|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XII. Forais Udaraithe.) | Ar Aghaidh (CUID XIV. Ordaithe Glactha.) |
AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID XIII. Forais Cheadaithe. | |
[EN] |
Ceadú le hordú ón Aire. |
158. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú ceadúcháin san alt so), aon fhoras nó áitreabh a cheadú mar fhoras nó áitreabh cun daoine do ghlacadh mar othair shealadacha, nó chun daoine do ghlacadh mar othair thoildheonacha, nó chun daoine do ghlacadh mar othair shealadacha agus daoine do ghlacadh mar othair thoildheonacha. |
[EN] | (2) I gcás iarratais ar ordú ceadúcháin, is é an duine a bheas ag seoladh an fhorais nó an áitribh ar ina leith a bheas an t-ordú á iarraidh a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann. | |
[EN] | (3) Nuair a déanfar iarratas ar ordú ceadúcháin, féadfaidh an tAire a cheangal ar an iarratasóir pé pleananna agus scríbhní eile, maidir leis an bhforas nó an t-áitreabh ar ina leith a hiarrfar an t-ordú, do chur isteach a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-iarratas a bhreithniú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire a thabhairt go n-iniúchfar foras nó áitreabh a n-iarrfar ordú ceadúcháin ina leith agus go dtabharfar tuarascáil dó ar an iniúchadh san. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha a mheasfaidh is ceart a chur ag gabháil le hordú ceadúcháin. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú ceadúcháin a chúlghairm ar aon chúis is leor leis, lena n-áirítear, go sonnrach, aon bhriseadh ar choinníoll ar bith a bheas ag gabháil leis an ordú ceadúcháin. | |
[EN] |
Srian le daoine a ghlacadh mar othair shealadacha agus mar othair thoildheonacha. |
159. —(1) Ní déanfar duine ar bith a ghlacadh mar othar shealadach i bhforas nó in áitreabh mura mbeidh an foras nó an t-áitreabh ceadaithe faoin gCuid seo den Acht so chun othair shealadacha do ghlacadh ann. |
[EN] | (2) Ní déanfar duine ar bith a ghlacadh mar othar thoildheonach i bhforas nó in áitreabh mura mbeidh an foras nó an t-áitreabh ceadaithe faoin gCuid seo den Acht so chun othair thoildheonacha do ghlacadh ann. | |
[EN] | (3) Má déantar, maidir le foras nó áitreabh nach foras meabhairghalar, sárú ar an alt so, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais nó an áitribh ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta. | |
[EN] |
Clár d'othair i bhforas ceadaithe. |
160. —Coimeádfar, maidir le foras ceadaithe, clár sa bhfoirm ordaithe ina n-iontrálfar na sonnraí ordaithe i dtaobh gach duine a glacfar mar othar shealadach agus gach duine a glacfar mar othar thoildheonach sa bhforas san. |
[EN] |
Rialacháin ag rialú seoladh foras ceadaithe. |
161. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh— |
[EN] | (a) ag rialú seoladh foras ceadaithe maidir le daoine a glacfar iontu mar othair shealadacha nó othair thoildheonacha, | |
[EN] | (b) á ordú cad iad na foirne liachta a bheas le fostú i bhforais cheadaithe chun daoine a glacfar iontu mar othair shealadacha nó othair thoildheonacha do chóireáil, | |
[EN] | (c) á ordú cad iad na breacachán a bheas le coimeád i bhforais cheadaithe maidir le daoine a glacfar iontu mar othair shealadacha nó othair thoildheonacha. | |
[EN] | (2) Féadfaidh rialacháin faoin alt so baint le gach foras ceadaithe, nó le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin. | |
[EN] | (3) Má déantar, maidir le haon fhoras ceadaithe, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon rialachán a bheas déanta faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta. |