An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceantair Ospideil Mheabhair-Ghalar agus Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.) Ar Aghaidh (CUID V. Forais ata le Cur ar Fail agus le Cothabhail ag Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID IV.

Dualgas Generalta Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar chun Coireail, Cothabhail, Comhairle agus Seirbhisi a Sholathar.

Dualgas generálta údaráis óspidéil mheabhairghalar chun cóireáil, cothabháil, comhairle agus seirbhísí a sholáthar.

19. —I gcás—

(a) ina mbeidh duine ina ghnáth-chomhnaí i gceantar óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(b) inar gá don duine sin, de dheascaibh easláine meabhrach, aon chóireáil, cothabháil, comhairle nó seirbhís, agus

(c) ina mbeidh an duine sin (i dteannta na ndaoine, más ann, a dhlíos é a chothabháil) neamhacmhainneach ar chostas iomlán na cóireála, na cothabhála, na comhairle nó na seirbhíse sin a sholáthar,

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar san, faoi réir forál an Achta so, an chóireáil, an chothabháil, an chomhairle nó an tseirbhís sin a sholáthar don duine sin.