|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Ciontaí sa bhreis in aghaidh an Dlí Mhíleata.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Foralacha Ilghneitheacha.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA) (Uimh. 2), 1940
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. Cúiseanna i gcoinnibh Oifigeach do scrúdú. | |
[EN] |
Cúiseanna i gcoinnibh Oifigeach. |
49. —(1) Isé dhéanfaidh cúis i gcoinnibh dhuine bheidh fé dhlí mhíleata mar oifigeach do scrúdú, sa chéad dul síos, ná oifigeach ceannais an duine sin no, i gcás an tAidiútant Generálta dá ordú san, an t-oifigeach eile sin a cheapfaidh an tAidiútant Generálta chuige sin. |
[EN] | (2) An t-oifigeach a bheidh ag scrúdú cúise fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh— | |
[EN] | (a) i gcás céim Cheannphuirt no aon chéim is aoirde ná san do bheith ag an oifigeach cúisithe— | |
[EN] | (i) an chúis do chaitheamh amach, no | |
[EN] | (ii) a thabhairt go dtriailfear an t-oifigeach cúisithe ag arm-chúirt; | |
[EN] | (b) i gcás ar bith eile— | |
[EN] | (i) an chúis do chaitheamh amach, no | |
[EN] | (ii) a thabhairt go dtriailfear an t-oifigeach cúisithe ag oifigeach údaruithe, no | |
[EN] | (iii) a thabhairt go dtriailfear an t-oifigeach cúisithe ag arm-chúirt. | |
[EN] | (3) I gcás oifigeach cúisithe do chur á thriail ag oifigeach údaruithe déanfaidh an t-oifigeach údaruithe sin, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo— | |
[EN] | (a) an chúis do chaitheamh amach; no | |
[EN] | (b) pionós amháin aca so leanas do ghearradh, eadhon:— | |
[EN] | (i) fíneáil ná raghaidh thar cúig púint, | |
[EN] | (ii) dian-imdheargadh, | |
[EN] | (iii) imdheargadh; no | |
[EN] | (c) an t-oifigeach cúisithe do chur siar chun a thrialta ag armchúirt. | |
[EN] | (4) Déanfar, i gcúis go mbeidh sé de chomhacht ag oifigeach údaruithe deighleáil léi go hachmair fén alt so, an fhianaise i gcoinnibh an duine chúisithe do ghlacadh fé mhionn i gcás an duine sin dá éileamh san agus, i ngach cás den tsórt san, beidh ar gach fínné an mionn céanna do thabhairt no an dearbhú sollamanta céanna do dhéanamh is gá d'fhinné do thabhairt no do dhéanamh i láthair arm-chúirte agus, chuige sin, féadfaidh oifigeach údaruithe daoine do chur fé mhionn agus dearbhú sollamanta do ghlacadh o dhaoine. | |
[EN] | (5) I gcás oifigeach údaruithe do chur oifigigh siar chun a thrialta ag arm-chúirt, déanfaidh an t-oifigeach do scrúduigh an chúis sa chéad dul síos a thabhairt go gcuirfear an t-oifigeach a bheidh curtha siar amhlaidh á thriail ag arm-chúirt. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag luadh na n-oifigeach a bheidh ina n-oifigigh údaruithe chun crícheanna an ailt seo, agus beidh gach oifigeach a luadhfar amhlaidh ina oifigeach údaruithe chun na gcrícheanna san. |