An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cuiteamh i nDiobhail Phearsanta do Lucht Oibre agus Freagarthacht inti.) Ar Aghaidh (CUID IV. Coinniollacha i dTaobh Cuitimh.)

9 1934

ACHT UM CHUIT EAMH DO LUCHT OIBRE, 1934

CUID III.

Meid an Chuitimh, agus Iocaiochtai Seachtainiula d'Athscrudu agus d'Fhuascailt.

“Tuilleamh” agus “Meántuilleamh seachtainiúil”.

21. —Chun crícheanna na bhforálacha den Acht so bhaineann le “tuilleamh” agus le “meán-tuilleamh seachtainiúil” oibrí beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) áirmheofar meán-tuilleamh seachtainiúil sa tslí is fearr ina bhféadfar teacht ar ráta sheachtainiúil an luach saothair do bhí ag an oibrí;

(b) más rud é, toisc giorracht na haimsire do bhí an t-oibrí ar fostú ag á fhostóir no toisc an fhostaíocht do bheith ócáideach no toisc téarmaí na fostaíochta, gur ródheacair ar dháta na tionóisce an ráta luach saothair d'áireamh féadfar féachaint don mheán-mhéid sheachtainiúil do bhí, i gcaitheamh na bliana roimh an tionóisc, á thuilleamh ag duine sa ghrád chéanna agus é ar fostú san obair chéanna ag an bhfostóir gcéanna no, i gcás gan éinne do bheith ar fostú amhlaidh, ag duine sa ghrád chéanna agus é ar fostú sa tsaghas chéanna fostaíochta agus sa cheanntar chéanna;

(c) má rinne an t-oibrí connartha seirbhíse có-reathacha le beirt fhostóirí no níos mó agus má bhí sé ag obair fé sna connartha san ag fostóir acu san seal agus ag fostóir eile acu seal eile, áirmheofar a mheán-tuilleamh seachtainiúil fé is dá mba thuilleamh i bhfostaíocht an fhostóra dá raibh sé ag obair le linn na tionóisce a thuilleamh fé sna connartha san uile;

(d) tuigfear go gcialluíonn bheith ar fostú ag an bhfostóir gcéanna bheith ar fostú ag an bhfostóir gcéanna sa ghrád ina raibh an t-oibrí ar fostú le linn na tionóisce, gan bearna i dtréimhse na fostaíochta de dhruim bheith as láthair o obair de dheascaibh breoiteachta no aon chúise do-sheachanta eile;

(e) má ba ghnáth leis an bhfostóir suim d'íoc leis an oibrí in aghaidh aon chostaisí speisialta bhíodh ar oibrí toisc cineál na fostaíochta ní háirmheofar mar chuid den tuilleamh an tsuim a híoctaí amhlaidh;

(f) ar an oibrí dá iarraidh sin ar an bhfostóir a dhlighfidh cúiteamh d'íoc bhéarfaidh an fostóir sin uaidh i scríbhinn liost de thuillimh an oibrí sin gur féidir méid an mhéan-tuillimh sheachtainiúla d'áireamh dá réir chun méid aon íocaíochta seachtainiúla fén Acht so do dhéanamh amach.

Cúiteamh i gcás bás do theacht as tionóisc.

22. —(1) I gcás cúiteamh do bheith iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí ba thrúig bháis don oibrí sin beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má fhágann an t-oibrí sin cleithiúnaí fásta ina dhiaidh ach ná fágfaidh aon chleithiúnaí óg isé bheidh sa chúiteamh ná cnap-shuim (dá ngairmtear an chnap-shuim do dhaoine fásta san Acht so) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(b) má fhágann an t-oibrí sin cleithiúnaí fásta ina dhiaidh agus fós cleithiúnaí óg isé bheidh sa chúiteamh ná—

(i) an chnap-shuim do dhaoine fásta, agus

(ii) cnap-shuim (dá ngairmtear an chnap-shuim do leanbhaí san Acht so) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(c) mara bhfágaidh an t-oibrí sin aon chleithiúnaí fásta ina dhiaidh ach go bhfágfaidh cleithiúnaí óg, isé bheidh sa chúiteamh ná cnap-shuim (dá ngairmtear freisin san Acht so an chnap-shuim do leanbhaí) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(d) mara bhfágaidh an t-oibrí cleithiúnaí fásta ná cleithiúnaí óg ina dhiaidh, isé bheidh sa chúiteamh ná cnap-shuim ná raghaidh thar cúig púint déag agus a bheidh cóionann le costaisí réasúnta an fhreastail liaghachta do rinneadh air agus an adhlactha tugadh do.

(2) Má rinneadh aon íocaíochtaí seachtainiúla dob iníoctha le hoibrí d'fhuascailt le hordú ón gCúirt no tré chó-aontú do rinneadh fén Acht so no má fuascladh, tré chó-aontú do rinneadh fén Acht so, an fhreagarthacht in íocaíochtaí seachtainiúla do dhéanamh no más rud é, i gcás fostóir do shéanadh a fhreagarthachta in íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh le hoibrí fén Acht so, go ndearna an fostóir sin agus an t-oibrí sin có-aontú fén Acht so le n-a ndearna an t-oibrí sin, i gcomaoin an fostóir sin d'íoc cnap-shuime leis an oibrí sin, an fostóir sin do shaoradh o n-a fhreagarthacht, má b'ann di, sna híocaíochtaí seachtainiúla san do dhéanamh agus más có-ionann le sé chéad púnt no más mó ná san an tsuim do híocadh alos na fuascailte no an tsaortha san (pe'ca aca é), ní féadfar aon chúiteamh fén Acht so do mholadh alos báis an oibrí sin.

Méid an chúitimh i gcás gan an duine d'fháil bháis.

23. —Má bhíonn cúiteamh iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí nár thrúig bháis don oibrí sin isé bheidh sa cúiteamh ná íocaíocht sheachtainiúil ar feadh tréimhse an mhí-chumais (ach amháin ar feadh an trí lá tosaigh de thréimhse an mhí-chumais sin más giorra ná ceithre seachtaine an tréimhse sin) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Mí-chumas leathrannach d'áireamh mar mhí-chumas iomlán.

24. —(1) Má thárlann d'oibrí 'na mbeidh téarnuithe aige ón díobháil chó fada le bheith oiriúnach ar shaghas áirithe oibre do dhéanamh, go dteipfidh air obair d'fháil agus má chítear don Chúirt—

(a) gur dócha, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go mbeadh ar chumas an oibrí, mara mbeadh iarsmaí na díobhála do bheith fós air, obair d'fháil sa ghrád chéanna sa chineál chéanna fostaíochta ina raibh sé roimh an tionóisc; no

(b) gurb í an díobháil amháin no gurb í is mó fé ndeár é theip air obair d'fháil,

ansan, fé réir forálacha an ailt seo, ordóidh an Chúirt mí-chumas an oibrí d'áireamh mar mhí-chumas iomlán, de dheascaibh na díobhála, ar feadh pé tréimhse agus fé réir pé coinníollacha a socrófar leis an ordú, ach san gan dochar don cheart athscrúduithe bronntar leis an Acht so.

(2) Ní déanfar ordú ar bith fén alt so más dóich leis an gCúirt ná dearna an t-oibrí gach ní réasúnta chun oibre d'fháil.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so déanfar é fé réir an choinníll go scuirfe sé de bheith i bhfeidhm má gheibheann an t-oibrí sochar díomhaointis

(4) Féadfar ordú fén alt so do dhéanamh d'ainneoin aon ordú no orduithe do bheith déanta cheana maidir leis an oibrí céanna alos na díobhála céanna.

Ath-scrúduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.

25. —(1) Má bhíonn oibrí ag fáil iocaíochta seachtainiúla féadfaidh an Chúirt, ar n-a iarraidh sin don fhostóir no don oibrí, an íocaíocht sheachtainiúil sin d'ath-scrúdú agus ar an ath-scrúdú san do dhéanamh féadfaidh an íocaíocht sheachtainiúil sin do dhaingniú, do chur ar ceal, do laigheadú no do mhéadú, ach ní mhéadóidh sí an íocaíocht sheachtainiúil sin thar an méid maximum a foráltar fén Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) I gcás an t-oibrí do bheith fé bhun bliain is fiche d'aois ar dháta na tionóisce agus an t-ath-scrúdú do dhéanamh breis agus sé mhí tar éis na tionóisce agus an t-ath-scrúdú d'iarraidh roimh bhliain is fiche do bheith slán ag an oibrí no laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin, féadfar méid na híocaíochta seachtainiúla do mhéadú go dtí pé méid do molfaí dá mbeadh an t-oibrí le linn na tionóisce ag tuilleamh na suime seachtainiúla is dócha do bheadh á tuilleamh aige ar dháta an ath-scrúduithe dá mbeadh sé gan díobháil do dhéanamh do.

(3) Má deintear an t-ath-scrúdú breis agus sé mhí tar éis na tionóisce agus má deirtear agus má cruthuítear, dá mbeadh an t-oibrí gan díobháil do dhéanamh do agus dá leanadh sé air i bhfostaíocht den tsaghas chéanna ina raibh sé ar dháta na tionóisce, go mbeadh a mheán-tuilleamh seachtainiúil i rith na bliana díreach roimh an ath-scrúdú breis agus fiche per cent. níos mó no níos lugha, toisc atharuithe ar rátaí luach saothair, ná a mheán-tuilleamh seachtainiúil i rith na bliana roimh an tionóisc no, má hatharuíodh an íocaíocht sheachtainiúil roimhe sin tar éis ath-scrúduithe, i rith na bliana roimh an ath-scrúdú san no roimh an ath-scrúdú deiridh den tsórt san, atharófar an íocaíocht sheachtainiúil i slí go mbeidh sí mar do bheadh sí i gcás na rátaí luach saothair do bhí i bhfeidhm i rith na bliana roimh an athscrúdú do bheith i bhfeidhm i rith na bliana roimh an tionóisc.

Srian le fostóir do chur íocaíochtaí seachtainiúla ar ceal no i laighead.

26. —(1) Ní bheidh fostóir i dteideal íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal ná do laigheadú ach amháin fé ordú ón gCúirt no fé chó-aontú atharúcháin a bheidh cláruithe go cuibhe fé Chuid VI den Acht so no fén alt so agus dá réir.

(2) Beidh fostóir i dteideal íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal no do laigheadú sna cásanna so leanas—

(a) i gcás oibrí do gheibheann íocaíocht sheachtainiúil alos mí-chumais iomláin do dhul thar n-ais chun oibre;

(b) i gcás tuilleamh seachtainiúil oibrí, do gheibheann íocaíocht sheachtainiúil alos mí-chumais leathrannaigh, do mhéadú.

(3) I gcás é bheith deimhnithe ag an dochtúir, do rinne oibrí do gheibheann íocaíocht sheachtainiúil do scrúdú fé sna forálacha den Acht so bhaineann le dochtúir leighis an fhostóra do dhéanamh scrúduithe dochtúra ar an oibrí, go bhfuil téarnuithe ag an oibrí i bpáirt no go hiomlán ón díobháil no nách í an tionóisc is trúig feasta i bpáirt ná go hiomlán leis an mí-chumas, agus i gcás cóip den deimhniú (agus cuirfear síos sa deimhniú san fáthanna tuairime an dochtúra leighis) do bheith seirbheálta ag an bhfostóir ar an oibrí maraon le fógra go bhfuil an fostóir ar aigne an íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal, no do laigheadú pé méid adeirtear sa bhfógra, i gceann lá is fiche glan o dháta seirbheála an fhógra, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má chuireann an t-oibrí chun an fhostóra, sara mbeidh an lá is fiche glan san caithte, tuarasgabháil o dhochtúir leighis (agus cuirfear síos sa tuarasgabháil sin fáthanna a thuairime) ag easaontú leis an deimhniú do sheirbheáil an fostóir amhlaidh, ní déanfar an íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal ná do laigheadú ach amháin do réir na tuarasgabhála san no, má chuireann agus sa mhéid go gcuirfidh an fostóir i gcoinnibh na tuarasgabhála san, do réir deimhnithe do bhéarfaidh an dochtúir réitigh uaidh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le dochtúir réitigh do dhéanamh scrúduithe ar an oibrí;

(b) mara gcuirtear aon tuarasgabháil den tsórt san chun an fhostóra laistigh den aimsir sin, féadfaidh an fostóir an íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal no do laigheadú do réir téarmaí an fhógra san.

(4) I gcás é bheith iarrtha, do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le dochtúir réitigh do dhéanamh scrúduithe ar an oibrí, an t-aighneas do chur fé bhráid dochtúra réitigh beidh sé dleathach don fhostóir na suimeanna so leanas d'íoc isteach sa Chúirt go dtí go socrófar an t-aighneas—

(a) má b'fhógra chun na híocaíochta seachtainiúla do chur ar ceal fógra an fhostóra, iomlán gach íocaíochta seachtainiúla thiocfaidh chun bheith iníoctha idir an dá linn;

(b) má b'fhógra chun na híocaíochta seachtainiúla do laigheadú fógra an fhostóra, pé méid a bheidh fé aighneas de gach íocaíocht sheachtainiúil a bheidh iníoctha amhlaidh;

agus ar shocrú an aighnis déanfar na suimeanna a híocfar isteach sa Chúirt amhlaidh d'íoc leis an bhfostóir no leis an oibrí do réir éifeachta deimhnithe an dochtúra réithigh no, má bhíonn easaontas i dtaobh éifeachta an deimhnithe sin, fé mar a chinnfidh an Chúirt cheal có-aontuithe.

(5) Bainfidh an t-alt so le híocaíochtaí seachtainiúla fén Workmen's Compensation Act, 1906, chó maith le híocaíochtaí seachtainiúla fén Acht so, agus chun críche na bainte sin le híocaíochtaí seachtainiúla fén Workmen's Compensation Act, 1906, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) an tagairt atá i bhfo-alt (3) den alt so do sna forálacha den Acht so bhaineann le dochtúir leighis an fhostóra do dhéanamh scrúduithe dochtúra ar an oibrí léireofar í mar thagairt do mhír (14) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906, adubhradh; agus

(b) na tagairtí atá i bhfo-alt (3) agus (4) den alt so do sna forálacha den Acht so bhaineann leis an dochtúir réitigh do dhéanamh scrúduithe ar an oibrí léireofar iad mar thagairtí do mhír (15) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906.

Iocaíochtaí seachtainiúla d'fhuascailt.

27. —(1) Má leanadh ar feadh sé mí ar a laighead d'aon íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh le hoibrí gur buan a mhíchumas féadfaidh fostóir an oibrí sin, uair ar bith tar éis an oibrí sin do shlánú bliain agus fiche agus roimh shlánú caoga bliain do, ordú d'iarraidh ar an gCúirt ag fuascailt a fhreagarthachta san íocaíocht sheachtainiúil sin do dhéanamh agus ar n-a iarraidh sin ordóidh an Chúirt an fhreagarthacht san d'fhuascailt, o dháta an iarratais sin amach, tríd an bhfostóir sin d'íoc cnapshuime de mhéid do cheannódh don oibrí sin, dá gcuirtí í ar dháta an iarratais sin chun gar-bhlianachta saoil do cheannach, blianacht ba chó-ionann le cúig seachtód per cent. de luach bhliantúil na híocaíochta seachtainiúla san.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo tuigfear gur féidir blianacht shaoil do cheannach ar phraghas a déanfar amach do réir an Táible atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ní har aon tslí eile.

(3) Má leanadh ar feadh sé mí ar a laighead d'aon íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh le hoibrí nách buan a mhí-chumas, féadfar, ar iarratas chun na Cúirte ón bhfostóir no thar a cheann, freagarthacht fostóra an fhir oibre sin san íocaíocht sheachtainiúil sin d'fhuascailt tré chnap-shuim d'íoc de mhéid a chinnfidh an Chúirt.

(4) Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar aon chnap-shuim den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) no (3) den alt so do shúncáil no do chur ar shlí ar bith eile chun tairbhe don té bheidh ina teideal.

(5) Má deintear iarratas fé fho-alt (3) den alt so chun fuascailt do dhéanamh ar an íocaíocht sheachtainiúil a deintear le hoibrí bheidh fé bhun bliain agus fiche d'aois ar dháta an iarratais sin cuirfear san áireamh an ceart do bheadh ag an oibrí sin, mara ndeintí an fhuascailt, chun méadú d'fháil ar an íocaíocht sheachtainiúil sin tar éis ath-scrúdúithe fé alt 25 den Acht so (alt a bhaineann le hathscrúduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla).