|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Easuinti a Mhuchadh, Cearta Sli a Bhunu agus Talamh a Thogaint go hEigeanta.) | Ar Aghaidh (Caibidil III. Talamh a Thogaint go hEigeanta.) |
AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946
| [EN] | ||
| [EN] |
Caibidil II. Easuinti a Mhuchadh agus Cearta Sli a Bhunu. | |
| [EN] |
Easúintí a mhúchadh. |
19. —(1) I gcás aon talamh a bheas ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo a bheith faoi éasúintí ar bith, féadfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú múchta san alt seo) faoin alt seo a iarraidh ar na Coimisinéirí Tuaithe ag múchadh na n-éasúintí sin nó aon cheann nó cinn de na héasúintí sin. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tAire, díreach tar éis ordú múchta a iarraidh, na nithe seo a leanas:— | |
| [EN] | (a) an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an t-iarratas, agus | |
| [EN] | (b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún a gcreidtear aon éasúint lena mbaineann an t-iarratas a bheith ag comhghabháil léi agus ar gach duine a chífear don Aire a bheith ina únaer ar aon talamh den tsórt sin, más féidir an duine sin a fhionnachtain. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe gach iarratas ar ordú múchta a éisteacht, tar éis dóibh an fógra ordaithe i dtaobh na héisteachta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an t-iarratas. | |
| [EN] | (4) Ar iarratas ar ordú múchta maidir le haon talamh a éisteacht dóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe— | |
| [EN] | (a) an t-ordú a dhéanamh do réir téarmaí an iarratais, nó | |
| [EN] | (b) an t-ordú a dhéanamh, agus aon éasúintí sonraithe a bhaineas leis an talamh a eisiadh ó oibriú an orduithe, nó | |
| [EN] | (c) diúltú don iarratas. | |
| [EN] | (5) I gcás ina mbeidh ordú múchta maidir le haon talamh déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, féadfaidh duine ar bith ag a mbeidh teideal chun aon éasúna, a bhaineas leis an talamh sin agus a múchfar trí oibriú an orduithe, achomharc a dhéanamh, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a bheith déanta, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe sa mhéid go n-oibreoidh sé chun an éasúint sin a mhúchadh agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (a) an t-ordú a dhaingniú, nó | |
| [EN] | (b) an t-ordú a chúlghairm, nó | |
| [EN] | (c) an t-ordú a athrú d'fhonn an éasúint sin a eisiadh ó oibriú an orduithe. | |
| [EN] | (6) I gcás ina ndiúltófar d'iarratas ar ordú múchta maidir le haon talamh, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (a) an diúltú sin a dhaingniú, nó | |
| [EN] | (b) an t-ordú a dhéanamh do réir téarmaí an iarratais, nó | |
| [EN] | (c) an t-ordú a dhéanamh, agus aon éasúint nó éasúintí sonraithe a bhaineas leis an talamh a eisiadh ó oibriú an orduithe. | |
| [EN] | (7) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú múchta maidir le haon talamh agus aon éasúint a bhaineas leis an talamh a eisiadh ó oibriú an orduithe, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a bheith déanta, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne eisiadh na héasúna sin ó oibriú an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (a) an t-ordú a dhaingniú, nó | |
| [EN] | (b) an t-ordú a athrú tríd an éasúint sin a áireamh ann. | |
| [EN] | (8) Beidh an tAire agus aon duine leasmhar, mar dhuine atá i dteideal éasúna a bhaineas le haon talamh is abhar d'iarratas nó d'achomharc faoi aon cheann de na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, i dteideal éisteacht a fháil ar an iarratas nó an achomharc a éisteacht. | |
| [EN] | (9) (a) Ní thiocfaidh ordú múchta a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo. | |
| [EN] | (b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú múchta agus ná déanfar aon achomharc ina leith faoi fho-ailt (5) nó (7) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis a dhéanta. | |
| [EN] | (c) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc daingniú nó athrú faoi fho-ailt (5) nó (7) den alt seo ar ordú a rinne na Coimisinéirí Tuaithe, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh. | |
| [EN] | (d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú múchta faoi fho-alt (6) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta amhlaidh. | |
| [EN] | (10) (a) I gcás ina mbeidh ordú múchta maidir le haon talamh tar éis teacht i bhfeidhm, dlífidh an tAire cúiteamh a íoc le duine ar bith a bheas i dteideal éasúna, a bhaineas leis an talamh agus a múchadh leis an ordú múchta. | |
| [EN] | (b) Aon chúiteamh is iníoctha ag an Aire faoin bhfo-alt seo, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, mura gcomhaontaítear ina thaobh, é a chinneadh, ar an Aire nó an duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an chúitimh sin dá iarraidh sin. | |
| [EN] | (c) Féadfaidh an tAire nó duine ar bith a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun cúitimh faoin bhfo-alt seo achomharc a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a thug na Coimisinéirí Tuaithe breith ar iarratas á iarraidh an cúiteamh sin a chinneadh, chun an Bhínse Achomhairc in aghaidh na breithe. | |
| [EN] | (11) I gcás ina mbeidh ordú múchta maidir le haon talamh, a bheas cláraithe faoi Acht 1891, tar éis teacht i bhfeidhm, cuirfidh an tAire cóip den ordú go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891, agus iontrálfaidh an t-údarás clárúcháin sin sonraí i dtaobh an orduithe sa bhfóile iomchuibhe. | |
| [EN] | (12) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú múchta, ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (11) den alt seo. | |
| [EN] |
Cearta slí sealadacha chun adhmad a iompar. |
20. —(1) I gcás ceart slí (dá ngairmtear an ceart slí riachtanach sa bhfo-alt seo) de bhealach áirithe thar talamh ar bith (dá ngairmtear an fo-thionóntán beartaithe sa bhfo-alt seo) a bheith ag teastáil, chun aon adhmad (lena n-áirítear adhmad ó chrainn a beartaítear a leagan) a iompar ó choill nó foraois go dtí bóthar poiblí nó go dtí iarnród nó uiscebhealach, ó únaer an adhmaid sin, féadfaidh sé iarratas a chur chun na gCoimisinéirí Tuaithe (ina gcuirfear in iúl, trí thagairt do phlean a bheas ag gabháil leis an iarratas, an ceart slí riachtanach agus ina sonrófar an tréimhse (nach sia ná dhá mhí dhéag agus dá ngairmtear an tréimhse riachtanach sa bhfo-alt seo) a dteastaíonn uaidh an ceart slí riachtanach a fheidhmiú ar a feadh) ag iarraidh orduithe ag deonadh an chirt shlí riachtanaigh dhó, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— |
| [EN] | (a) ar an iarratasóir do dhéanamh an iarratais, seirbheálfaidh sé an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais ar áititheoir (más ann) an fho-thionóntáin bheartaithe agus ar an duine a bhfeicfear dó gurb é únaer an fho-thionóntáin bheartaithe é, más féidir go réasúnach an duine sin a fhionnadh; | |
| [EN] | (b) foilseoidh na Coimisinéirí Tuaithe an fógra ordaithe i dtaobh éisteachta an iarratais san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an fo-thionóntán beartaithe; | |
| [EN] | (c) féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, tar éis dóibh an t-iarratas a éisteacht,— | |
| [EN] | (i) ordú a dhéanamh ag deonadh cirt shlí (arb é a bheas ann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) don iarratasóir, a bheas infheidhmithe ar feadh na tréimhse riachtanaí nó ar feadh pé tréimhse eile (nach sia ná dhá mhí dhéag) is oiriúnach leo, thar an bhfo-thionóntán beartaithe, nó | |
| [EN] | (ii) diúltú don iarratas; | |
| [EN] | (d) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, féadfaidh áititheoir nó únaer an fho-thionóntáin bheartaithe, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhaire, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (i) an t-ordú a dhaingniú, nó | |
| [EN] | (ii) an t-ordú a dhaingniú, ach ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, eadhon, bealach an chirt shlí a bheas bunaithe ag an ordú a athrú agus an tréimhse a athrú (ach sin i slí nach sia í ná dhá mhí dhéag) a bheas sonraithe san ordú mar thréimhse a mbeidh an ceart slí infheidhmithe ar a feadh, nó | |
| [EN] | (iii) an t-ordú a chúlghairm; | |
| [EN] | (e) má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú a dhéanamh, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (i) an diúltú sin a dhaingniú, nó | |
| [EN] | (ii) ordú a dhéanamh ag deonadh cirt shlí (arb é a bheas ann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) don iarratasóir, a bheas infheidhmithe ar feadh na tréimhse riachtanaí nó ar feadh pé tréimhse eile (nach sia ná dhá mhí dhéag) is oiriúnach leo, thar an bhfo-thionóntán beartaithe; | |
| [EN] | (f) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, ach go ndeonfaid leis an ordú sin ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, sa mhéid go ndeonann ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, agus féadfaidh an Bínse Achomhaire, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, nó | |
| [EN] | (ii) an t-ordú a athrú trí cheart slí eile a chur in ionad an chirt shlí a bheas sonraithe san ordú; | |
| [EN] | (g) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, ach go ndeonfaid leis an ordú sin ceart slí a bheas infheidhmithe ar feadh tréimhse is giorra ná an tréimhse riachtanach, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, sa mhéid go ndeonann ceart slí is infheidhmithe ar feadh tréimhse is giorra ná an tréimhse riachtanach, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, nó | |
| [EN] | (ii) an t-ordú a athrú tríd an tréimhse a athrú (ach sin i slí nach sia í ná dhá mhí dhéag) a bheas sonraithe san ordú mar thréimhse a mbeidh an ceart slí infheidhmithe ar a feadh; | |
| [EN] | (h) beidh an t-iarratasóir agus áititheoir agus únaer an fhothionóntáin bheartaithe i dteideal éisteacht a fháil ar an iarratas nó ar achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht; | |
| [EN] | (i) más deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc (pé acu é) nach féidir, tar éis fiosrú dícheallach a dhéanamh, únaer an fho-thionóntáin bheartaithe a fháil ná a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht agus a chinneadh d'ainneoin gan an t-únaer sin a bheith arna fháil ná arna fhionnadh. | |
| [EN] | (2) Maidir le gach ordú faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
| [EN] | (a) beidh léarscáil ag gabháil leis a thaispeánfas suíomh agus fairsinge an chirt shlí a deontar leis, | |
| [EN] | (b) beidh sé agus déarfaidh sé a bheith ina ordú a bhronnas ar an deonaí faoin ordú agus ar a cheadúnaithe, ar feadh na tréimhse (is tuigthe thosnú ar dháta an orduithe a theacht i bhfeidhm) a bheas sonraithe san ordú, ceart gabhála agus athghabhála, i dteannta nó d'éagmais feithiclí agus ainmhithe, thar an bpíosa talún a mbeidh an ceart slí, mar a taispeánfar an léarscáil sin, infheidhmithe thairis, | |
| [EN] | (c) oibreoidh sé chun a údarú don deonaí sin bóthar a dhéanamh agus a chothabháil ar an bpíosa talún sin. | |
| [EN] | (3) (a) Ní thiocfaidh ordú a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo. | |
| [EN] | (b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ná déanfar aon achomharc ina leith go cuibhe faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis dáta an orduithe a dhéanamh. | |
| [EN] | (c) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh an Bínse Achomairc é faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh. | |
| [EN] | (d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomairc ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta amhlaidh. | |
| [EN] | (4) (a) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, dlífidh an deonaí faoin ordú cúiteamh a íoc le háititheoir (más ann) agus le húnaer na talún a ndeontar an ceart slí thairis leis an ordú. | |
| [EN] | (b) Aon chúiteamh is iníoctha faoin bhfo-alt seo déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, mura gcomhaontaítear ina thaobh, é a chinneadh, ar an duine a dhlífeas an cúiteamh a íoc nó an duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chuige dá iarraidh sin. | |
| [EN] | (c) An duine a dhlífeas aon chúiteamh a íoc faoin bhfo-alt seo nó aon duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an chúitimh sin, féadfaidh sé, laistigh de mhí tar éis an dáta a thug na Coimisinéirí Tuaithe breith ar iarratas á iarraidh an cúiteamh sin a chinneadh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne na breithe. | |
| [EN] | (5) I gcás an deonaí faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo do dhéanamh bóthair ar an bpíosa talún a mbeidh an ceart slí a deonadh leis an ordú infheidhmithe thairis, féadfaidh áititheoir nó únaer na talún sin, laistigh de mhí tar éis deireadh na tréimhse a mbeidh an ceart infheidhmithe ar a feadh, fógra a sheirbheáil ar an deonaí sin á cheangal air na habhair a húsáideadh chun an bóthar sin a dhéanamh a aistriú as an bpíosa talún sin, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
| [EN] | (a) aistreoidh an deonaí sin na habhair sin tráth nach déanaí ná mí tar éis an fógra a sheirbheáil, | |
| [EN] | (b) mura gcomhlíona an deonaí sin mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an t-áititheoir nó an t-únaer na habhair sin a aistriú agus, sa chás sin, féadfaidh na costais faoina ndeachaigh sé maidir leis an aistriú sin a aisghabháil ón deonaí sin mar fhiach ghnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
| [EN] | (6) Má bhíonn an talamh, a ndeonfar ceart slí thairis le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, cláraithe faoi Acht 1891, cuirfidh Coimisiún na Talún cóip den ordú go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891, maraon le teastas i dtaobh an dáta a tháinig an t-ordú i bhfeidhm, agus cláróidh an t-údarás clárúcháin sin an ceart slí sin mar ualach ar an talamh sin ar feadh na tréimhse a mbeidh an ceart slí sin infheidhmithe ar a feadh. | |
| [EN] | (7) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ná ní bheidh aon táillí íníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (6) den alt seo. | |
| [EN] |
Cearta slí a bhunú. |
21. —(1) I gcás ina dteastóidh ón Aire, maidir le haon talamh (dá ngairmtear an príomh-thionóntán beartaithe sa bhfo-alt seo) a bheas ar seilbh aige chun críocha an Achta seo, ceart slí (dá ngairmtear an ceart slí riachtanach sa bhfo-alt seo) de bhealach áirithe thar aon talamh eile (dá ngairmtear an fo-thionóntan beartaithe sa bhfo-alt seo), féadfaidh sé iarratas a chur chun na gCoimisinéirí Tuaithe (ina gcuirfear in iúl, trí thagairt do phlean a bheas ag gabháil leis an iarratas, an ceart slí riachtanach) ag lorg orduithe ag bunú an chirt shlí riachtanaigh, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— |
| [EN] | (a) ar an Aire do dhéanamh an iarratais, seirbheálfaidh sé an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais ar áititheoir (más ann) an fho-thionóntáin bheartaithe agus ar an duine a bhfeicfear don Aire gurb é únaer an fho-thionóntáin bheartaithe é, más féidir go réasúnach an duine sin a fhionnadh; | |
| [EN] | (b) foilseoidh na Coimisinéirí Tuaithe an fógra ordaithe i dtaobh éisteachta an iarratais san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an fo-thionóntán beartaithe; | |
| [EN] | (c) féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, tar éis dóibh an t-iarratas a éisteacht,— | |
| [EN] | (i) ordú a dhéanamh ag bunú cirt shlí (arb é a bheasann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) thar an bhfo-thionóntán beartaithe mar chomhghabhálas leis an bpríomhthionóntán beartaithe, nó | |
| [EN] | (ii) diúltú don iarratas; | |
| [EN] | (d) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, féadfaidh áititheoir nó únaer an fho-thionóntáin bheartaithe, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (i) an t-ordú a dhaingniú, nó | |
| [EN] | (ii) an t-ordú a dhainghniú ach bealach an chirt shlí a bheas bunaithe ag an ordú a athrú, nó | |
| [EN] | (iii) an t-ordú a chúlghairm; | |
| [EN] | (e) má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Tuaithe ordú a dhéanamh, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (i) an diúltú a dhaingniú, nó | |
| [EN] | (ii) ordú a dhéanamh ag bunú cirt shlí (arb é a bheas ann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) thar an bhfo-thionóntán beartaithe mar chomhghabhálas leis an bpríomhthionóntán beartaithe; | |
| [EN] | (f) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú ach go mbunóid leis an ordú sin ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, sa mhéid go mbunaíonn ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,— | |
| [EN] | (i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, nó | |
| [EN] | (ii) an t-ordú a athrú trí cheart slí eile a chur in ionad an chirt shlí a bheas sonraithe san ordú; | |
| [EN] | (g) beidh an tAire agus áititheoir agus únaer an fhothionóntáin bheartaithe i dteideal éisteacht a fháil ar an iarratas nó achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht; | |
| [EN] | (h) más deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc (pé acu é) nach féidir, tar éis fiosrú dícheallach a dhéanamh, únaer an fho-thionóntáin bheartaithe a fháil ná a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht agus a chinneadh, d'ainneoin gan an t-únaer sin a bheith arna fháil ná arna fhionnadh. | |
| [EN] | (2) Maidir le gach, ordú faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
| [EN] | (a) beidh léarscáil ag gabháil leis a thaispeánfas suíomh agus fairsinge an chirt shlí a bunaítear leis, | |
| [EN] | (b) beidh sé agus déarfaidh sé a bheith ina ordú a bhronnas ar an Aire, ar a chomharbaí teidil agus ar a cheadúnaithe, ceart gabhála agus athghabhála, tráth ar bith, i dteannta nó d'éagmais feithiclí agus ainmhithe, thar an talamh a mbeidh an ceart slí (mar a taispeánfar ar an léarscáil sin) infheidhmithe thairis. | |
| [EN] | (3) (a) Ní thiocfaidh ordú a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo. | |
| [EN] | (b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ná déanfar aon achomharc ina leith go cuibhe faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis dáta an orduithe a dhéanamh. | |
| [EN] | (c) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh an Bínse Achomhairc é faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh. | |
| [EN] | (d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta amhlaidh. | |
| [EN] | (4) (a) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, dlífidh an tAire cúiteamh a íoc le húnaer na talún a mbunófar an ceart slí thairis leis an ordú. | |
| [EN] | (b) Aon chúiteamh is iníoctha faoi bhfo-alt seo déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, mura gcomhaontaítear ina thaobh, é a chinneadh, ar an Aire nó an duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an chúitimh dá iarraidh sin. | |
| [EN] | (c) Féadfaidh an tAire nó duine ar bith a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun cúitimh faoin bhfo-alt seo achomharc a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a thug na Coimisinéirí Tuaithe breith ar iarratas á iarraidh an cúiteamh sin a chinneadh, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne na breithe. | |
| [EN] | (5) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, féadfaidh an tAire bóthar a dhéanamh agus a choimeád i dtreo ar an gcuid den talamh a mbeidh an ceart slí a bunaíodh leis an ordú infheidhmithe thairis. | |
| [EN] | (6) Má bhíonn an talamh, a mbunófar ceart slí thairis le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, cláraithe faoi Acht 1891, cuirfidh an tAire cóip den ordú go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891 agus cláróidh an t-údarás clárúcháin sin an ceart slí sin mar ualach ar an talamh sin. | |
| [EN] | (7) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (6) den alt seo. |