An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XI. Forais Deirciula Priobhaideacha.) Ar Aghaidh (CUID XIII. Forais Cheadaithe.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID XII.

Forais Udaraithe.

Clár d'othair i bhforas údaraithe.

155. —Coimeádfar maidir le foras údaraithe—

(a) clár sa bhfoirm ordaithe na n-iontrálfar na sonnraí ordaithe maidir le gach duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas sa bhforas, agus

(b) pé breacacháin eile a hordófar.

Ceanglas á cheangal lochta a leigheas.

156. —Más deimhin leis an -

(a) ná fuil feighilteoir forais údaraithe oiriúnach don phost san, nó

(b) ná bíonn na daoine mí-mheabhracha a bhíos faoi aireachasú sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire, nó

(c) nach oiriúnach nó nach leor an biadh a bheirtear do na daoine sin, nó

(d) go bhfuil líon na ndaoine sin ro-mhór ag féachaint do mhéid áitribh an fhorais, nó

(e) gur gá áitreabh an fhorais a dheisiú,

féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar an duine a bheas ag seoladh an fhorais gach ní a dhéanamh a mheasfaidh an tAire is ceart sa chás.

(2) Má déantar, maidir le haon fhoras údaraithe, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon ordú faoin alt so a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

Ceanglas á cheangal gan foras údaraithe d'úsáid chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú.

157. —(1) Aon fhoras údaraithe a ndearnadh, maidir leis, ciontú i gcionta faoin alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ná húsáidfear é tar éis dáta shonnraithe chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú, do chothabháil nó do chóireáil agus, má húsáitear amhlaidh é tar éis an dáta san, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a bheas déanta faoi fho-alt (1) den alt so do chúlghairm.

(3) I gcás ordú do dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt so, leanfaidh na cumhachta do bheirtear leis an Acht so don Aire agus don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar maidir leis an bhforas údaraithe lena mbainfidh an t-ordú, agus fós na forála den Acht so a bhaineas leis na hothair sa bhforas san d'urscaoileadh, d'aistriú agus d'iomaistriú, de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse trí mhí tar éis an dáta a sonnrófar san ordú mar dháta ná déanfar amhail air agus uaidh an foras san d'úsáid chun othair d'aireachasú, agus is dleathach an foras san a sheoladh ar feadh na tréimhse sin chun an t-urscaoileadh, an t-aistriú agus an t-iomaistriú san a dhéanamh.