|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Cólucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta. (The Irish National Stud Company, Ltd.)) |
AN tACHT GROIGHE NÁISIÚNTA, 1945
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II. An Groighealach Naisiunta do Dhilsiu san Aire Talmhaiochta agus Cumhacht an Aire sin chun Leasa do Thabhairt agus Ceadunais do Dheonadh maidir leis an nGroighealach Naisiunta. | |
| [EN] |
An Groighealach Náisiúnta do dhílsiú san Aire Talmhaíochta. |
6. —(1) Ar an Acht so do rith dilseoidh an Groighealach Náisiúnta, de bhuaidh an ailt seo agus gan aon leithliú ná sannadh, san Aire Talmhaíochta chun an eastáit nó an leasa uile a bhí ag an Stát ann díreach roimh an Acht so do rith. |
| [EN] | (2) Má bhíonn aon duine cláraithe faoin Registration of Title Act, 1891, mar únaer eastáit nó leasa in aon talamh a dhílseos, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt so, san Aire Talmhaíochta, déanfaidh an t-údarás clárathachta faoin Acht san, ar dheimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire sin do thaspáint á dheimhniú gur dhílsigh an talamh san ann de bhuaidh fo-ailt (1) den alt so, ainm an Aire sin do chur in ionad ainme an duine sin. | |
| [EN] |
Léasa maidir leis an nGroighealach Náisiúnta. |
7. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgeadais, léasa ar feadh téarma ar bith do thabhairt maidir leis an nGroighealach Náisiúnta nó aon chuid de. |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le gach léas do bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt so— | |
| [EN] | (a) mura dóigh leis an Aire Talmhaíochta go mba cheart ar mhaithe leis an bpoiblíocht an léas do thabhairt saor ó íocaíocht ar bith, bhéarfar é ar chomha go n-íocfar leis an Aire sin pé airgead, i ngné fíneála nó réamhíocaíochta eile nó i ngné cíosa nó sa dá ghné sin, a mheasfaidh an tAire sin is cóir agus ar a gcomhaontóidh leis an té atá le bheith ina léasaí; | |
| [EN] | (b) beidh sa léas— | |
| [EN] | (i) pé cumhnanta, coinníollacha agus comhaontuithe a mheasfaidh an tAire sin is ceart nó is inmhianuithe ar mhaithe leis an bpoiblíocht agus ar a gcomhaontóidh leis an té atá le bheith ina léasaí, | |
| [EN] | (ii) províso i dtaobh athionadachta i gcás an léasaí do shárú, do neamhchomhlíonadh nó do neamhchoimeád aon chumhnaint, coinníll nó comhaontuithe dá mbeidh sa léas; | |
| [EN] | (c) ní háireofar sa léas ná ní shroichfidh an léas aon mhianraí ná cearta mianadóireachta is mianraí Stáit chun críocha an Achta Forbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 ), ach is cead go n-áireofaí ann nó go sroichfeadh sé aon cheann nó cinn acu so leanas, eadhon, gaineamh, gairbhéal, cloch agus cré, nach mó ná fiche troigh faoi uachtar talún. | |
| [EN] | (3) Má bheartaíonn an tAire Talmhaíochta léas ar feadh aon téarma is sia ná cúig bliana do thabhairt faoi fho-alt (1) den alt so, leagfaidh sé faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ina mbeidh sonnraí i dtaobh an tailimh a beartaítear a áireamh sa léas, ainm an té atá le bheith ina léasaí, an fhíneáil nó an réamhíocaíocht eile (más ann) agus an cíos (más ann) a beartaítear a éileamh agus na cumhnanta, na coinníollacha agus na comhaontuithe a beartaítear a chur sa léas. | |
| [EN] | (4) Ní déanfar aon léas ar feadh aon téarma is sia ná cúig bliana do thabhairt faoi fho-alt (1) den alt so— | |
| [EN] | (a) go dtí go mbeidh údaraithe le rún ag gach Tigh den Oireachtas an léas do thabhairt go modhnú nó gan modhnú ar na forála a beartaítear a chur sa léas, nó | |
| [EN] | (b) go dtí deireadh pé tréimhse acu so leanas is sia, sé sin le rá— | |
| [EN] | (i) dhá lá dhéag tar éis an chéad lae a shuífidh ceachtar Tigh den Oireachtas i ndiaidh an ráiteas iomchuibhe a luaitear i bhfo-alt (3) den alt so do leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais, | |
| [EN] | (ii) sé lá a shuífidh ceachtar Tigh den Oireachtas i ndiaidh an ráiteas san do leagadh amhlaidh faoi bhráid na dTithe. | |
| [EN] | (5) Má húdaraítear le rún ó cheachtar Tigh den Oireachtas léas do thabhairt faoi fho-alt (1) den alt so faoi réir aon mhodhnuithe ar na forála a beartaítear a chur sa léas, ní tabharfar an léas ach amháin faoi réim agus faoi réir an mhodhnuithe sin. | |
| [EN] |
Ceadúnais maidir leis an nGroighealach Náisiúnta. |
8. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgeadais, ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith, ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh an tAire Talmhaíochta is ceart, chun an Groighealach Náisiúnta nó aon chuid de d'úsáid agus do lonnú ar feadh aon tréimhse sonnraithe, go ginearálta nó i slí áirithe nó chun críche áirithe. |
| [EN] | (2) Aon cheadúnas a deonfar faoi fho-alt (1) den alt so chun aon chuid den Ghroighealach Náisiúnta a bheas ar seilbh ag an Aire Talmhaíochta mar thionóntacht ó bhliain go bliain d'úsáid agus do lonnú, ní tuigthe gur fo-ligean é ar an gcuid sin chun críocha an Land Law (Ireland) Act, 1881. | |
| [EN] |
Acht na dTailte Stáit, 1924 , do scor d'fheidhm do bheith aige maidir leis an nGroighealach Náisiúnta. |
9. —Scoirfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , d'fheidhm do bheith aige maidir leis an nGroighealach Náisiúnta. |