárdha d'aon rialachán reachtúil no rialachán eile bhaineann le n-a fhostaíocht no contrárdha d'aon orduithe do thug a fhostóir uaidh no tugadh thar ceann a fhostóra no ag gníomhú gan ordú ó n-a fhostóir más chun críche trádála no gnótha a fhostóra agus maidir leis do rinne an t-oibrí sin an gníomh san. | |
[EN] |
Gan an fostóir do bheith freagarthach i gcásanna áirithe. |
16. —(1) Ní bheidh fostóir freagarthach fén Acht so alos aon díobhála ná cuirfidh oibrí ar feadh tréimhse trí lá ar a laighead o bheith ábalta ar lán-phágh do thuilleamh san obair ina raibh sé ar fostú le linn na díobhála san d'eirghe dho. |
[EN] | (2) Ní bheidh fostóir freagarthach fén Acht so alos aon díobhála d'aon oibrí 'na gcruthófar gurbh é mí-iompar mór toiliúil an oibrí sin fé ndeár í mara dtagaidh bás no mí-chumas mór buan an oibrí sin de dheascaibh na díobhála san. | |
[EN] |
Toirmeasc ar chonnradh do dhéanamh chun dul saor ón Acht so. |
17. —(1) Aon chonnradh idir fostóir agus éinne dá lucht oibre le n-a gcuirtear forálacha eile in ionad forálacha an Achta so, pe'ca roimh thosach feidhme an Achta so no dá éis sin do rinneadh é, beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, gan brí gan éifeacht. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an t-alt so le connradh ar bith a húdaruítear do dhéanamh fé sna forálacha den Acht so bhaineann le malairtiú freagarthachta fé scéim freagarthachta fén Acht so. | |
[EN] |
Daoine i dteideal cúitimh. |
18. —(1) Má bhíonn cúiteamh iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí nár thrúig bháis do íocfar an cúiteamh leis an oibrí sin no cuirfear é, sa tslí foráltar leis an Acht so, chun tairbhe don oibrí sin. |
[EN] | (2) Má bhíonn cúiteamh iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí ba thrúig bháis do— | |
[EN] | (a) déanfar mar leanas le pé méid (más aon mhéid é) den chúiteamh san gurb é an chnap-shuim do dhaoine fásta é— | |
[EN] | (i) i gcás gan é d'fhágaint ach aon chleithiúnaí fásta amháin ina dhiaidh, íocfar é leis an gcleithiúnaí sin no cuirfear é, sa tslí foráltar leis an Acht so, chun tairbhe don chleithiúnaí sin; | |
[EN] | (ii) i gcás é d'fhágaint beirt chleithiúnaithe fásta no níos mó ina dhiaidh, dáileofar é ar na cleithiúnaithe sin i pé cionúireachtaí ordóidh an Chúirt, agus an méid a dáileofar amhlaidh chun aon chleithiúnaí íocfar é leis an gcleithiúnaí sin no cuirfear é, sa tslí foráltar leis an Acht so, chun tairbhe don chleithiúnaí sin; | |
[EN] | (b) déanfar mar leanas le pé méid (más aon mhéid é) den chúiteamh san gurb é an chnap-shuim do leanbhaí é— | |
[EN] | (i) i gcás gan é d'fhágaint ach aon chléithiúnaí óg amháin ina dhiaidh, cuirfear é chun tairbhe don chleithiúnaí sin sa tslí foráltar leis an Acht so; | |
[EN] | (ii) i gcás é d'fhágaint beirt chleithiúnaithe óga no níos mó ina dhiaidh, cuirfear é chun tairbhe do sna cleithiúnaithe sin sa tslí foráltar leis an Acht so; | |
[EN] | (c) mara bhfága sé cleithiúnaí fásta ná cleithiúnaí óg ina dhiaidh, íocfar an cúiteamh san le n-a ionadaí pearsanta no, mara mbeidh aon ionadaí den tsórt san aige, íocfar é leis na dacine go mbeidh na costaisí freastail leighis agus adhlacain ag dul dóibh agus san i pé scaireanna ordóidh an Chúirt cheal có-aontuithe idir na daoine sin. | |
[EN] | (3) I gcás cúiteamh gurb é bheidh ann, ar fad no go leathrannach, ná an chnap-shuim do dhaoine fásta do bheith iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí ba thrúig bháis don oibrí sin agus an t-oibrí sin d'fhágaint lán-chleithiúnaithe fásta agus páirtchleithiúnaithe fásta ina dhiaidh ní léireofar ní ar bith san Acht so mar ní thoirmeascann an chnap-shuim do dhaoine fásta do dháiliú go leathrannach chun na lán-chleithiúnaithe sin agus go leathrannach chun na bpáirt-chleithiúnaithe sin. | |
[EN] | (4) I gcás cleithiúnaí fásta no cleithiúnaí óg d'éag sara ndeintear éileamh fén Acht so no, má bhíonn éileamh déanta, sara ndeintear moladh, ní bheidh ceart ar bith ag ionadaí pearsanta dlíthiúil an chleithiúnaí chun cúitimh d'íoc leis agus déanfar méid an chúitimh d'áireamh agus do dháiliú fé is dá n-éagadh an cleithiúnaí roimh an oibrí. | |
[EN] |
Fo-chonnartha do dhéanamh. |
19. —(1) Má dheineann duine ar bith (dá ngairmtear an príomh-pháirtí san alt so), i gcúrsa no chun críche a thrádála no a ghnótha, connradh le duine ar bith eile (dá ngairmtear an connarthóir san alt so) chun go ndéanfadh an connarthóir, no chun go ndeanfaí fén gconnarthóir iomlán aon oibre no aon chuid d'aon obair a geobhaidh an príomh-pháirtí de láimh, dlighfidh an príomh-pháirtí, fé réir forálacha an ailt seo, íoc do dhéanamh, le hoibrí ar bith a bheidh ar fostú chun aon obair den tsórt san do dhéanamh, in aon chúiteamh fén Acht so do dhlighfeadh d'íoc dá mba aige féin do bheadh an t-oibrí sin ar fostú. |
[EN] | (2) Má dheineann oibrí, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo, cúiteamh d'éileamh ar an bpríomh-pháirtí no imeachta do bhunú ina aghaidh, déanfar tagairtí san Acht so d'fhostóir an oibrí sin do léiriú mar thagairtí don phríomh-pháirtí ach déanfar méid an chúitimh d'áireamh do réir thuillimh an oibrí fén gconnarthóir. | |
[EN] | (3) Más le bualadh, le treabhadh no le hobair thalmhaíochta eile bhaineann an connradh idir an príomh-pháirtí agus an connarthóir agus má dheineann an connarthóir meaisínteacht a tiomáintear le hinneall-chomhacht do sholáthar agus d'úsáid chun críche na hoibre sin, isé an connarthóir amháin a dhlighfidh fén Acht so cúiteamh d'íoc le haon oibrí bheidh ar fostú aige san obair sin. | |
[EN] | (4) Má dhligheann príomh-pháirtí de bhuadh an ailt seo cúiteamh d'íoc le hoibrí beidh sé i dteideal a shlánuithe, in aghaidh na freagarthachta san, ag duine ar bith do dhlighfeadh an cúiteamh san d'íoc gan spleáchas leis an alt so, agus cheal có-aontuithe isí an Chúirt a shocróidh gach ceist a bhaineann leis an gceart chun na slánaíochta san agus le n-a méid. | |
[EN] | (5) Ní oibreoidh an t-alt so chun oibrí do thoirmeasc ar chúiteamh fén Acht so do bhaint den chonnarthóir in ionad é do bhaint den phríomh-pháirtí. | |
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag an alt so in aon chás inar thárla an tionóisc ba bhun leis an éileamh ar chúiteamh in aon áit seachas san áitreabh no timpeal an áitreibh gur ghaibh an príomhpháirtí de láimh an obair do dhéanamh ann no do bhí fé n-a stiúradh no fé n-a bhainistí ar shlí ar bith eile. | |
[EN] |
Fostóir do ghnó-bhriseadh. |
20. —(1) I gcás connradh (dá ngairmtear connradh árachais san alt so) do bheith déanta ag aon fhóstóir le haon árachóirí i dtaobh freagarthachta ar bith fén Acht so a bheidh ar an bhfóstóir sin d'oibrí ar bith, ansan, má thagann an fostóir sin chun bheith gnó-bhriste no má dheineann socrú no réiteach le n-a chreidteoirí no más rud é, i gcás gur cuideachta an fostóir sin, go mbeidh tosnuithe ar ghnó na cuideachtan san do chríochnú no go mbeidh glacadóir no bainisteoir ceaptha go cuibhe do ghnó na cuideachtan san no go mbeidh seilbh tógtha, ag sealbhóirí no thar ceann sealbhóirí bintiúirí bheidh urruithe le muirear soghluaiste, ar aon mhaoin le n-a mbaineann an muirear san no bheidh fén muirear san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:— |
[EN] | (a) d'ainneoin éinní atá in aon achtachán déanfar cirt an fhostóra san i gcoinnibh na n-árachóirí sin maidir leis an bhfreagarthacht san d'aistriú chun an oibrí agus dílseoid ann agus, ar aon aistriú den tsórt san do dhéanamh, beidh ag na hárachóirí sin na cirt agus na leigheasanna céanna do bheadh acu, agus beidh ortha na freagarthachtaí céanna do bheadh ortha, dá mb'iad an fostóir iad, ach san i slí ná beidh aon fhreagarthacht ar na hárachóirí sin don oibrí thar mar do bheadh ortha don fhostóir, agus | |
[EN] | (b) más lugha freagarthacht na n-árachóirí ná freagarthacht an fhostóra don oibrí féadfaidh an t-oibrí an t-iarmhéid do chruthú sa ghnó-bhriseadh no sa ghnó-scaoileadh no féadfaidh an t-iarmhéid do bhaint den ghlacadóir no den bhainisteoir, pe'ca aca é. | |
[EN] | (2) I gcás gan connradh árachais do bheith déanta ag fostóir (is duine aonair), ansan, má thagann an fostóir sin chun bheith gnó-bhriste no má dheineann socrú no réiteach le n-a chreidteoirí, áirmheofar ar na fiacha nach foláir fé alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, iad d'íoc roimh na fiacha eile go léir le linn maoin agus sócmhainní duine ghnóbhriste no féichimh réitigh do bheith á roinnt, áirmheofar ortha an méid a bheidh dlite ar an bhfostóir sin mar gheall ar aon chúiteamh no freagarthacht i gcúiteamh fén Acht so agus d'fhás roimh dháta an orduithe bhreithiúnúcháin, i gcás an fostóir sin do theacht chun bheith gnó-bhriste, no roimh dháta cumhduithe na hachuinghe um réiteach, i gcás an fostóir sin do theacht chun bheith ina fhéicheamh réitigh. | |
[EN] | (3) I gcás gan connradh árachais do bheith déanta ag fostóir (is cuideachta), ansan, má bhíonn tosnuithe ar ghnó na cuideachtan do chríochnú áirmheofar ar na fiacha nách foláir, fé alt 209 den Companies (Consolidation) Act, 1908, iad d'íoc roimh na fiacha eile go léir le linn gnó cuideachtan do bheith á chríochnú, áirmheofar ortha an méid a bheidh dlite ar an gcuideachtain sin mar gheall ar aon chúiteamh no freagarthacht i gcúiteamh fén Acht so agus d'fhás roimh an dáta luaidhtear i bhfo-alt (5) den alt san 209. | |
[EN] | (4) Nuair ná beidh connradh árachais déanta ag fostóir (is cuideachta), ansan, má bhíonn glacadóir no bainisteoir ceaptha go cuibhe do ghnó na cuideachtan, no seilbh tógtha ag sealbhóirí no thar ceann sealbhóirí bintiúirí bheidh urruithe le muirear so-ghluaiste ar aon mhaoin le n-a mbaineann an muirear san no bheidh fén muirear san, áirmheofar ar na fiacha nách foláir fé alt 107 den Companies (Consolidation) Act, 1908, iad d'íoc roimh aon éileamh ar airgead colna no ar ús mar gheall ar bhintiúirí, airmheofar ortha an méid a bheidh dlite ar an gcuideachtain mar gheall ar aon chúiteamh no freagarthacht i gcúiteamh fén Acht so agus d'fhás roimh an dáta ar ar ceapadh an glacadóir no an bainisteoir no ar ar tógadh seilbh mar a luaidhtear san alt san 107. | |
[EN] | (5) Nuair is íocaíocht sheachtáiniúil an cúiteamh tuigfear, chun crícheanna fo-altanna (2), (3) agus (4) den alt so, gurb é méid atá dlite mar gheall air ná méid na cnap-shuime ar a bhféadfaí an íocaíocht sheachtainiúil d'fhuascailt dá mbeadh sí ionfhuascailte agus dá ndeineadh an fostóir iarratas chuige sin fén Acht so. | |
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag an alt so i gcás gnó cuideachtan do chriochnú go saor-thoileach chun na cuideachtan d'ath-chóiriú no do chó-nascadh le cuideachtain eile agus chuige sin amháin. |