An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. An tAire do thógaint Tailte, etc., chun Iascaigh Dhílsithe do Bhainistí agus d'Oibriú agus do Chaomhaint.) Ar Aghaidh (Caibidil VI. Forálacha Foirlíontacha.)

17 1939

ACHT IASCAIGH, 1939

Caibidil V.

Iascaigh Dhílsithe do Bhainistí, d'Oibriú agus do Chur de Láimh.

An tAire d'Oibriú Iascach Dílsithe.

An tAire d'oibriú iascach dílsithe.

75. —Féadfaidh an tAire o am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach dílsithe no aon chuid d'iascach dhílsithe d'oibriú.

Comhachta an Aire agus é ag oibriú iascaigh dhílsithe.

76. —(1) Féadfaidh an tAire, chun iascach dílsithe d'oibriú, gach ní is dóich leis is gá do dhéanamh chun an iascaigh sin do sheoladh mar ghnóthas tráchtála agus a fhéadfadh sé a dhéanamh dá mba phearsa phríobháideach é agus gurbh é únaer an iascaigh sin é agus, gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo, féadfaidh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) iasc do cheannach agus do dhíol in áit ar bith;

(b) aon earra do cheannach no do dhéanamh is gá chun iasc do ghabháil, do stóráil, d'iompar, do chóireáil, do cheannach no do dhíol;

(c) aon ghnó do sheoladh a chabhróidh no gheobhaidh le hoibriú an iascaigh sin;

(d) connartha do dhéanamh;

(e) pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis d'fhostú;

(f) ceadúnaisí iascaireachta do cheannach.

(2) Ní bhainfidh forálacha ailt 16 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , leis an Aire.

(3) Is le toiliú an Aire Airgeadais a cinnfear luach saothair gach duine bheidh ar fostú i ndáil leis an Aire d'oibriú aon iascaigh dhílsithe.

(4) Ní bhainfidh Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le duine ar bith fhostóidh no cheapfaidh an tAire fén alt so.

Talamh agus gnó do dhíol.

77. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon talamh a thógfa sé chuige féin fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, agus fós dea-thoil agus stoc trádála agus sócmhainní eile gnótha ar bith (eadhon, gnó chabhruíonn no ghabhann le hiascach dílsithe d'oibriú) bheidh á sheoladh aige fén gCaibidil sin do dhíol ar an bpraghas is dóich leis is ceart.

(2) Aon airgead do gheobhfar de bharr díola fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Forálacha airgeadais.

78. —An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire i ndáil le hiascach dílsithe d'oibriú no le haon ghnó bheidh á sheoladh aige fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Cuntaisí, iniúchadh agus tuarasgabháil ar imeachta.

79. —(1) Cuirfidh an tAire dá choimeád, maidir le gach iascach dílsithe bheidh á oibriú aige, sreath de chuntaisí sa bhfuirm, agus in aghaidh na dtréimhsí agus ina mbeidh na mion-innste, ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Na cuntaisí bheidh le coimeád ag an Aire do réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo cuirfear iad, i ndeireadh gach tréimhse cuntasaíochta, chun an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste agus déanfaidh seisean na cuntaisí d'iniúchadh agus do dheimhniú agus tuarasgabháil do thabhairt ortha.

(3) Ar iniúchadh fé fhorálacha an ailt seo do bheith críochnuithe, bhéarfaidh an tAire go leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas cóip de thuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste ar na cuntaisí mar a bheidh glactha aige leo agus fós tuarasgabháil ghenerálta ón Aire ar a imeachta fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so maidir le hoibriú iascach dílsithe.

Iascaigh Dhílsithe do Chur ar Léas.

Iascaigh dhílsithe do chur ar léas.

80. —(1) Másé tuairim an Aire gurb é leas na puiblíochta iascach dílsithe no cuid d'iascach dílsithe do dheonadh tré léas do dhuine ar bith féadfaidh an tAire, do réir an ailt seo, an t-iascach san no an chuid sin de do chur chun an duine sin ar léas ar feadh pé téarma, nach sia ná fiche bliain, is ceart dar leis an Aire.

(2) Gach léas a déanfar fén alt so déanfar é ar an gcoinníoll go n-íocfar leis an Aire, i bhfuirm fíneála no roimh-íoca eile no i bhfuirm chíosa no sa dá fhuirm sin, pé airgead is dóich leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais le chéile is ceart agus ar a gcó-aontóid leis an duine dá dtabharfar an léas san, agus an t-airgead uile do gheobhaidh an tAire mar sin déanfa sé é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Gach léas a déanfar fén alt so beidh ag gabháil leis agus beidh ann na cumhnantaí, na coinníollacha agus na có-aontuithe is dóich leis an Aire is ceart no is inmhianuithe agus ar a gcó-aontóidh sé leis an duine dá ndeonfar an léas san.

Léasaithe do thabhairt tuairisceán uatha.

81. —(1) An duine ag á mbeidh teideal de thurus na huaire chun an leasa bheidh ag an léasaí fé léas a deonfar fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, bhéarfaidh don Aire, sa bhfuirm ordóidh an tAire agus fé cheann ocht lá fichead tar éis an Aire dá iarraidh sin air, pé faisnéis iarrfaidh an tAire i dtaobh an iascaigh le n-a mbaineann an léas san agus i dtaobh oibriú an iascaigh sin.

(2) Má iarann an tAire ar dhuine ar bith fén alt so aon fhaisnéis do thabhairt dó agus ná déanfaidh an duine sin no go ndiúltóidh an fhaisnéis sin do thabhairt uaidh no go dtabharfaidh faisnéis uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach no go bhfailleoidh ar shlí eile an t-alt so do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

Tuarasgabhála ón Aire i dtaobh léasanna.

82. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis gach 30adh lá de Mheitheamh agus gach 31adh lá de Mhí na Nodlag, tar éis an Achta so do rith, leagfaidh an tAire ar bhord gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ina mbeidh mion-innste ar gach léas, le haghaidh téarma is sia ná dhá bhliain, do rinneadh fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so i rith an sé mhí dar críoch an 30adh lá san de Mheitheamh agus an 31adh lá san de Mhí na Nodlag fé seach.

(2) An tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, gur tréimhse í de shé mhí dar críoch an 31adh lá san de Mhí na Nodlag, 1939.

Rátaí iascaigh ar iascaigh a bheidh curtha ar léas.

83. —(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire léas ar iascach fén gCuid seo den Acht so féadfaidh, más oiriúnach leis é, a thabhairt go gcuirfear sa léas san cumhnant ón Aire sa chéill seo leanas, eadhon, más mó ná an méid ceaptha an méid íocfaidh an léasaí mar ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana iascaigh a thuitfidh sa téarma deonfar leis an léas san, go n-íocfaidh an tAire leis an léasaí suim is có-mhéid leis an mbreis.

(2) Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “an méid ceaptha”, i leith iascaigh le n-a mbainfidh léas fén gCuid seo den Acht so, suim na méideanna so leanas:—

(a) an méid (dá ngairmtear an riail-mhéid anso ina dhiaidh seo) is iníoctha ag an sealbhaire mar ráta iascaigh no ag an Aire in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh na bliana iascaigh a bheidh ag rith ar dháta deonta an léasa san no, mara mbeidh an ráta iascaigh in aghaidh na bliana iascaigh sin i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san gearrtha roimh an dáta san, in aghaidh na bliana iascaigh díreach roimhe sin, agus

(b) an fichiú cuid den riail-mhéid.

(3) I gcás—

(a) bord coimeádaithe d'fháil bhreithiúnais chúirte inniúla i gcoinnibh léasaí iascaigh, le n-a mbainfidh léas fén gCuid seo den Acht so, mar gheall ar aon ráta iascaigh a bheidh dlite i leith an iascaigh sin, agus

(b) gur deimhin leis an Aire gan aon earraí do bheith ag an léasaí sin a fhéadfaí a thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas ón gcúirt sin,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, suim d'íoc leis an mbord coimeádaithe sin nach mó ná méid an ráta iascaigh sin agus aon chostaisí agus caiteachaisí fé n-a ndeachaidh an bord coimeádaithe sin maidir leis an mbreithiúnas san d'fháil agus le tabhairt fé n-a fhoirfheidhmiú,

(ii) beidh aon tsuim a híocfar amhlaidh ina fiacha bheidh dlite don Aire ag an léasaí sin agus féadfar í bhaint amach, mar fhiacha gnáth-chonnartha, i gcúirt dlighinse inniúla.

Neamh-úsáid Iascach Dílsithe.

Neamh-úsáid iascach dílsithe.

84. —(1) Má thoilíonn an tAire Airgeadais chuige féadfaidh an tAire o am go ham staonadh o aon iascach dílsithe áirithe d'úsáid ná beidh de thurus na huaire ina abhar do léas fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so.

(2) Má bheartuíonn an tAire staonadh o aon iascach dílsithe áirithe d'úsáid, bhéarfaidh fógra don bhord choimeádaithe a mbeidh an t-iascach san ina gceanntar iascaigh go bhfuil sé ar intinn staonadh ón iascach san d'úsáid agus leis sin, mara ndeinidh agus go dtí go ndéanfaidh an tAire an t-iascach san do chur ar léas no an t-iascach san d'oibriú, beidh an t-iascach san ina iascach neamh-úsáidthe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Forálacha i dtaobh iascach neamh-úsáidthe.

85. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh aon iascaigh neamh-úsáidthe, sé sin le rá:—

(a) más iascach corann (uiscí taoide) no iascach corann (fíoruisce) an t-iascach san—

(i) féadfaidh an tAire an chora is cuid den iascach san do dhí-láithriú agus ina dhiaidh sin ní bheidh sé freagarthach in aon nithe thárlóidh de bhíthin atharuithe do theacht i rith no i leibhéal an uisce pé duine dá dtárlóid, ach má thagann de dhíláithriú na corann san aon bhac do chur ar imirce éisc leigheasfaidh an tAire an dochar san,

(ii) mara ndí-láithrítear an chora leanfaidh an tAire de bheith freagarthach ina cothabháil ina leithéid sin de staid ná cuirfe sí bac ar imirce éisc ná ná beidh sí ina trúig le haon damáiste no cailliúint uisce thar mar ba ghnáth faid a bhí sí á húsáid chun crícheanna an iascaigh;

(b) más iascach muileann-damba an t-iascach san—

(i) féadfaidh an tAire aon déanmhais a bheidh ag gabháil le húsáid an iascaigh do dhí-láithriú no do thógaint chun siúil ach nuair a bheidh san á dhéanamh aige fágfaidh an muileann-damba ina leithéid sin de staid ná déanfar dochar don tsoláthar uisce chun an mhuilinn agus ná méadófar costas cothabhála an mhuileann-damba,

(ii) mara ndí-láithrítear na déanmhais a bheidh ag gabháil le húsáid an iascaigh leanfaidh an tAire de bheith freagarthach ina gcothabháil ina leithéid sin de staid ná cuirfid bac ar imirce éisc ná ná beid ina dtrúig le haon damáiste no cailliúint uisce thar mar ba ghnáth faid a bhíodar á n-úsáid chun crícheanna an iascaigh;

(c) más iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) an t-iascach san tógfaidh an tAire chun siúil gach cuaille no déanmhas eile is dainséar do loingseoireacht no do líonta dleathacha d'úsáid fé cheartanna dlí chomónta.

Iascaigh neamhúsáidthe d'ath-thógáil no d'athfheistiú.

86. —(1) I gcás iascach dílsithe is iascach corann (uiscí taoide) no iascach corann (fíor-uisce) no iascach muileann-damba do theacht chun bheith ina iascach neamh-úsáidthe agus an tAire do bheith tar éis an déanmhais do dhí-láithriú le n-a gcoimeádtaí an t-iascach san ar siúl féadfaidh an tAire, fé cheann cúig mblian tar éis an dáta tháinig an t-iascach san chun bheith ina iascach neamh-úsáidthe, ach ní níos déanaí, ath-thógáil do dhéanamh air sa tsuidheamh céanna i gcóir iascaireachta san áit chéanna agus na tuisí céanna ann agus, i gcás iascaigh corann (uiscí taoide) no iascaigh corann (fíor-uisce), an socrú céanna ann i gcóir saorbhearnan (más aon cheann é) a taisbeánfar i suirbhéireacht bhreacacháin an iascaigh.

(2) I gcás iascach dílsithe is iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) do theacht chun bheith ina iascach neamh-úsáidthe féadfaidh an tAire, tráth ar bith, é d'ath-thógáil no é d'ath-fheistiú do réir an deimhnithe bheidh tugtha amach ina thaobh fé fhorálacha an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.