|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Coinnmheadh le linn tréimhse práinne.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA) (Uimh. 2), 1940
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Comhachta Speisialta Maidir le Cosaint. | |
[EN] |
Caibidil I. Comhachta maidir le gnóthais iompair. | |
[EN] |
Mínithe chun crícheanna Caibidle I de Chuid II. |
9. —Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “gnóthas iompair” gnóthas aon chuideachtan loingseoireachta no bóthair iarainn no trambhealaigh no canáile, no gnóthas aon duine ag á mbíonn bóthar-sheirbhís do phaisnéirí, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), ar siúl, no gnóthas aon duine ag á mbíonn iompar earraí ceannaíochta de bhóthar, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), ar siúl, agus foluíonn an abairt sin aon stáisiúin no foirgintí no oibreacha no cóiríocht is le haon ghnóthas den tsórt san no is gá chun an chéanna d'oibriú; | |
[EN] | cialluíonn an focal “gléasra” innill, stoc rothlaidh, feithiclí agus báid, agus fós gach ní is gá chun gnóthas iompair d'oibriú sa cheart agus ná fuil foluithe i míniú na habairte “gnóthas iompair”. | |
[EN] |
Gnóthais iompair do thabhairt tosaíochta do thrácht mhíleata le linn tréimhse práinne. |
10. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le linn tréimhse práinne, a chur mar cheangal ar ghnóthas iompair, le hordú ar n-a dhíriú chun únaerí an ghnóthais iompair sin, an trácht san, do sna Fórsaí Cosanta, luadhfar san ordú san do ghlacadh agus do tharchur i dtosach ar aon trácht eile, agus déanfaidh únaerí an ghnóthais iompair sin do réir an orduithe sin agus, chuige sin, cuirfid glacadh agus tarchur gach tráchta eile ag an ngóthas iompair sin ar fiunraoi sa mhéid gur gá san. |
[EN] | (2) Má dhiúltuíonn no má fhaillíonn únaer gnóthais iompair, no aon duine ar fostú ag gnóthas iompair, ceanglas aon orduithe fén alt so do chólíonadh no má fhágann sé an ceanglas san gan chólíonadh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ar tAire na nithe sin do dhéanamh (ar a n-áirmhítear éigean d'imirt) a mheasfaidh is gá chun a áirithiú go gcuirfear aon ordú áirithe fén alt so in éifeacht. | |
[EN] | (4) Beidh deireadh le feidhm orduithe fén alt so i gcionn mí tar éis an dáta bheidh air, ach féadfar ordú den tsórt san d'athnuachaint. | |
[EN] | (5) Íocfaidh an tAire mar chúiteamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húnaer aon ghnóthais iompair ar a gceanglófar trácht do ghlacadh agus do tharchur fén alt so, an luach saothair sin ar a gcó-aontófar le toiliú an Aire Airgeadais no, cheal có-aontuithe, ar a gcinnfear do réir forálacha déanfar le reacht. | |
[EN] |
Gléasra gnóthas iompair d'oiriúnú. |
11. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus leis an Aire Soláthairtí, a chur mar cheangal tráth ar bith, le hordú ar n-a dhíriú chun únaerí aon ghnóthais iompair áirithe, go ndéanfaí na hoiriúnuithe sin a luadhfar san ordú san ar ghléasra an ghnóthais sin fé cheann na haimsire sin a luadhfar. |
[EN] | (2) Féadfaidh na hoiriúnuithe luadhfar in ordú fén alt so bheith ina n-oiriúnuithe a chuirfeadh le haon pháirt no páirteanna d'fheiste is cuid de ghléasra ghnóthais iompair no mhalairteodh í no iad ar pháirt no ar pháirteanna eile no bhainfeadh an céanna as an bhfeiste, ach ní bheid de shaghas a chuirfeadh isteach ar an gcrích chun ar príomh-cheapadh an fheiste. | |
[EN] | (3) Féadfaidh duine ar bith (dá ngairmtear duine údaruithe sa bhfo-alt so) go n-údarás ón Aire chuige sin dul isteach gach tráth réasúnta in áitreabh gnóthais iompair agus gléasra an ghnóthais sin d'iniúchadh, pé aca bheidh ordú déanta an uair sin fén alt so i dtaobh an ghnóthais iompair sin no ná beidh, agus duine ar bith a choiscfidh duine údaruithe no chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an bhfo-alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air. | |
[EN] | (4) Má dhiúltuíonn no má fhaillíonn únaerí gnóthais iompair go mbeidh ordú déanta ina thaobh fén alt so ceanglais an orduithe sin do chólíonadh, no má fhágaid na ceanglais sin gan chólíonadh, beidh na húnaerí sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur ortha. | |
[EN] | (5) I gcás aon oiriúnuithe do dhéanamh, de bhun orduithe fén alt so, i ngléasra gnóthais iompair, íocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húnaerí an ghnóthais iompair sin, mar chúiteamh alos an chostais a bheidh curtha suas aca ag déanamh na n-oiriúnuithe sin, an méid sin ar a gcó-aontófar le toiliú an Aire Airgeadais no, cheal có-aontuithe, ar a gcinnfear do réir forálacha déanfar le reacht. |