|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Cuirteanna Coiriula Speisialta.) |
ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Comhachta Coinneala. | |
[EN] |
Tosach feidhme agus scur na Coda so den Acht so. |
54. —(1) Ní thiocfaidh ná ní bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ach amháin fé mar agus an uair agus an fhaid a foráltar leis na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt so. |
[EN] | (2) Má dheineann agus má fhoillsíonn agus pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh agus a fhoillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú na comhachta bronntar leis an gCuid seo den Acht so do bheith ag teastáil chun a chur in áirithe go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí agus é bheith oiriúnach go dtiocfadh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm láithreach, tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm láithreach. | |
[EN] | (3) Má thárlann, tráth ar bith faid a bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm, go ndéanfaidh agus go bhfoillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm láithreach. | |
[EN] | (4) Pé uair a bheidh an Riaghaltas tar éis furógra fén dara fo-alt den alt so do dhéanamh agus d'fhoillsiú, is dleathach do Dháil Éireann, tráth ar bith faid a bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm de bhuadh an fhurógra san, rún do rith ag cur an fhurógra san ar nea-mbrí, agus leis sin beidh an furógra san curtha ar nea-mbrí agus scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén gCuid seo den Acht so tar éis an fhurógra san do dhéanamh agus roimh an rún san do rith. | |
[EN] | (5) Foillseofar furógra dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so tré chóip de d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus féadfar é fhoillsiú freisin in aon tslí eile is ceart dar leis an Riaghaltas. | |
[EN] |
Comhachta speisialta gabhála agus coinneála. |
55. —(1) Pé uair is deimhin le hAire Stáit aon duine áirithe do bheith ag gabháil do ghníomhartha is deallrathach a dhéanfadh dochar do shíocháin no d'ord no do shlándáil an Stáit do choimeád, féadfaidh an tAire sin le barántas fé n-a láimh a ordú an duine sin do ghabháil agus do choinneáil fén alt so. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána duine ar bith go mbeidh barántas tugtha amach ina thaobh ag Aire Stáit fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do ghabháil gan barántas eile. | |
[EN] | (3) Gach duine geobhfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so coinneofar é i bpríosún no in áit eile a bheidh orduithe chuige sin le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so go dtí go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm no go dtí go scaoilfear é fé sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so, pé ní acu san is túisce thárlóidh. | |
[EN] |
Comhachta chun daoine coinnithe do chuardach, etc. |
56. —(1) Is dleathach d'aon bhall den Ghárda Síochána gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh alos duine ar bith a geobhfar agus a coinneofar fén gCuid seo den Acht so, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin; | |
[EN] | (b) an duine sin do chuardach no do chur á chuardach; | |
[EN] | (c) an duine sin do ghrianghrafadh no do chur á ghrianghrafadh; | |
[EN] | (d) méir-rianta an duine sin do thógaint no do chur á dtógaint. | |
[EN] | (2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le ball den Ghárda Síochána do dhéanamh feidhmithe ina thaobh ar aon chomhacht dá mbronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ná déanfaidh no dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh ar bhall den Ghárda Síochána dá éileamh san air fén bhfo-alt san no bhéarfaidh uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no míthreorach beidh sé ciontach sna rialacháin do shárú a bheidh déanta fén gCuid seo den Acht so i dtaobh smacht do choimeád, agus deighleálfar leis dá réir sin. | |
[EN] |
Daoine coinnithe do scaoileadh. |
57. —Féadfaidh Aire Stáit le scríbhinn fé n-a láimh, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, a ordú go scaoilfí aon duine áirithe a bheidh, de thurus na huaire, á choinneáil fén gCuid seo den Acht so, agus leis sin scaoilfear an duine sin as an gcoinneáil sin láithreach. |
[EN] |
Rialacháin i dtaobh áiteanna coinneála. |
58. —Féadfaidh Aire Stáit le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no chun aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) chun á ordú cadiad na príosúin, na campaí coinneála, agus na háiteanna eile ina bhféadfar daoine do choinneáil fén gCuid seo den Acht so; | |
[EN] | (b) chun socruithe do dhéanamh chun na bpríosún, na gcampaí coinneála, agus na n-áiteanna eile sin do bhainistí, do choimeád sláintiúil, do rialú agus do ghárdáil go héifeachtúil; | |
[EN] | (c) chun socruithe do dhéanamh chun smacht do chur i bhfeidhm agus do choimeád imeasc na ndaoine bheidh á gcoinneáil in aon phríosún, campa coinneála, no áit eile den tsórt san roimhráite; | |
[EN] | (d) chun socruithe do dhéanamh chun daoine bheidh á gcoinneáil amhlaidh agus a sháróidh na rialacháin do phionósú; | |
[EN] | (e) chun éinní no aon rud eile d'ordú bhainfidh no gheobhaidh le daoine bheidh á gcoinneáil fén gCuid seo den Acht so do choinneáil go héifeachtúil no chun socruithe do dhéanamh i dtaobh an chéanna. | |
[EN] |
Coimisiún chun fiosruithe do dhéanamh i dtaobh coinneála. |
59. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis na Coda so den Acht so do theacht i bhfeidhm, bunóidh an Riaghaltas Coimisiún (dá ngairmtear an Coimisiún san alt so) chun na bhfeidhmeanna forchuirtear ar an gCoimisiún leis an alt so do chólíonadh. |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCoimisiún, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) isiad an Riaghaltas a cheapfaidh baill an Choimisiúin agus féadfaidh an Riaghaltas iad do chur as oifig; | |
[EN] | (b) is triúr daoine a bheidh ar an gCoimisiún agus beidh ortha san duine is abhcóide no atúrnae go seasamh seacht mblian ar a laighead aige no duine atá no bhí ina bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda no den Chúirt Dúithche; | |
[EN] | (c) féadfar íoc do dhéanamh amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas le haon bhall den Choimisiún ná beidh ag fáil luach saothair as cistí puiblí sna táillí sin no sa luach saothair sin (más ann dóibh no dó) a chinnfidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Duine ar bith a bheidh á choinneáil fén gCuid seo den Acht so féadfa sé a iarraidh i scríbhinn ar an Riaghaltas a choinneáil amhlaidh do chur á breithniú ag an gCoimisiún, agus ar an iarratas san do dhéanamh amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) déanfaidh an Riaghaltas láithreach coinneáil an duine sin do chur fé bhráid an Choimisiúin; | |
[EN] | (b) déanfaidh an Coimisiún fiosrú i dtaobh na bhforas ar a mbeidh an duine sin á choinneáil agus déanfaid, chó tapaidh agus a bheidh san caothúil, tuarasgabháil ina dtaobh do thabhairt don Riaghaltas; | |
[EN] | (c) bhéarfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt don Choimisiún an t-eolas agus na scríbhinní sin (i dtaobh abhair an fhiosruithe sin) a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an Riaghaltas no ag aon Aire Stáit agus a iarrfaidh an Coimisiún; | |
[EN] | (d) má thuairiscíonn an Coimisiún gan aon fhorais réasúnta do bheith ann chun an duine sin do choinneáil, déanfar fé cheann seachtaine an duine sin do scaoileadh no é chúiseamh i gcionta do réir dlí. |