|
||||
|
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA) (Uimh. 2), 1940
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Daoine do liostáil sna Fórsaí le haghaidh tréimhse práinne agus daoine do liostáil sa Chúltaca Fear go lom díreach. | |
[EN] |
Feidhm Chaibidle II de Chuid IV. |
22. —(1) Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so maidir le duine ar bith do liostáladh, roimh dháta an Achta so do rith, no liostálfar, ar an dáta san no dá éis sin, sna Fórsaí fé Chaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht, agus ní déanfar rud ar bith atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so do léiriú mar rud a dheineann deifir d'oibriú na Caibidle sin V. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag éinní i gCaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht maidir le duine ar bith a liostálfar fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so. | |
[EN] |
Míniú chun crícheanna Caibidle II de Chuid IV. |
23. —Sna forálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “liostáil” liostáil fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, agus déanfar na focail “liostálfar” agus “liostálta” do léiriú dá réir sin. |
[EN] | Daoine do liostáil sna Fórsaí le haghaidh tréimhse práinne. | |
[EN] |
Daoine do liostáil sna Fórsaí le haghaidh tréimhse práinne. |
24. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, féadfar duine (le n-a n-áirmhítear mion-aoiseach) do liostáil i rith tréimhse práinne chun fónamh, le haghaidh na tréimhse práinne sin, mar shaighdiúir de sna Fórsaí i seirbhís airm. |
[EN] | Daoine do liostáil sa Chúltaca Fear go lom díreach agus tréimhse na seirbhíse. | |
[EN] |
Teora le téarma na liostála bunaidh sa Chúltaca Fear. |
25. —(1) Féadfar duine (le n-a n-áirmhítear mion-aoiseach) do liostáil sa Chúltaca Fear go lom díreach chun é d'fhónamh mar fhear sa Chúltaca Fear ar feadh tréimhse dhá bhliain déag no aon tréimhse is giorra ná san a cheapfaidh an tAire o am go ham, ach ní níos sia ná san, agus isé gairmtear, sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, den tréimhse gur chun fónaimh ar a feadh a liostálfar duine sa Chúltaca Fear ná téarma liostála bunaidh an duine sin. |
[EN] | (2) I gcás duine fé bhun ocht mbliana déag d'aois do liostáil sa Chúltaca Fear, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú gur ón lá bheidh an duine sin ocht mbliana déag d'aois a déanfar téarma a liostála bunaidh d'áireamh, agus in aon chás den tsórt san déanfar téarma liostála bunaidh an duine sin d'áireamh dá réir sin. | |
[EN] |
Téarma na liostála bunaidh sa Chúltaca Fear d'fhaidiú. |
26. —Fear den Chúltaca Fear a bheidh liostála sa Chúltaca Fear go lom díreach agus gur giorra ná dhá bhliain déag téarma a liostála bunaidh féadfaidh, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh d'fhaidiú i dtreo go mbeidh dhá bhliain déag no aon tréimhse is giorra ná san sa téarma san. |
[EN] | Imeachta le haghaidh liostála agus liostálaithe do theistiú. | |
[EN] |
Rialacháin liostála. |
27. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin (dá ngairmtear rialacháin liostála sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so) do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) na daoine ag á mbeidh údarás chun liostálaithe do liostáil le haghaidh na bhFórsaí agus an Chúltaca Fear; | |
[EN] | (b) an tslí ina liostálfar liostálaithe; | |
[EN] | (c) na fuirmeacha a húsáidfear chun liostála; | |
[EN] | (d) ní ar bith eile maidir le himeachta le haghaidh liostála. | |
[EN] | (2) Forálfar le rialacháin liostála go ndéanfaidh duine bheidh á liostáil sna Fórsaí no sa Chúltaca Fear páipéar teistiúcháin sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire do chólánú agus go sighneoidh an duine sin an páipéar teistiúcháin sin agus go bhfíorófar a shighniú. | |
[EN] |
Modh liostála. |
28. —Déanfar gach duine bheidh á liostáil sna Fórsaí no sa Chúltaca Fear do liostáil do réir rialachán liostála. |
[EN] |
An ní thiocfaidh as liostálaí do shighniú teistiúcháin, agus do thabhairt mionna no do dhéanamh dearbhuithe. |
29. —Gach duine bheidh á liostáil sna Fórsaí no sa Chúltaca Fear is tuigthe, ar é do shighniú an pháipéir theistiúcháin agus ar é do thabhairt an mhionna no do dhéanamh an dearbhuithe is gá do réir an Achta so do thabhairt no do dhéanamh, é bheith liostálta mar shaighdiúir de sna Fórsaí no mar fhear den Chúltaca Fear (do réir mar a bheidh) agus isé is dáta teistithe an duine sin, chun crícheanna na Caibidle seo den Chuid seo den Acht so, ná an dáta ar a sighneoidh an páipéar teistiúcháin sin agus ar a dtabharfaidh no ar a ndéanfaidh an mionn no an dearbhú san. |
[EN] | Saighdiúirí do cheapadh chun Córacha agus chun Seirbhísí. | |
[EN] |
Liostálaithe do liostáil le haghaidh seirbhíse generálta agus iad do cheapadh chun Córacha agus chun Seirbhísí. |
30. —(1) Féadfar, de bhun aon rialachán generálta no speisialta bheidh déanta ag an Aire agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, liostálaithe do liostáil le haghaidh seirbhíse i gCór no i Seirbhís áirithe, ach sa mhéid ná beidh a mhalairt forálta i rialacháin den tsórt san (más ann dóibh) is le haghaidh seirbhíse generálta liostálfar liostálaithe. |
[EN] | (2) Déanfaidh an t-údarás míleata orduithe, chó luath agus is féidir é, liostálaí do cheapadh chun Cóir áirithe no chun Seirbhíse áirithe i gcás é bheith liostálta le haghaidh seirbhíse sa Chór no sa tSeirbhís sin, no chun Cóir no chun Seirbhíse éigin i gcás é bheith liostálta le haghaidh seirbhíse generálta. | |
[EN] | Saighdiúirí de sna Fórsaí do scaoileadh ar a seirbhís do bheith críochnuithe. | |
[EN] |
Saighdiúirí de sna Fórsaí do scaoileadh. |
31. —Déanfar gach saighdiúir de sna Fórsaí bheidh liostálta le haghaidh tréimhse práinne do scaoileadh chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis bheith caithte don tréimhse sin. |
[EN] |
Saighdiúir de sna Fórsaí scaoilfear d'iompar in aisce. |
32. —I gcás saighdiúir de sna Fórsaí do scaoileadh, beidh sé i dteideal é iompar in aisce o áit a scaoilte go dtí an áit adeir a pháipéar teistiúcháin dob áit chomhnuithe dhó nuair do teistíodh é no go dtí áit ar bith eile ar a gcinnfidh, agus é á scaoileadh, dul chun comhnuithe ann, maran costasaighe é iompar go dtí an áit eile sin. |
[EN] | Fir den Chúltaca Fear do scaoileadh ar a seirbhís do bheith críochnuithe. | |
[EN] |
Seirbhís fear den Chúltaca Fear d'áireamh. |
33. —Is tuigthe, maidir le seirbhís aon fhir áirithe den Chúltaca Fear d'áireamh chun crícheanna a scaoilte, an tseirbhís sin do thosnú ar dháta a theistithe. |
[EN] |
Fear den Chúltaca Fear do scaoileadh ar a sheirbhís do bheith críochnuithe. |
34. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfar gach fear den Chúltaca Fear do scaoileadh chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis bheith críochnuithe do théarma a liostála bunaidh no d'aon fhaidiú a bheidh déanta fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so ar an téarma san. |
[EN] | (2) I gcás an Cúltaca do bheith glaoidhte amach ar buan-tseirbhís, fé alt 221 den Phríomh-Acht, an tráth bheadh fear den Chúltaca Fear i dteideal a scaoilte de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, féadfar, má bhíonn an fear san glaoidhte amach ar buantseirbhís an tráth san, an fear san do choinneáil, agus a sheirbhís mar fhear den Chúltaca Fear d'fhaidiú, go ceann na tréimhse sin nach sia ná dhá mhí dhéag ordóidh an t-údarás míleata orduithe, agus scaoilfear an saighdiúir sin chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis bheith caithte don tréimhse sin no tar éis an trátha san, roimh bheith caithte dhi, a chinnfidh an t-údarás míleata orduithe. | |
[EN] | (3) I gcás fear den Chúltaca Fear do scaoileadh fén alt so, beidh sé i dteideal é iompar in aisce o áit a scaoilte go dtí an áit adeir a pháipéar teistiúcháin dob áit chomhnuithe dhó nuair do teistíodh é no go dtí áit ar bith eile ar a gcinnfidh, agus é á scaoileadh, dul chun comhnuithe ann, maran costasaighe é iompar go dtí an áit eile sin. | |
[EN] | Forálacha generálta i dtaobh saighdiúirí agus fir do scaoileadh. | |
[EN] |
Ordacháin um scaoileadh. |
35. —I gcás inar gá do réir na Caibidle seo den Chuid seo den Acht so saighdiúir de sna Fórsaí no fear den Chúltaca Fear do scaoileadh, ordóidh an t-údarás míleata orduithe an saighdiúir no an fear san do scaoileadh. |
[EN] |
Forálacha i dtaobh saighdiúirí agus fir do scaoileadh. |
36. —(1) Ní déanfar saighdiúir de sna Fórsaí ná fear den Chúltaca Fear do scaoileadh ach amháin— |
[EN] | (a) de bhun ordacháin ar n-a thabhairt ag an Riaghaltas, ag gníomhú tríd an Aire dhóibh, fé alt 12 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 ( Uimh. 41 de 1937 ), no | |
[EN] | (b) de bhun ordacháin ón údarás míleata orduithe, ar n-a thabhairt fén alt deiridh sin roimhe seo, no | |
[EN] | (c) de bhun daortha arm-chúirte. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh na slí ina scaoilfear, agus i dtaobh na ndaoine scaoilfidh, saighdiúirí de sna Fórsaí no fir den Chúltaca Fear a ordóidh an Riaghaltas fé alt 12 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 , ag gníomhú tríd an Aire dhóibh, a scaoileadh, no a ordóidh an t-údarás míleata orduithe fén alt deiridh sin roimhe seo a scaoileadh, no a dhaorfaidh arm-chúirt chun a scaoilte agus, go dtí go ndéanfar duine is saighdiúir de sna Fórsaí no is fear den Chúltaca Fear do scaoileadh do réir na rialachán san, fanfaidh an duine sin, fé réir na nAchtanna agus an Achta so, ina shaighdiúir de sna Fórsaí no ina fhear den Chúltaca Fear (do réir mar a bheidh). | |
[EN] |
Deimhniú um scaoileadh. |
37. —Pé uair a déanfar saighdiúir de sna Fórsaí no fear den Chúltaca Fear do scaoileadh fé alt 12 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 ( Uimh. 41 de 1937 ), no fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, déanfar deimhniú um scaoileadh, agus é sa bhfuirm sin agus na mion-innste sin i dtaobh an duine sin ann ordóidh an tAire, do thabhairt don duine sin no, más fear den Chúltaca Fear an duine sin, do thabhairt dó no é chur chuige fé sheoladh a áite comhnuithe cláruithe deiridh. |
[EN] | Forálacha Ilghnéitheacha. | |
[EN] |
Pionós do bheith ag gabháil le liostálaithe do thabhairt freagraí bréagacha uatha. |
38. —(1) I gcás duine do thabhairt freagra bhréagaigh go feasach ar cheist ar bith a bheidh ina pháipéar teistiúcháin agus a chuirfidh an duine 'na dtíocfa sé ina láthair chun é theistiú do réir rialachán liostála chuige, no cuirfear chuige le hordachán an duine sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí do chur air. |
[EN] | (2) Má dheineann duine cionta fén alt so agus go dteisteofar é mar shaighdiúir de sna Fórsaí no mar fhear den Chúltaca, dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh os cóir cúirte dlighinse achmaire mar gheall ar an gcionta, no é thriail os cóir arm-chúirte sa chionta, do réir mar is rogha leis an údarás míleata orduithe. | |
[EN] |
Feidhm ailt 162 den Phríomh-Acht. |
39. —Déanfar na tagairtí atá in alt 162 den Phríomh-Acht do sna Fórsaí do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don Chúltaca Fear. |
[EN] |
An t-údarás is údarás míleata orduithe chun crícheanna Coda II de Chaibidil IV. |
40. —Isé cialluíonn an abairt “an t-údarás míleata orduithe”, i ngach áit ina bhfuil sí in alt ar bith atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ná an t-údarás san a bheidh orduithe, chun críche an ailt sin, le rialacháin (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh) ar n-a ndéanamh ag an Aire. |