An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Imeachta Dli agus Pionois.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

CUID VII.

Foralacha Ilghneitheacha.

Comhacht don Aire chun otharlanna contae agus chun óspidéil fhiabhrais chontae do dhíochur.

86. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, otharlann chontae no óspidéal fiabhrais contae no otharlann ghenerálta phuiblí do dhá chontae no níos mó no do chontae agus do chontae-bhuirg do dhíochur más dóich leis gur ceart san do dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle le gach comhairle chontae (más ann di) agus le gach bárdas contae-bhuirge (más ann dó) a bheireann rann-íoc le haghaidh cothabhála na hotharlainne no an óspidéil sin agus le coiste bainistí na hotharlainne no an óspidéil sin.

(2) Pé uair a díochuirfear otharlann no óspidéal fiabhrais le hordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire leis an ordú san dáta an díochurtha san do theacht i ngníomh do cheapadh;

(b) féadfaidh an tAire, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, socrú do dhéanamh chun na hotharlainne no an óspidéil sin do dhúnadh, chun na n-othar ann d'aistriú agus i dtaobh na nithe eile sin (ná deintear socrú ina dtaobh go sonnrách leis an alt so) do chífear dó is gá chun an díochurtha san do chur in éifeacht;

(c) an mhaoin uile bheidh i seilbh chomhairle contae no bhárdais chontae-bhuirge chun crícheanna na hotharlainne no an ospidéil sin agus an mhaoin uile bheidh i seilbh choiste bhainistí na hotharlainne no an óspidéil sin tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar dháta an díochurtha san do theacht i ngníomh, aistrithe chun údaráis chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí ina mbeidh an otharlann no an t-óspidéal san agus dílsithe ionta agus as san amach beidh i seilbh an údaráis sin chun crícheanna an Achta so;

(d) ar dháta an díochurtha san do theacht i ngníomh agus as san amach tiocfaidh fiacha agus fiachaisí uile an choiste sin chun bheith agus beid ina bhfiacha agus ina bhfiachaisí ar an údarás conganta phuiblí sin agus isiad san íocfaidh iad;

(e) gach duine is oifigeach do choiste bhainistí na hotharlainne no an óspidéil sin díreach roimh dháta an díochurtha san do theacht i ngníomh agus (ach amháin i gcás dochtúra oifigiúil) do bheireann a aimsir uile i seirbhís an choiste sin, beidh aige, más rud é nach giorra ná deich mbliana a thréimhse sheirbhíse fén gcoiste sin díreach roimh an dáta san, na cearta céanna chun liúntas d'fháil ón údarás conganta phuiblí sin do bheadh aige dá mb'oifigeach inphinsin don údarás chonganta phuiblí sin é agus go mbeadh sé i seilbh oifige fén údarás san ar feadh tréimhse ba chó-fhaid le n-a thréimhse sheirbhíse fén gcoiste sin agus go gcuirfí as an oifig sin é mar gheall ar chúis seachas mí-iompar no mí-ábaltacht.

Búird chonganta phuiblí do theacht fé réim Achtanna áirithe.

87. —(1) Is údarás áitiúil do réir bhrí agus chun crícheanna gach Achta de sna hAchtanna uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so gach bord conganta phuiblí.

(2) Beidh éifeacht ag alt 4 den Acht Rialtais Áitiúla, 1931 ( Uimh. 19 de 1931 ), maidir le bord conganta phuiblí fé is dá mba bhord sláinte agus conganta phuiblí an bord san agus chuige sin deintear leis seo an t-alt san 4 do leasú tré sna focail “bord conganta phuiblí” do chur isteach ann díreach i ndiaidh na bhfocal “bord sláinte puiblí”.

Búird chonganta phuiblí do theacht fé réim ailt 63 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 .

88. —Is údarás contae do réir bhrí agus chun crícheanna ailt 63 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , gach bord conganta phuiblí.

Sean-achtacháin d'oiriúnú.

89. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, na hoiriúnuithe agus na hatharuithe sin do dhéanamh, ar aon achtachán a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so agus a bhainfidh le héinní no aon rud le n-a ndeighleálann an tAcht so no dá ndeineann sé deifir, do chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht no chun go bhféadfaidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht do bheith ag an Acht so.

(2) Fé réir aon oiriúnuithe no atharuithe dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus gan dochar don chéanna beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach achtachán (pe'ca bhainfidh no ná bainfidh le héinní no aon rud le n-a ndeighleálann an tAcht so) a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so, sé sin le rá:—

(a) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san do bhord chaomhnóirí no do chaomhnóirí na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt d'údarás chonganta phuiblí;

(b) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'aontas fé dhlí na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do cheanntar chonganta phuiblí;

(c) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san do chiste aontais, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chistí an údaráis chonganta phuiblí is oiriúnach;

(d) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san do thigh oibre aontais, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don fhundúireacht cheanntair is oiriúnach;

(e) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'fhóirithin na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chongnamh;

(f) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'fhóirithin aontais, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chongnamh ghenerálta;

(g) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'fhóirithin allamuich, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chongnamh theaghlaigh.

Comhacht don Aire chun rialacháin ghenerálta do dhéanamh.

90. —Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú, na rialacháin sin do dhéanamh (i dtaobh na n-údarás conganta phuiblí uile no i dtaobh ceann amháin no níos mó acu) a chífear dó do bheith oiriúnach chun na n-údarás san agus a n-oifigeach do threoradh agus do stiúradh maidir le n-a gcomhachta agus le n-a ndualgaisí fén Acht so d'fheidhmiú agus do chólíonadh agus chun a chur in áirithe go ndéanfaí an tAcht so d'fheidhmiú agus do riaradh go héifeachtúil.

Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

91. —Gach ordú agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so agus go mbeidh baint aige le breis agus aon cheanntar conganta phuiblí amháin no éifeacht aige ionta, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe no an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú no an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fé roimhe sin.