An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Sceimeanna Siltin a Treigfear.)

3 1945

AN tACHT SILTIN AIRTÉIRIGH, 1945

AN DARA SCEIDEAL.

Socmhainni Comhlucht Siltin Scortha d'Aistriu agus a bhFiachais do Ghlanadh.

1. Sa Sceideal so—

ciallaíonn an abairt “an príomh-alt” an t-alt den Acht so ar dá bhuaidh a bheas éifeacht maidir le comhlucht scortha ag na forála san is infheidhme den Sceideal so,

ciallaíonn an abairt “comhlucht scortha” comhlucht iontaobhaithe nó bord siltin a thiocfas chun bheith scortha an lá ceaptha de bhuaidh an phríomh-ailt,

tá leis an abairt “an lá ceaptha” an bhrí atá léi sa phríomh-alt, ciallaíonn an focal “comhairle” comhairle chontae,

ciallaíonn an abairt “comhairle nó comhairlí aistrithí” an chomhairle nó na comhairlí chun a ndéantar urlámhas agus bainistí ceanntair shiltin láithrigh d'aistriú le Cuid III den Acht so,

folaíonn an focal “sócmhainní”, maidir le comhlucht scortha, gach uile shaghas maoine pé acu réalta nó pearsanta í agus pé acu ar seilbh nó ar fionnraí dhi, ach ní fholaíonn sé na hoibreacha siltin láithreacha i gceanntar siltin an chomhluchta scortha san,

folaíonn an focal “fiachas”, maidir le comhlucht scortha, gach uile shaghas fiacha agus fiachas pé acu leachtaithe nó neamhleachtaithe dhóibh agus pé acu láithreach, teagmhasach, nó todhchaí dhoibh.

2. Gach duine a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh aon oifige fá chomhlucht scortha nó ar fostú acu, scoirfidh sé an lá san de bheith i seilbh na hoifige sin nó ar fostú amhlaidh, ach ní choiscfidh an scor san aon duine den tsórt san ó bheith ar fostú go sealadach tar éis an lae cheaptha ag an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí maidir le forceannadh cúrsaí an chomhluchta scortha san.

3. Féadfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí comhluchta scortha, as a gcomhairle féin ach fá réir toilithe an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, íocaíocht ex gratia do dheonadh do dhuine ar bith do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh aon oifige fán gcomhlucht scortha san agus áireofar an íocaíocht san mar fhiachas ar an gcomhlucht scortha san, agus maidir le méid na híocaíochta san—

(a) ní raghaidh sé thar pé suim acu so leanas is lú:

(i) an ceathrú cuid den luach saothair bliantúil (gan aon liúntas le haghaidh caiteachais d'áireamh) is iníoctha díreach roimh an lá ceaptha leis an duine sin ag an gcomhlucht scortha san arna iolrú fán uimhir de bhlianta iomlána seirbhíse a bheas tugtha aige leis an gcomhlucht scortha san,

(ii) dhá oiread an luach saothair bhliantúil (gan aon liúntas le haghaidh caiteachais d'áireamh) is iníoctha díreach roimh an lá ceaptha leis an duine sin ag an gcomhlucht scortha san, agus

(b) déanfar, fá réir na teorann san roimhe seo, é do chinneadh ag féachaint go cuibhe do na nithe seo leanas:

(i) na téarmaí agus na coinníollacha ar ar fostaíodh an duine sin ag an gcomhlucht scortha san,

(ii) cineál agus faid na fostaíochta san agus an tslí ina ndearna an duine sin dualgais na fostaíochta san do chomhlíonadh,

(iii) an chosúlacht a bheas ann (má bhíonn) go gcoimeádfaí an duine sin níos sia sa bhfostaíocht san dá mba ná rithfí an tAcht so,

(iv) aon tosca eile a bhainfeas leis an gcás.

4. A luaithe is féidir tar éis an lae cheaptha, déanfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí comhluchta scortha sócmhainní agus fiachais an chomhluchta scortha san d'fhionnadh agus do chinneadh agus, chuige sin, déanfaidh an comhlucht scortha san agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh gach leabhar, cuntas, agus scríbhinn eile a bheas ar seilbh nó ar fáil acu agus is leis an gcomhlucht scortha san nó a bhainfeas lena n-eadarbhearta nó a gcúrsaí do thaspáint agus do thabhairt suas don chomhairle nó do na comhairlí aistrithí sin.

5. (a) A luaithe is féidir tar éis an lae cheaptha, bhéarfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí comhluchta scortha go bhfoillseofar sa tslí is oiriúnaí leo fógra á cheangal ar gach duine ag á mbeidh éileamh i gcoinne an chomhluchta scortha san a éileamh do lóisteáil leis an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí sin laistigh de thréimhse a sonnrófar (nach giorra ná mí ó dháta an fhógra san d'fhoillsiú den chéad uair) agus á rá ná breithneofar ná ná glanfar aon éileamh ná lóisteálfar amhlaidh.

(b) Ar bheith foillsithe don fhógra san ní bheidh d'oblagáid ar an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí aon éileamh ná lóisteálfar do réir an fhógra san laistigh den tréimhse a sonnrófar ann do bhreithniú ná do ghlanadh.

6. Ar an lá ceaptha—

(a) beidh sócmhainní uile comhluchta scortha arna n-aistriú chun na comhairle nó na comhairlí aistrithí agus arna dteacht chun bheith ina maoin acu agus, más fiacha nó rudaí-ar-fionnraí eile iad agus sa mhéid gurb ea, féadfaidh an chomhairle nó na comhairlí sin iad do bhaint amach dá réir sin, agus

(b) tiocfaidh fiachais uile comhluchta scortha chun bheith agus beid ina bhfiachas ar an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí agus íocfaidh nó glanfaidh an chomhairle nó na comhairlí sin iad dá réir sin.

7. Aon agra nó aicsean a bheas ar feitheamh in aon Chúirt an lá ceaptha agus ina mbeidh comhlucht scortha ina bpáirtí ní thuitfidh sé ar lár de bhíthin an comhlucht scortha san do scor, ach ina ionad san tiocfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí an chomhluchta scortha san chun bheith agus beid ina bpáirtithe san agra nó san aicsean san in ionad an chomhluchta scortha san agus leanfar den agra nó den aicsean san dá réir sin.

8. (a) Déanfar na sócmhainní uile le comhlucht scortha a thiocfas, de bhuaidh an Sceidil seo, chun bheith ina maoin ag comhairle aistrithí an chomhluchta scortha san d'íoc isteach i gciste contae, nó do chur chun tairbhe do chiste contae, na comhairle sin.

(b) Déanfar na fiachais uile a bheas ar chomhlucht scortha agus a thiocfas, de bhuaidh an Sceidil seo, chun bheith inghlanta ag comhairle aistrithí an chomhluchta scortha san d'íoc agus do ghlanadh as ciste contae na comhairle sin.

9. (a) Na sócmhainní uile le comhlucht scortha a thiocfas, de bhuaidh an Sceidil seo, chun bheith ina maoin ag dhá chomhairle aistrithí nó níos mó a bheas in ionad an chomhluchta scortha san, tiocfaid chun bheith ina maoin leis na comhairlí sin agus déanfar iad d'íoc isteach ina gcistí contae fá seach nó do chur chun tairbhe dhóibh sna cionúireachta a sonnraítear anso ina dhiaidh seo.

(b) Na fiachais uile a bheas ar chomhlucht scortha agus a thiocfas, de bhuadh an Sceidil seo, chun bheith inghlanta ag dhá chomhairle aistrithí nó níos mó a bheas in ionad an chomhluchta scortha san, déanfaidh na comhairlí sin iad d'íoc agus do ghlanadh as a gcistí contae fá seach sna cionúireachta a sonnraítear anso ina dhiaidh seo.

(c) Is iad cionúireachta ina dtiocfaidh sócmhainní nó fiachais chomhluchta scortha chun bheith, fán Sceideal so, ina maoin le dhá chomhairle aistrithí nó níos mó nó inghlanta acu ná pé cionúireachta ar a gcomhaontóidh na comhairlí sin ag féachaint d'fhorála an Mholta nó an mholta dheiridh maidir le ceanntar siltin an chomhluchta scortha san nó, cheal comhaontuithe den tsórt san, cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí iad (ag féachaint do na forála san adúradh) ar cheann amháin nó níos mó de na comhairlí sin dá iarraidh sin.

10. (a) An t-airgead a theastós ó chomhairle chun fiachais nó cionúireacht d'fhiachais chomhluchta scortha do ghlanadh de bhun an Sceidil seo, déanfaidh an chomhairle sin é do chruinniú (sa mhéid nach féidir an t-airgead san do sholáthar as sócmhainní nó as an gcuid de shócmhainní an chomhluchta scortha san a gheobhaidh an chomhairle sin) tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán nó féadfar, le toiliú an Aire Áitiúil agus Sláinte Poiblí, é sholáthar (sa mhéid adúradh) trí iasacht d'fháil fá Airteagal 22 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, fé is dá mbeadh an chríoch san luaite san Airteagal san.

(b) Aon airgead a gheobhaidh comhairle ar iasacht fán mír seo ní háireofar é mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun críocha an Airteagail sin 22.

11. Maidir leis an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí do bhailiú na bhfiacha (lena n-áirítear riaráiste ráta shiltin nó muirir shiltin) a bheas dlite do chomlucht scortha agus a haistreofar chun na comhairle nó na gcomhairlí aistrithí sin, de bhuaidh an Sceidil seo, féadfaidh an chomhairle nó na comhairlí sin, mar is rogha leo, fiacha ar bith den tsórt san do mhaitheamh i bpáirt nó go hiomlán nó pé loghaíocht do thabhairt a mheasfaid is ceart maidir leis an modh nó an tráth chun aon fhiacha den tsórt san d'íoc i bpáirt nó go hiomlán.