An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cuiteamh i nDiobhail d'Iascach.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Generalta.)

4 1935

ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1935

CUID III.

Iascach na Sionainne do Bhainisti.

Dualgaisí an Bhúird maidir le hiascach na Sionainne.

8. —I dteanta na prímh-fheidhme sin, eadhon, oibreacha hídroleictreacha na Sionainne do chothabháil, d'oibriú, agus d'fhorbairt fé Acht 1927 agus do réir Achta 1927, mar a leasuítear no a leathnuítear é le reachtúchán ina dhiaidh sin, agus fós fé réir na feidhme sin agus gan dochar di beidh sé de dhualgas ar an mBord agus déanfaid iascach na Sionainne do bhainistí, do stiúradh, agus do bhuanchoimeád fén Acht so agus dá réir.

Comhachta an Bhúird maidir le hiascach na Sionainne.

9. —(1) Beidh sé dleathach don Bhord gach ní agus gach eadarghnó do dhéanamh agus gach feidhm do chólíonadh is gá no is ceart chun na ndualgaisí cuirtear ar an mBord leis an gCuid seo den Acht so, maidir le hiascach na Sionainne, do chólíonadh go cuibhe no bhaineann no ghabhann leis an gcólíonadh san agus go sonnrách, agus gan dochar do gheneráltacht na gcomhacht san roimhe seo, beidh sé dleathach don Bhord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon iascach no ceart iascaireachta in uiscí Abhann na Sionainne no aon choda dhi no ortha do thógaint chúcha go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú, agus fairis sin aon talamh, cead slí no ceart eile ghabhann leis an iascach no leis an gceart iascaireachta tógfar amhlaidh d'úsáid no is gá chun a úsáidthe;

(b) talamh (agus talamh fé uisce d'áireamh) agus fairis sin éasáidí, profits-à-prendre agus cearta eile ar thalamh no ar uisce no maidir le ceachtar acu do thógaint chúcha go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú:

(c) aon chora, iadhtán, no droichead in uiscí no trasna uiscí iascaigh na Sionainne do thógaint chúcha go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú;

(d) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaireachta no ceart eile ar aon talamh no uisce, no maidir leis an gcéanna, do mhúchadh no do theorannú no cur isteach air in aon tslí eile go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú;

(e) aon bhóthar no slí phríobháideach no aon chanáil no bealach no cúrsa uisce déanta eile do chasadh, do dhúnadh, no d'aistriú no cur isteach air in aon tslí eile go buan no go sealadach agus fós go héigeanta no tré chó-aontú;

(f) iascach uile na Sionainne no aon chuid de do leithliú tré léas no do chur ar cíos tré cheadúnas, fé réir forálacha an ailt seo, chun pé daoine, ar feadh pé tréimhse, ar pé cíos, agus ar pé téarmaí agus coinníollacha mheasfaidh an Bord, fé réir na bhforálacha san roimhráite, do bheith ceart.

(2) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a údarú don Bhord—

(a) éinní do dhéanamh go héigeanta gan cúiteamh d'íoc ann, ná

(b) aon bhóthar no bealach puiblí no aon droichead ar a mbeidh bóthar puiblí do thógaint chúcha ná cur isteach air, ná

(c) aon mhaoin le cuideachtain bhóthair iarainn do thógaint chúcha ná cur isteach uirthi (ar shlí eile seachas tré chó-aontú), ná

(d) aon mhaoin leis an Stát do thógaint chúcha go héigeanta no ar shlí eile seachas do réir an dlí chuireann de thurus na huaire riail no srian ar mhaoin den tsórt san do chur de láimh, ná

(e) aon obair no déanmhas do dhéanamh no do thógáil ar thailte taoide atá laistíos de lán mhara gnáth-thaoidí no meán-taoidí gan toiliú an Aire no ar shlí eile seachas do réir téarmaí agus coinníollacha an toilithe sin, ná

(f) iascach uile na Sionainne ná aon chuid de do leithliú tré léas ná do chur ar cíos tré cheadúnas ar feadh tréimhse ar bith is sia ná bliain no go gcumhnant no coinníoll ar bith no fé réir chumhnaint no coinníll ar bith chun ath-nuachainte gan aontú an Aire agus an Aire Airgid ná iascach le n-a mbaineann Airtiogal 11 den Bhunreacht do leithliú ná do chur ar cíos ar feadh tréimhse ar bith is sia ná naoi mbliana nóchad no go socrú chun athnuachainte.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord aon uair fén alt so iomlán iascaigh na Sionainne ná aon chuid de do leithliú tré léas ná do chur ar cíos tré cheadúnas ná có-aontú chun an chéanna do leithliú no do chur ar cíos amhlaidh mara bhfoillsighidh an Bord, lá is fiche ar a laighead roimh an leithliú no an cur-ar-cíos no an có-aontú san do dhéanamh, uair amháin ar a laighead i ngach páipéar de dhá pháipéar nuachta léightear i gcomhursanacht an iascaigh no na n-iascach is abhar don leithliú no don chur-ar-cíos no don chó-aontú san, fógra á rá go bhfuil sé d'intinn no de mhian ag an mBord an t-iascach no na hiascaigh sin do leithliú no do chur ar cíos agus ag lorg tairisgintí ag glacadh leis an leithliú no leis an gcur-ar-cíos san.

Ioncum an Bhúird as iascach na Sionainne do chur chun críche.

10. —An t-ioncum a gheobhaidh an Bord de bharr na ndualgaisí forchuirtear ar an mBord leis an gCuid seo den Acht so maidir le hiascach na Sionainne do chólíonadh cuirfear é chun na gcrícheanna so leanas san ord so leanas tar éis na gcostaisí uile do ghlanadh fé n-a ndeachaidh an Bord i gcólíonadh na ndualgas san agus is ionchurtha i gcoinnibh ioncuim le ceart, sé sin le rá:—

(a) chun an úis uile d'íoc a bheidh iníoctha an bhliain reatha leis an Aire Airgid no bheidh dlite in aghaidh aon bhliana roimhe sin don Aire Airgid ar roimh-íocanna do rinne an tAire sin leis an mBord fén Acht so chun crícheanna na Coda so den Acht so;

(b) chun pé suimeanna do chur i leataoibh a mheasfaidh an Bord, le haontú an Aire Airgid, do bheith ceart i gcóir cúl-chiste, leathnuithe, agus crícheanna eile dá sórt a bhaineann le cólíonadh na ndualgaisí sin;

(c) chun an airgid uile d'íoc a bheidh iníoctha an bhliain reatha leis an Aire Airgid no a bheidh dlite in aghaidh aon bhliana roimhe sin don Aire Airgid ar cuntas aisíoctha roimh-íocanna do rinne an tAire sin leis an mBord fén Acht so;

(d) chun leithreasa do dhéanamh chun aon críche eile mheasfaidh an Bord do bheith ceart.

Comhacht chun bradáin agus bric do dhíol gan ceadúnas.

11. —D'ainneoin éinní atá i gCuid III den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , beidh sé dleathach don Bhord bradáin agus bric do dhíol, do thaisbeáint chun a ndíolta, agus do choimeád chun a ndíolta gan iad do bheith ceadúnuithe chuige sin fén Acht san.

Baill ex-officio de bhúird choimeádaithe do cheapadh.

12. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, mar a leasuítear san le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), maidir le hiascach ar bith is cuid d'iascach na Sionainne de thurus na huaire agus ina ionad san achtuítear leis seo—

(a) másé agus faid isé an Bord is únaer, is léasaí no is sealbhaire ar iascach do bhí, an 1adh lá d'Eanar, 1931, ina iascach ar leithligh no ina iascach aon-chirt do réir bhrí an ailt sin 6 agus nár lugha ná caoga púnt a luacháil fé sna hAchtanna Luachála an lá san, beidh an Bord i dteideal duine d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio, maidir leis an iascach san, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh an t-iascach san, agus

(b) másé agus faid isé an Bord is únaer, is léasaí, no is sealbhaire ar roinnt iascach sa cheanntar chéanna do bhí, an 1adh lá d'Eanar, 1931, ina n-iascaigh ar leithligh no ina n-iascaigh aon-chirt do réir bhrí an ailt sin 6 agus do bhí ar an dáta san ar únaeracht no ar seilbh no ar gabháltas ag éinne amháin agus nár lugha ná caoga púnt le chéile na luachála do bhí ortha ar an dáta san fé sna hAchtanna Luachála beidh an Bord i dteideal duine d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio, maidir leis na hiascaigh sin, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh na hiascaigh sin.

(2) Má bhíonn an Bord i dteideal fén bhfo-alt deiridh sin den alt so dhá bhall ex-officio no níos mó de bhord choimeádaithe d'ainmniú féadfaidh an Bord, in ionad an dá bhall san no níos mó d'ainmniú, gan ach duine amháin d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio den bhord choimeádaithe sin agus i gcásanna den tsórt san beidh ag an duine amháin sin ag cruinnithe den bhord choimeádaithe sin líon de vótanna is có-ionann leis an líon de bhaill ex-officio den bhord choimeádaithe sin a bheidh an Bord i dteideal de thurus na huaire d'ainmniú fén bhfo-alt san roimhe seo agus féadfaidh iad d'fheidmiú ag na cruinnithe sin.

(3) Duine ainmneoidh an Bord fén alt so chun bheith ina bhall ex-officio de bhord choimeádaithe beidh aige mar bhall den tsórt san, fé réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar do, na cearta agus na príbhléidí uile bronntar le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar dhuine is ball ex-officio de bhord choimeádaithe fén alt san agus féadfaidh na cearta agus na príbhléidí sin uile d'fheidhmiú mar bhall den tsórt san.