|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Oibreacha Breise do Dheanamh.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Oibreacha A hUdaruitear do Ghabhail de Laimh.) |
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. An tAcht Leictreachais (Solathar), 1927 , do Leasu. | |
| [EN] |
Alt 45 den Phríomh-Acht do leasú. |
17. —(1) Deintear leis seo fo-alt (5) d'alt 45 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no leis an alt so” do chur isteach i ndeireadh míre (b) den fho-alt san, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
| [EN] | (2) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú speisialta fé alt 45 den Phríomh-Acht féadfaidh an Bord dul isteach agus seilbh do thógaint ar aon tailte, no aon cheart d'fheidhmiú, is abhar don crdú speisialta san roimh leithliú do dhéanamh no an praghas no an cúiteamh d'fháil amach (ach san fé réir fógra mí ar a laighead no, i gcás tighe chomhnaithe ina gcomhnuítear, fógra trí mí ar a laighead roimh ré do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire na dtailte, no d'únaer na héasáide no an chirt eile, a bheidh beartuithe do thógaint fén ordú san no dá mbeidh beartuithe deifir do dhéanamh leis an ordú san). | |
| [EN] | (3) Pé uair a raghaidh an Bord isteach agus a thogfaid seilbh ar aon tailte no fheidhmeoid aon cheart (pe'ca aca é fén alt so roimh an bpraghas no an cúiteamh d'íoc, íocfaidh an Bord le sealbhaire na dtailte no le húnaer na héasáide no an chirt eile (pe'ca aca é) a bheidh i gceist ús ar mhéid an phraghais no an chúitimh sin, ar bheith ceaptha dho, do réir cheithre púint per cent. per annum ón dáta ar a raghaid isteach no ar a dtógfaid seilbh amhlaidh no ar a bhfeidhmeoid an ceart san (pe'ca aca é) go dtí dáta an leithlithe ón sealbhaire no ón únaer san don Bhord. | |
| [EN] |
An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú. |
18. —(1) Deintear leis seo mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú tré sna focail “no i gceachtar de sna fórsaí bhí i gcoinnibh a chéile le linn an imreasáin chathardha sna blianta 1922, 1923, 1924, no i gcoinneáil no i bpríosún de dheascaibh na seirbhíse sin” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “Aer-Fhórsa Bhriotáinigh,” agus léireofar alt 61 den Acht san agus an Chéad Sceideal san agus beidh éifeacht acu dá réir sin. |
| [EN] | (2) Beidh an t-alt so mar bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige o thosach feidhme an Phríomh-Achta. | |
| [EN] |
Toirmeasc ar fhoirgintí do thógáil fé shreanganna tiormarnaíochta. |
19. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, ar iarratas d'fháil ón mBord, go dtiocfadh as foirgintí no cineál áirithe no cineálacha áirithe foirgintí do thógáil fé aon tsreanganna tiomarnaíochta no i ngiorracht faide áirithe dhóibh go mbeadh contabhairt ann go ndéanfaí díobháil don phuiblíocht no do sna foirgintí sin no do shealbhairí na bhfoirgintí sin agus go mbainfeadh costas míréasúnta no roinnt mhaith duaidh theicniúla leis na sreanganna tiomarnaíochta san d'aistriú go dtí ionad eile, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú toirmeasctha tógála san Acht so), a ordú gan aon fhoirgint in aon chor no gan aon fhoirgint de chineál no de chineálacha áirithe do thógáil fé sna sreanganna tiomarnaíochta san no i ngiorracht faide áirithe dhóibh. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire aon uair, más oiriúnach leis é, leasú no ceiliúradh do dhéanamh, le hordú, ar ordú toirmeasctha tógála ar iarratas an Bhúird no ar iarratas duine ar bith go ndeineann an t-ordú toirmeasctha tógála san deifir dá chuid tailimh. | |
| [EN] | (3) Pé uair a bheidh an tAire ar aigne ordú toirmeasctha tógála do dhéanamh no ordú do dhéanamh ag leasú no ag ceiliúradh ordú toirmeasctha tógála foillseoidh an tAire, i pé slí is dóich leis is oiriúnaí sa chás, fógra i dtaobh é bheith chun breithnithe do dhéanamh féachaint an ceart an t-ordú san do dhéanamh agus i dtaobh an ama agus na slí ina bhféadfar agóidí i gcoinnibh an orduithe sin agus aithris chúise ina thaobh do chur chuige. | |
| [EN] | (4) Pé uair a bheidh an tAire ar aigne ordú toirmeasctha tógála do dhéanamh no ordú do dhéanamh ag leasú no ag ceiliúradh ordú toirmeasctha tógála féadfaidh an tAire, más oriúnach leis é, a chur fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh. | |
| [EN] | (5) Ní oibreoidh aon ordú toirmeasctha tógála chun é do dhéanamh nea-dhleathach aon fhoirgint do chríochnú gur tosnuíodh ar í do thógáil roimh dháta déanta an orduithe sin, agus aon ordú le n-a leasófar ordú toirmeasctha tógála ní oibreoidh chun é do dhéanamh nea-dhleathach aon fhoirgint do chríochnú gur tosnuíodh go dleathach ar í do thógáil roimh dháta déanta an orduithe leasúcháin sin. | |
| [EN] | (6) Má eiríonn aon amhrus, ceist no aighneas i dtaobh ce'ca tosnuíodh no nár tosnuíodh, do réir bhrí an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, ar fhoirgint do thógáil roimh dháta déanta aon orduithe áirithe fén alt so, isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an gceist no ar an aighneas san agus beidh an bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsí. | |
| [EN] | (7) Gach duine thógfaidh foirgint ar bith contrárdha d'ordú toirmeasctha tógála, no thosnóidh ar san do dhéanamh no thabharfaidh fé, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae fhanfaidh an fhoirgint sin no aon chuid di tógtha amhlaidh. | |
| [EN] | (8) Na forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht acu maidir le gach fiosrúchán puiblí chuirfidh an tAire fé ndeár a dhéanamh do réir an ailt seo. | |
| [EN] | (9) Gach ordú toirmeasctha tógála, agus gach ordú fén alt so le n-a leasófar no le n-a gceiliúrfar ordú toirmeasctha tógála, foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta. | |
| [EN] | (10) San alt so cialluíonn an abairt “sreanganna tiomarnaíochta” sreanganna no línte iompruíonn leictreachas os cionn tailimh agus is cuid den chórus tiomarnaíochta no den chórus roinneacháin. | |
| [EN] |
Fógra go bhfuiltear chun foirginte do thógáil. |
20. —(1) Ní thógfaidh ná ní dhéanfaidh duine ar bith aon fhoirgint ná déanmhas 'na raghaidh aon chuid de laistigh de ghar-achar aon tsreinge tiomarnaíochta no os a chionn, no 'na mbeidh aon chuid de amhlaidh ar bheith críochnuithe dho, ná ní thosnóidh ar san do thógáil ná do dhéanamh mara mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige don Bhord dhá mhí ar a laighead roimh thosnú dho ar an tógáil no ar an déanamh san á rá é bheith chun an fhoirgint no an déanmhas san do thógáil no do dhéanamh agus ag tabhairt gach eolais oiriúnaigh i dtaobh na foirginte no an déanmhais sin. |
| [EN] | (2) Gach duine thógfaidh no dhéanfaidh aon fhoirgint no déanmhas contrárdha don alt so, no thosnóidh ar san do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an fhoirgint no an déanmhas san no aon chuid de de bheith laistigh de ghar-achar aon tsreinge tiomarnaíochta no os a chionn. | |
| [EN] | (3) San alt so cialluíonn an abairt “gar-achar aon tsreinge tiomarnaíochta” an t-achar i ngiorracht chúig slata fichead, ar aon taobh, don líne dhíreach a cheanglann dá chéile láir fothaí aon dá cheann i ndiaidh a chéile de phostaí no de phiolóirí no de thógála eile iompruíonn an tsreang thiomarnaíochta san, agus cialluíonn “sreang thiomarnaíochta” sreang no líne iompruíonn leictreachas os cionn tailimh agus is cuid den chórus tiomarnaíochta no den chórus roinneacháin. | |
| [EN] |
Íocaíochtaí áirithe ón mBord. |
21. —(1) Pé uair a dhiúltóidh aon údarás áitiúil, ba ghnóthaire údaruithe gur thóg an Bord a ghnó fén bPríomh-Acht, d'íoc do dhéanamh, le duine ar bith do bhí ar fostú aon uair ag an údarás áitiúil sin chun crícheanna an ghnótha san no le hionadaí pearsanta dhuine ar bith den tsórt san, in iomlán aon tuarastail, páigh no luach saothair no in aon chuid d'aon tuarastal, págh no luach saothair d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil sin d'íoc go dleathach fé fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 ( Uimh. 5 de 1933 ), féadfaidh an Bord, fé réir forálacha an ailt sin 7 (sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis an gcás) agus an ailt seo aon tuarastal, págh no luach saothair den tsórt san san no aon chuid de (fé mar is gá sa chás) d'íoc le duine no le hionadaí pearsanta ar bith den tsórt san. |
| [EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) féadfar íoc do dhéanamh le duine fén bhfo-alt san pe'ca oifigeach no seirbhíseach don Bhord é le linn an íoca san do dhéanamh no nách eadh; | |
| [EN] | (b) isé an tAire bhéarfaidh breith ar gach amhrus, no ceist no aighneas eireoidh le linn an ailt seo do chur in éifeacht agus ní bheidh dul thar an mbreith sin. | |
| [EN] | (3) Gach údarás áitiúil ba ghnóthaire údaruithe gur thóg an Bord a ghnó fén bPríomh-Acht, bhéarfaid don Bhord, ar an mBord dá iarraidh sin ortha, gach eolas a bheidh ar seilbh no fé n-a n-urláimh no ar fáil ag an údarás áitiúil sin i dtaobh gach duine le n-a bhféadfadh an t-údarás áitiúil sin an t-íoc san do dhéanamh go dleathach fén bhfo-alt san (1) d'alt 7 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 ( Uimh. 5 de 1933 ). |