|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. An Sean-Cholucht Rialuchain do Scur, agus Maoin, Fiachais, etc., an tSean-Choluchta Rialuchain d'Aistriu.) |
ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI. Foralacha Diombuana i dtaobh na Sean-Ospideal. | |
| [EN] |
Na sean-óspidéil do dhúnadh. |
40. —(1) An dara lá ceaptha agus dá éis sin, féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, le hordú (dá ngairmtear ordú dúnta san alt so) a ordú go ndéanfar cuid áirithe (arna míniú sa tslí sin agus fé threoir na nithe sin is oiriúnach leis an Aire) de na sean-óspidéil do dhúnadh ar dháta áirithe. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, leasú do dhéanamh le hordú fén bhfo-alt so ar ordú dúnta, lena n-áirmhítear ordú dúnta arna leasú le hordú fén bhfo-alt so. | |
| [EN] | (3) Sara ndéanaidh ordú fén alt so, raghaidh an tAire i gcomnairle leis an mBord. | |
| [EN] | (4) Aon uair a déanfar ordú dúnta déanfar an chuid de na sean-óspidéil lena mbainfidh an t-ordú san do dhúnadh ar an dáta luadhfar chuige sin san ordú san. | |
| [EN] |
Comhachta generálta maidir leis na seanóspidéil. |
41. —An chéad lá ceaptha agus dá éis agus go dtí go ndúnfar na sean-óspidéil fén alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an Bord, maidir leis na coda san de na sean-óspidéil ná beidh dúnta, iad do bhainistighe agus chuige sin féadfaidh, fé réir forálacha an Achta so, gach ní do dhéanamh a bhíonn údaruithe de ghnáth do chólucht rialúcháin óspidéil do dhéanamh i leith óspidéil fé rialú an chóluchta rialúcháin sin agus féadfaidh, gan dochar do gheneráltacht an mhéid sin roimhe seo, gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) más rud é, i gcás aon othair éagfaidh ann, nach fios cé hiad a ghaolta no, toisc iad do bheith ar iarraidh no róbhocht no eile, nach féidir leo socrú do dhéanamh chun an t-other marbh san d'adhlacadh, gach costas ceart riachtanach d'íoc féna raghfar chun an t-othar marbh san d'adhlacadh; | |
| [EN] | (b) baill éadaigh agus éifeachtaí othar do dhí-ghalrú agus cúiteamh d'íoc no do thabhairt in aon damáiste déanfar tríd sin; | |
| [EN] | (c) má bhíonn gá le baill éadaigh d'fhonn othar do chóireáil no do chosaint sa cheart agus go mbeidh an t-othar san ró-bhocht chun na baill éadaigh sin do sholáthar, na baill éadaigh sin do sholáthar. |