An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Maoin do Thogaint agus do Chur de Laimh.) Ar Aghaidh (CUID VII. Foralacha Ilghneitheacha.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

CUID VI.

Imeachta Dli agus Pionois.

Fianaise prima facie ar chruinnithe, ar rúin, agus ar orduithe.

76. —(1) Na miontuairiscí uile ar na himeachta ag cruinniú d'údarás chonganta phuiblí no de choiste d'aon údarás den tsórt san do bhéarfaidh le tuigsint iad a bheith sighnithe ag cathaoirleach an chruinnithe sin no ag cathaoirleach an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin den údarás no den choiste sin déanfar (gan cruthúnas ar shighniú an duine go mbéarfaidh na miontuairiscí sin le tuigsint iad a bheith sighnithe aige ná a chruthú gurbh é an duine sin cathaoirleach an chruinnithe go mbéarfaidh na miontuairiscí sin le tuigsint gurb ann a sighníodh iad) iad do ghlacadh i ngach imeacht dlí ina bhfianaise prima facie ar na himeachta ag an gcruinniú le n-a mbainfidh na miontuairiscí sin agus ina bhfianaise prima facie gur gairmeadh agus gur comóradh an cruinniú san go cuibhe agus gurbh imeachta cuibhe do réir dlí na himeachta ag an gcruinniú san.

(2) Cóip, de rún do ritheadh no d'ordú do rinneadh ag cruinniú d'údarás chonganta phuiblí no de choiste d'aon údarás den tsórt san, a bhéarfaidh le tuigsint í bheith deimhnithe ag rúnaí no ag baile-chléireach an údaráis sin bheith ina cóip dhílis den rún no den ordú san, glacfar í i ngach imeacht dlí ina fianaise prima facie ar an rún san do rith no ar an ordú san do dhéanamh (do réir mar a bheidh) agus ar théarmaí an chéanna gan cruthúnas ar shighniú an duine go mbéarfaidh an chóip sin le tuigsint í bheith deimhnithe aige ná a chruthú gurbh é an rúnaí no an bailechléireach san é.

Pionós mar gheall ar rialacháin do shárú.

77. —(1) Gach duine dhéanfaidh éinní go toiliúil (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le hiostaí fundúireachta ceanntair do shárú rialacháin a bheidh i bhfeidhm sa bhfundúireacht san de bhuadh an Achta so.

Pionós mar gheall ar gan obair do dhéanamh.

78. —Gach duine bheidh ag fáil chonganta ghenerálta agus a dhiúltóidh no fhailleoidh, go toiliúil, tasc oibre do dhéanamh a ceanglófar air fén Acht so do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná lá is fiche do chur air.

Pionós mar gheall ar chiontaí i bhfundúireachtaí ceanntair.

79. —Gach iostaí i bhfundúireacht cheanntair—

(a) a dhéanfaidh éinní go toiliúil (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán a bheidh i bhfeidhm sa bhfundúireacht san de bhuadh an Achta so, no

(b) a bheidh, de dheascaibh deoch meisciúil d'ól, ar meisce no neamh-ábalta ar é féin d'iompar sa bhfundúireacht san, no

(c) a dheanfaidh aon ghníomh aimhréire maidir le hoifigeach den fhundúireacht san, no

(d) a dhéanfaidh aon mhí-iompar eile (tré ghníomh no tré fhaillí) sa bhfundúireacht san do raghadh chun dochair do riail-bhéas no do dhea-rialú sa bhfundúireacht san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná lá is fiche do chur air.

Pionós mar gheall ar ráiteas bhréagach chun congnamh puiblí d'fháil.

80. —Gach duine dhéanfaidh, chun congnamh puiblí d'fháil dó féin no do dhuine eile, aon ráiteas no aithris chúise is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.

Pionós mar gheall ar dhiúltadh do choimeád leinbh do thabhairt suas.

81. —(1) I gcás duine go mbeidh ceangailte air leis an Acht so no fé coimeád leinbh do thabhairt suas d'údarás chonganta phuiblí do dhiúltadh no d'fhaillí go toiliúil an coimeád san do thabhairt suas amhlaidh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air,

(2) Pé uair a ciontófar duine i gcionta fén alt so déanfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche chiontóidh an duine sin amhlaidh ordú le linn an chiontuithe sin á ordú go ndéanfar an leanbh gur maidir leis do rinneadh an cionta san do thógaint as coimeád an duine sin agus do chur i gcoimeád an údaráis chonganta phuiblí bheidh, de bhuadh an Achta so, i dteideal coimeád an leinbh sin do bheith acu.

Pionós mar gheall ar chabhrú le leanbh a bheidh ag éalódh.

82. —Má dheineann duine ar bith—

(a) go feasach, agus pe'ca go díreach no go nea-dhíreach é, cabhrú le leanbh fé bhun sé mblian déag d'aois a bheidh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí, no é mhealladh, chun na háite ina mbeidh sé á chothabháil amhlaidh d'fhágaint gan toiliú an údaráis sin, no

(b) leanbh do dhídeanú no do cheilt a bheidh fé bhun sé mblian déag d'aois agus a bheidh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí agus go mbeidh, go bhfios don duine sin, an áit ina mbeidh sé á chothabháil amhlaidh fágtha aige gan toiliú an údaráis sin,

(c) go feasach, agus pe'ca go díreach no go nea-dhíreach é, cabhrú le leanbh go mbeidh cearta agus comhachta a thuismitheoirí no duine dá thuismitheoirí dílsithe maidir leis in údarás conganta phuiblí, no é mhealladh, chun áite inar chuir an t-údarás san é d'fhágaint gan toiliú an údaráis sin, no

(d) leanbh do dhídeanú no do cheilt go mbeidh cearta agus comhachta a thuismitheoirí no duine dá thuismitheoirí dílsithe maidir leis in údarás conganta phuiblí agus go mbeidh, go bhfios don duine sin, áit inar chuir an t-údarás san é fágtha aige gan toiliú an údaráis sin,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

Pionós mar gheall ar mhnaoi chéile no leanbh do thréigean.

83. —(1) Pé uair a thréigfidh duine a bhean chéile no leanbh a dhligheann fén Acht so do chothabháil no fhailleoidh sé go toiliúil a bhean chéile no an leanbh san do chothabháil agus a thiocfaidh an bhean chéile no an leanbh san, de dheascaibh an tréigin no na faillí sin, i dteideal conganta ghenerálta, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 4 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924 ( Uimh. 37 de 1924 ), maidir le daoine a cúiseofar i gcionta fén alt so fé is dá luaidhtí an t-alt so sa Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Comhacht chun iostaí fundúireachta ceanntair do ghabháil.

84. —(1) Féadfaidh mátrún fundúireachta ceanntair no oifigeach eile ar a mbeidh cúram agus bainistí na fundúireachta san gabháil do dhéanamh gan barántas, sa bhfundúireacht cheanntair sin, ar aon iostaí sa bhfundúireacht cheanntair sin go mbeidh amhrus réasúnta ag an mátrún no ag an oifigeach eile sin go ndearna sé sa bhfundúireacht cheanntair sin cionta is inphionósuithe ar é chiontú ann ar an slí achmair agus chun críche na gabhála san beidh ag gach mátrún no oifigeach eile den tsórt san na comhachta agus an t-údarás uile bhíonn ag ball den Ghárda Síochána.

(2) Aon duine geobhfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so bhéarfar i gcoimeád bhaill den Ghárda Síochána é chó luath agus is féidir é agus leis sin deighleálfar leis do réir dlí fé is dá ngeobhadh an ball san go dleathach é.

Comhacht d'údarás chonganta phuiblí chun costaisí cúisimh d'íoc.

85. —Féadfaidh údarás conganta phuiblí íoc do dhéanamh sna costaisí réasúnta fén a raghfar chun duine do chúiseamh a cúiseofar i gcionta bhainfidh go díreach le riaradh an dlí i dtaobh conganta phuiblí, pe'ca ciontófar an duine sin sa chionta san no ná ciontófar.