An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Co-Aontuithe i dTaobh Cuitimh.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Baint an Achta so le hAicmi Airithe Daoine.)

9 1934

ACHT UM CHUIT EAMH DO LUCHT OIBRE, 1934

CUID VII.

Malairt Leigheas do Lucht Oibre.

Leighis ar leithligh i gcoinnibh an fhostóra.

60. —(1) Másé is trúig le díobháil d'oibrí ná faillí phearsanta no gníomh toiliúil a fhostóra no duine éigin go mbeidh an fostóir sin freagarthach ina ghníomh no ina fhaillí ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir d'aon fhreagarthacht shíbhialta bheidh ar an bhfostóir sin ach sa chás san féadfaidh an t-oibrí sin cúiteamh d'éileamh fén Acht so no imeachta do bhunú gan spleáchas leis an Acht so fé mar is rogha leis.

(2) Ní léireofar éinní sa bhfo-alt san roimhe seo i slí do dhéanfadh fostóir freagarthach, gan spleáchas leis an Acht so agus fós fén Acht so, i gcúiteamh d'íoc i ndíobháil do rinneadh d'oibrí tré thionóisc d'eirigh as a fhostaíocht agus i gcúrsa a fhostaíochta, ná i slí go bhféadfaí aon imeachta do bhunú i gcoinnibh fostóra gan spleáchas leis an Acht so, ach amháin i gcás faillí pearsanta no gnímh thoiliúla den tsórt san roimhráite.

(3) Má deintear, laistigh den aimsir a ceaptar leis an Acht so chun imeacht do bhunú fén Acht so, aicsean do bhunú chun airgid damáiste i ndíobháil do rinneadh tré thionóisc do bhaint amach gan spleáchas leis an Acht so agus go gcinnfear san aicsean san, no ar athchomharc do dhéanamh, gur díobháil ná fuil an fostóir freagarthach inti san aicsean san an díobháil ach go mbeadh sé freagarthach i gcúiteamh d'íoc fé fhorálacha an Achta so, caithfear amach an t-aicsean, ach cromfaidh an Chúirt ina dtriailfear an t-aicsean no, más cinneadh (tar éis athchomhairc o cheachtar páirtí) o bhínse athchomharcach an cinneadh, ansan cromfaidh an bínse athchomarcach san, más rogha leis an ngearánaí é, ar an gcúiteamh san do mheas ach féadfaidh an Chúirt no an bínse sin na costaisí uile no cuid de sna costaisí do bhaint as is dóich léi no leis do tháinig as an ngearánaí do bhunú an aicsin in ionad imeachta do bhunú fén Acht so.

(4) In imeachta ar bith fén bhfo-alt san roimhe seo, nuair a dhéanfaidh an Chúirt ina dtriailfear an t-aicsean no an bínse athchomharcach cúiteamh do mheas, bhéarfaidh deimhniú i dtaobh an chúitimh do mhol agus i dtaobh na n-orduithe do thug maidir le costaisí do bhaint as an gcúiteamh agus beidh ag an deimhniú san an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bheadh aige dá mba bhreith é ón gCúirt Chuarda ag moladh cúitimh fén Acht so.

(5) Más cinneadh ón gCúirt Uachtarach no ón Ard-Chúirt an cinneadh fé fho-alt (3) den alt so féadfaidh an Chúirt Uachtarach no an Ard-Chúirt, pe'ca aca é, in ionad cúiteamh do mheas do réir an fho-ailt seo, an cás do chur chun na Cúirte Cuarda chun cúitimh do mheas agus sa chás san féadfaidh a ordú don Chúirt Chuarda gach costas den tsórt san roimhráite no cuid díobh do bhaint as méid an chúitimh a bheidh measta aici.

Leighis i gcoinnibh fostóra agus stróinséara.

61. —I gcás an díobháil ina mbeidh cúiteamh iníoctha le hoibrí fén Acht so, no fé scéim ar bith a bheidh deimhnithe fén Acht so, do thárlachtaint i slí go mbeidh duine éigin seachas fostóir an oibrí sin freagarthach do réir dlí in airgead damáiste d'íoc inti, ansan beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an t-oibrí sin imeachta do bhunú i gcoinnibh an duine sin chun airgid damáiste do bhaint amach agus i gcoinnibh duine ar bith a bheidh freagarthach i gcúiteamh d'íoc fén Acht so no fén scéim sin ach ní bheidh i dteideal idir airgead damáiste agus cúiteamh do bhaint amach,

(b) má bhíonn cúiteamh bainte amach ag an oibrí fén Acht so no fén scéim sin dlighfidh an té bheidh freagarthach amhlaidh in airgead damáiste d'íoc mar adubhradh slánaíocht do thabhairt don té d'íoc an cúiteamh agus d'éinne ar ar glaodhadh chun slánaíochta d'íoc fé sna forálacha den Acht so bhaineann le fo-chonnarthaí do dhéanamh agus cheal có-aontuithe is tré aicsean a socrófar gach ceist a bhaineann le ceart chun na slánaíochta san agus le n-a méid.

Freagarthacht fé scéim do chur in ionad freagarthachta fén Acht.

62. —(1) Má dheimhníonn Clárathóir na gCara-Chumann i Saorstát Éireann (dá ngairmtear an Clárathóir san alt so), tar éis do beart do dhéanamh chun tuairimí an fhostóra agus an oibrí do dhéanamh amach—

(a) go ndeintear le haon scéim chúitimh, shochair no árachais do lucht oibre fostóra in aon fhostaíocht, pe'ca bhaineann an scéim sin le fostóirí eile agus le n-a lucht oibre no ná baineann, scálaí cúitimh do shocrú nách lugha a maitheas don lucht oibre agus dá gcleithiúnaithe ná na scálaí có-reire atá san Acht so, agus

(b) má socruítear leis an scéim i dtaobh síntiúisí ón lucht oibre, go mbronntar leis an scéim sochair atá chó maith ar a laighead leis na síntiúisí sin, i dteanta na sochar chun a mbeadh teideal ag an lucht oibre fén Acht so, agus

(c) go bhfuil an móráireamh den lucht oibre le n-a mbaineann an scéim i bhfábhar na scéime sin (ní a déanfar amach tré bhallóid);

féadfaidh an fostóir, faid a bheidh an deimhniú i bhfeidhm, connradh do dhéanamh le daoine ar bith dá lucht oibre go gcuirfear forálacha na scéime in ionad forálacha an Achta so agus leis sin beidh an fostóir gan bheith freagarthach maidir leis an lucht oibre sin ach amháin do réir na scéime.

(2) Féadfaidh an Clárathóir deimhniú do thabhairt uaidh a bheidh le dul in éag i gceann tréimhse teoranta de chúig bliana agus féadfaidh o am go ham deimhniú den tsórt san d'athnuachaint go n-atharú air no gan atharú agus raghaidh an deimhniú san in éag i gceann na tréimhse dar hathnuadh é.

(3) Ní deimhneofar amhlaidh aon scéim ina mbeidh oblagáid ar an lucht oibre, mar choinníoll ar a bhfostófar iad, páirt do thógaint sa scéim, no ná beidh forálacha inti chuireann ar chumas oibrí eirghe as an scéim.

(4) Ní dhéanfaidh an Clárathóir aon scéim den tsórt san do dheimhniú ná aon deimhniú uirthi d'athnuachaint maran deimhin leis leor-shocrú do bheith déanta chun a chur in áirithe go nglanfar fiachaisí eireoidh fén scéim, le linn ré na scéime agus tar éis na scéime do cheiliúradh no do dhul in éag, sa mhéid go mbeidh aon fhiachaisí gan glanadh ar dháta an cheiliúrtha no an dul in éag.

(5) Má dheineann lucht oibre fostóra ar bith gearán no má deintear gearán thar a gceann go bhfuil na sochair a bronntar le haon scéim áirithe gan bheith feasta do réir na gcoinníoll a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so no go bhfuil forálacha na scéime sin á sárú no ná fuil an scéim á riaradh go cothrom no go bhfuil cúiseanna sásúla ann chun an deimhnithe do cheiliúradh féachfaidh an Clárathóir isteach sa ghearán agus, más deimhin leis cúis mhaith do bheith leis an ngearán san, ceiliúrfaidh an deimhniú mara gcuirtear deireadh le cúis an ghearáin.

(6) Nuair a ceiliúrfar deimhniú no a ragha sé in éag déanfar, tar éis socruithe chuibhe do dhéanamh chun na bhfiachas a bheidh fásta cheana féin do ghlanadh, aon airgead no urrúis a bheidh ar seilbh chun críche na scéime do roinnt fé mar a socrófar idir an fostóir agus an lucht oibre no, mara mbeifear ar aon aigne ina thaobh, fé mara chinnfidh an Clárathóir.

(7) Pé uair a bheidh scéim deimhnithe mar adubhradh beidh sé de dhualgas ar an bhfostóir gach ceist a chuirfidh, agus gach cuntas éileoidh, an clárathóir i dtaobh na scéime do fhreagairt no do thabhairt uaidh.

(8) Má socruítear le scéim a bheidh deimhnithe fén Acht so i dtaobh cara-chumann d'íoc cúitimh ní bhainfidh na forálacha so leanas den Friendly Societies Act, 1896, leis an gcumann san maidir leis an scéim sin, sé sin le rá, an províso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 8, alt 16, agus alt 41.

(9) Déanfaidh an Clárathóir na mion-innste ar a imeachta fén Acht so do chur síos ina thuarasgabháil bhliantúil.

(10) Féadfaidh an Clárathóir rialacháin do dhéanamh chun an ailt seo do chur in éifeacht.

Cosaint maidir le fíneála fé Achtanna Mianach agus Monarchan.

63. —Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir d'aon imeachta chun fíneála do ghearradh fé sna hachtacháin a bhaineann le mianaigh, le monarchana no le siopaí oibre ná d'aon fhíneáil den tsórt san do chur chun críche.