An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Groighealach Naisiunta do Dhilsiu san Aire Talmhaiochta agus Cumhacht an Aire sin chun Leasa do Thabhairt agus Ceadunais do Dheonadh maidir leis an nGroighealach Naisiunta.) Ar Aghaidh (CUID IV. Airneis Airithe leis an Stat d'Aistriu chun na Cuideachtan.)

31 1945

AN tACHT GROIGHE NÁISIÚNTA, 1945

CUID III.

Cólucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta.

(The Irish National Stud Company, Ltd.)

An Chuideachta do bhunú agus do chlárú.

10. —A luaithe is féidir tar éis an Achta so do rith, déanfaidh an tAire Talmhaíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Air geadais, gach ní a chífear dó is gá nó is inmhianuithe chun a thabhairt go mbunófar agus go gclárófar faoi na hAchta Cuideachtan cuideachta theoranta a bheas do réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Acht so.

Ainm agus caipiteal na Cuideachtan.

11. —(1) Cólucht Groighe Náisiúnta na hÉireann, Teoranta (The Irish National Stud Company, Limited), is ainm don Chuideachtain.

(2) Is é is scair-chaipiteal don Chuideachtain dhá chéad agus caoga míle punt agus é roinnte ina scaireanna de phunt an ceann agus, d'ainneoin éinní dá bhfuil sna hAchta Cuideachtan, ní dleathach don Chuideachtain an caipiteal san do mhéadú ná do laghdú.

Meamram Comhlachais na Cuideachtan.

12. —(1) Is i pé foirm, a bheas do réir an Achta so, a cheadóidh an tAire Talmhaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheas Meamram Comhlachais na Cuideachtan.

(2) Déanfar cuspóirí na Cuideachtan do luadh sa Mheamram Comhlachais i slí a léireos gurb iad is príomh-chuspóirí don Chuideachtain—

(a) pé léasa nó ceadúnais maidir leis an nGroighealach Náisiúnta nó le haon chuid de do ghlacadh a bhéarfaidh nó a dheonfaidh an tAire Talmhaíochta don Chuideachtain ó am go ham;

(b) gnó groighealaigh do sheoladh ar aon talamh lena mbainfidh aon léas nó ceadúnas den tsórt san agus ar aon talamh eile a bheas ar seilbh ag an gCuideachtain.

Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan.

13. —(1) Is i pé foirm, a bheas do réir an Achta so, a cheadóidh an tAire Talmhaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a bheas Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan.

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachtan, sé sin le rá—

(a) forálfaidh na hAirteagail sin nach lú ná triúr ná nach mó ná cúigear líon na stiúrthóirí (agus an cathaoirleach d'áireamh);

(b) forálfaidh na hAirteagail sin gurb é cáilíocht is gá chun duine bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachtain scair amháin ar a laghad sa Chuideachtain do bheith aige;

(c) forálfaidh na hAirteagail sin go ndéanfar i gcomhnaí cathaoirleach agus stiúrthóirí eile uile na Cuideachtan do cheapadh, agus go bhféadfar iad do chur as oifig, ag an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta;

(d) forálfaidh na hAirteagail sin go gceapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile;

(e) forálfaidh na hAirteagail sin ná hainmneofar duine ar bith mar Iniúchóir don Chuideachtain gan ceadú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta;

(f) ní thabharfaidh na hAirteagail sin don Chuideachtain aon chumhacht chun caipiteal na Cuideachtan do mhéadú ná do laghdú ná aon chumhacht chun bintiúirí d'eisiúin ná, ach amháin do réir an Achta so, chun airgead d'fháil ar iasacht.

An Meamram nó na hAirteagail Chomhlachais d'athrú.

14. —D'ainneoin éinní dá bhfuil sna hAchta Cuideachtan, ní bheidh aon athrú ar Mheamram Comhlachais nó Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan bailí ná éifeachtach muran le réamhcheadú an Aire Thalmhaíochta arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a déanfar é.

Iasacht don Chuideachtain chun costais a bunuithe d'íoc.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta suim nach mó ná dhá chéad agus caoga punt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh is ceart maidir le ham agus modh aisíoctha, ráta úis, urrús agus nithe ar bith eile.

(2) Déanfaidh an Chuideachta aon airgead a bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain faoin alt so d'úsáid chun nó mar chabhair chun íoctha costas tionnscnaimh, bunuithe, agus cláruithe na Cuideachtan agus réamhchostas eile na Cuideachtan agus chuige sin amháin.

(3) Na suimeanna uile a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Talmhaíochta chun nó mar chabhair chun aon airgead a bheas tugtha ar iasacht don Chuideachtain faoin alt so d'aisíoc nó chun an t-ús ar aon airgead den tsórt san d'íoc, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Scair-chaipiteal na Cuideachtan d'eisiúin.

16. —(1) Déanfar aon scair amháin i scair-chaipiteal na Cuideachtan do dháiliú agus d'eisiúin do gach duine de shuibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan agus déanfar, faoi réir forál an Achta so, an chuid eile de scair-chaipiteal na Cuideachtan do dháiliú agus d'eisiúin don Aire Airgeadais.

(2) An t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan i gcomaoin scaireanna i scairchaipiteal na Cuideachtan do dháiliú agus d'eisiúin dóibh de bhun fo-ailt (1) den alt so, réamhíocfar é as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

Srianta le scairchaipiteal na Cuideachtan d'eisiúin.

17. —Ní déanfar tráth ar bith aon eisiúin ar scair-chaipiteal na Cuideachtan (seachas scair-chaipiteal a ndéanfar é d'eisiúin do shuibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan nó scaireanna a gceangaltar le halt 18 den Acht so ar an gCuideachtain iad d'eisiúin don Aire Airgeadais) mura ndéana an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, an eisiúin sin d'údarú.

Scaireanna d'eisiúin don Aire Airgeadais i gcomaoin áirnéis d'aistriú.

18. —Chun go gcinnfear agus chun a áirithiú go n-íocfar leis an Stát suim a bheas le n-íoc ag an gCuideachtain i gcomaoin an aistrithe (a thiocfas in éifeacht ar dháta an aistrithe trí oibriú ailt 31 den Acht so) a déanfar chun na Cuideachtan ar an áirnéis leis an Stát a bheas ar an nGroighealach Náisiúnta ar dháta an aistrithe, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis dáta an aistrithe, deimhniú do thabhairt i scríbhinn á dheimhniú cad é an tsuim is dóigh leis is iníoctha ag an gCuideachtain i gcomaoin an aistrithe sin;

(b) déanfaidh an Chuideachta, ar an Aire Airgeadais dá iarraidh sin tráth ar bith tar éis dó an deimhniú san do thabhairt, gnáth-scaireannaa lán-íoctha sa Chuideachtan is comhionann (ina n-ainm-luach) leis an tsuim a bheas deimhnithe amhlaidh d'eisiúin don Aire Airgeadas gan íocaíocht uaidh sin.

Cumhacht an Aire chun scaireanna do thógaint trí shuibscríobhadh.

19. —Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon scaireanna sa Chuideachtain do thógaint trí shuibscríobhadh.

Cumhachta an Aire Airgeadais mar scairshealbhóir.

20. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire, gach ceann nó aon cheann de na cearta agus na cumhachta is infheidhmithe ó am go ham ag sealbhóir scaireanna den tsórt san d'fheidhmiú faoi réir an Achta so, agus má bhíonn na cearta nó na cumhachta san infheidhmithe trí atúrnae féadfaidh an tAire sin, má mheasann sé gur ceart é, na cearta nó na cumhachta san d'fheidhmiú trína atúrnae.

Airgead do réamhíoc as an bPríomh-Chiste.

21. —(1) An t-airgead uile a theastós ó am go ham ón Aire Airgeadais chun íocaíochta do dhéanamh is gá dhó a dhéanamh i leith aon scaireanna a mbeidh suibscríofa aige dhóibh faoin Acht so, réamhíocfar é as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Chun airgead do sholáthar le haghaidh na suimeanna a réamhíocfar as an bPríomh-Chiste faoin alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do chruthnú agus d'eisiúin ar pé ráta úis agus faoi réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear bun-airgid agus úis aon urrús a heiseofar faoin alt so agus na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús san d'eisiúin.

E bheith d'oblagáid ar scair-shealbhóirí (seachas an tAire Airgeadais scaireanna do shealbhú ar iontaobhas don Aire.

22. —(1) Is ar iontaobhas don Aire Airgeadais a shealbhós gach comhalta den Chuideachtain (agus suibscríobhaithe Mheamram Comhlachais na Cuideachtan d'áireamh ach gan an tAire Airgeadais d'áireamh) a scair sa Chuideachtain agus dá réir sin beidh de cheangal air na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile uile a gheobhaidh an comhalta san ar an scair sin nó ina leith d'íoc leis an Aire sin chun tairbhe don Stát-Chiste agus fós an scair sin d'aistriú, fé mar agus nuair a cheanglós an tAire san air, chun an Aire sin nó chun duine arna ainmniú ag an Aire sin chuige sin.

(2) Chun go gcomhlíonfar a bhfuil sna hAchta Cuideachtan á fhoráil go mbeidh seacht gcomhalta ar a laghad sa Chuideachtain i gcomhnaí nó chun go mbeidh an cháilíocht is gá ag duine a ceapfar nó a bheas le ceapadh ina stiúrthóir ar an gCuideachtain, féadfaidh an tAire Airgeadais ceachtar ní nó an dá ní acu so leanas do dhéanamh ó am go ham fé mar is gá, sé sin le rá:—

(a) ceann amháin de na scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh ag an Aire sin de thuras na huaire d'aistriú chun duine ar bith;

(b) a cheangal ar aon chomhalta den Chuideachtain aon scair a bheas ar seilbh aige d'aistriú chun an Aire sin nó chun duine ar bith eile.

(3) Ach amháin mar a húdaraítear nó a ceangaltar le fo-alt (2) den alt so ní dhéanfaidh aon chomhalta den Chuideachtain (ar a n-áirítear an tAire Airgeadais) aon scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire d'aistriú ná do choimhithiú.

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

23. —Na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile uile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachtain a bheas ar seilbh aige nó ar iontaobhas dó, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire sin.

Cumhacht na Cuideachtan chun airgead d'fháil ar iasacht.

24. —Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, airgead d'fháil ar iasacht ó am go ham óna bancaeraí, ach ní cead an méid iomlán a bheas faighte ar iasacht faoin alt so agus a bheas gan glanadh do dhul, tráth ar bith, thar pé méid acu so leanas is lú, sé sin le rá:—

(a) céad míle punt;

(b) an méid a bheas gan eisiúin de scair-chaipiteal údaraithe na Cuideachtan.

E bheith d'oblagáid fuíoll-chláir, etc., do thabhairt don Aire Talmhaíochta.

25. —(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire Talmhaíochta laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta faoi leith—

(a) fuíoll-chlár don bhliain chuntasaíochta san agus é iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan;

(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta san agus é iniúchta amhlaidh; agus

(c) tuarascáil ar a himeachta ar feadh na bliana cuntasaíochta san.

(2) Déanfar an fuíoll-chlár agus an cuntas sochair agus dochair a bheas le tabhairt mar adúradh do leagadh amach i pé slí ordóidh an tAire Talmhaíochta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus beidh sa bhfuíoll-chlár san (i dteannta éinní is gá do réir an orduithe sin) coimre ar chaipiteal, sócmhainní agus fiachais na Cuideachtan maraon leis na sonnraí sin a léireos cineál na sócmhainní agus na bhfiachas san agus an tslí inar háiríodh luach na sócmhainní.

(3) Déanfaidh an Chuideachta, ar an Aire Talmhaíochta dá iarraidh sin, pé mínithe do thabhairt don Aire sin a mheasfaidh sé is cuibhe agus is ceart d'iarraidh maidir le haon fhuíoll-chlár, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil a bheas tugtha dhó de bhun an ailt seo.

(4) Déanfaidh an tAire Talmhaíochta cóip de gach fuíoll-chlár, cuntas sochair agus dochair agus tuarascáil a bhéarfar dó de bhun an ailt seo do leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an fuíoll-chlár, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin do thabhairt dó amhlaidh.

(5) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire Talmhaíochta pé eolas, maidir le beartas, gníomhachta agus cinnte na Cuideachtan, a iarrfaidh an tAire sin ó am go ham.

(6) Má fhaillíonn an Chuideachta aon cheann nó cinn d'fhorála an ailt seo do chomhlíonadh, beidh an Chuideachta, maraon le gach stiúrthóir, bainisteoir agus oifigeach eile don Chuideachtain d'údaraigh nó do cheadaigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur orthu in aghaidh gach lae a leanfas an fhaillí.

(7) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta nó féadfar ar agra an Aire Thalmhaíochta, mar chúisitheoir, cionta faoin alt so do chúiseamh.

An Ciste Athsholáthair Stoic.

26. —(1) Cothabhálfaidh an Chuideachta ciste dá ngairmfear an Ciste Athsholáthair Stoic.

(2) Íocfar isteach sa Chiste Athsholáthair Stoic an sochar glan as aon stoc folaíochta a dhéanfaidh an Chuideachta a cheannach as caipiteal agus a chur de láimh, an t-airgead uile a gheobhaidh an Chuideachta ó am go ham ar scór árachais ar stoc folaíochta a ceannófar amhlaidh, agus pé airgead a dháilfidh an Chuideachta ó am go ham don chiste sin as glan-ioncam barrachais.

(3) An t-airgead a bheas i gcreidiúin don Chiste Athsholáthair Stoic úsáidfear é chun críocha caipitiúla faoi réir cheadú an Aire Thalmhaíochta arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus ní chun aon chríche eile.

An Chuideachta do thógaint tailimh.

27. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Thalmhaíochta, ach ní ar aon tslí eile, talamh ar bith do thógaint trí chomhaontú nó ar léas nó ar cíos.

(2) Sara dtuga an tAire Talmhaíochta toiliú faoin alt so rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Tailte leis an gCuideachtain do dhíol, etc.

28. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Thalmhaíochta, ach ní ar aon tslí eile, tailte ar bith leis an gCuideachtain do dhíol, do chur ar léas nó do ligean.

(2) Sara dtuga an tAire Talmhaíochta toiliú faoin alt so rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Forála maidir leis an gCuideachtain d'fhoirceannadh.

29. —I gcás an Chuideachta d'fhoirceannadh, déanfar an t-airgead uile a bheas fágtha, tar éis fiacha na Cuideachtan d'íoc agus an caipiteal a bheas suibscríofa ag scair-shealbhóirí d'aisíoc, d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Scéimeanna speisialta chun síolrú capall folaíochta d'fheabhsú.

30. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le ceadú an Aire Thalmhaíochta, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, scéimeanna speisialta do chur i ngníomh chun síolrú capall folaíochta d'fheabhsú.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna d'íoc leis an gCuideachtain ó am go ham, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, a mheasfaidh an tAire Talmhaíochta is ceart d'íoc mar chabhair chun costas oibrithe scéimeanna faoi fho-alt (1) den alt so do ghlanadh.

(3) Na suimeanna uile a híocfar leis an gCuideachtain faoi fho-alt (2) den alt so, is ar ghlanadh costas faoina raghfar maidir le hoibriú scéimeanna faoi fho-alt (1) den alt so agus air sin amháin a caithfear iad.