|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1938) | Ar Aghaidh (CUID II. Iascach agus Cearta Iascaireachta do Dhilsiu sa Bhord.) |
ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1938
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
| [EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
1. —(1) Féadfar Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna Iascaigh na Sionainne, 1935 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. | |
| [EN] |
Míniú agus léiriú. |
2. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimhir 4 de 1935). |
| [EN] | (2) Léighfear agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus, dá réir sin, gach focal agus abairt le n-a gcuirtear brí no ciall áirithe sa Phríomh-Acht beidh leis san Acht so, má tá sé ann, an bhrí no an chiall a cuirtear leis sa Phríomh-Acht. | |
| [EN] |
Cosaint do chearta Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe. |
3. —Ní oibreoidh éinní atá san Acht so chun dochar ná deifir do dhéanamh d'aon cheart de chuid Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn maidir le loingseoireacht ar uiscí na Sionainne. |