|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
AN tACHT SLÁINTE, 1947
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Na Nithe a bhFeadae Socru a dheanamh ina dtaobh i Rialachain chun Leathadh Galair Aicidigh a Chosc. | |
1. Ceangal a chur ar dhochtúirí leighis cláraithe agus ar dhaoine eile fógra a thabhairt do dhochtúir oifigiúil sláinte i dtaobh cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh áirithe, nó cásanna ar dócha gur fáig aicídithe le galar aicídeach iad, a thiocfas ar a n-úidh, agus an modh agus an t-am d'ordú ina mbeidh na fógraí sin le tabhairt. | ||
2. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha gabháil faoi scrúduithe, nó ar thuistí leanaí na leanaí sin a chur isteach faoi scrúduithe, ag dochtúirí leighis cláraithe féachaint an dócha gur fáigeanna aicídithe le galar aicídeach na daoine éatacha nó na leanaí sin agus ceangal a chur ar na daoine éatacha nó na tuistí sin gach saoráid réasúnach a thabhairt do na dochtúirí sin le haghaidh na scrúduithe sin, lena n-áirítear cead chun samplaí fola nó samplaí eile a thógaint i gcóir scrúduithe nó tástála. | ||
3. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha gabháil faoi mheáin shonraithe, nó ar thuistí leanaí na leanaí sin a chur faoi mheáin shonraithe, maidir le caomhnadh nó díonadh na ndaoine éatacha nó na leanaí sin ar ghalar aicídeach áirithe. | ||
4. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha fanúint sa bhaile nó ar thuistí leanaí na leanaí a choimeád sa bhaile agus ceangal a chur ar na daoine éatacha nó na tuistí sin forchúraim a ghlacadh sa bhaile, trí leithlisiú nó eile, chun ná leathfadh aicidiú. | ||
5. Ceangal a chur ar dhaoine éatacha fanúint as áiteanna sonraithe nó ar thuistí leanaí na leanaí a choimeád as áiteanna sonraithe. | ||
6. Toirmeasc a chur ar thuistí leanaí ar a mbeidh galar aicídeach na leanaí a chur ar scoil nó a cheadú dhóibh scoil d'fhreastal. | ||
7. Srian a chur le leanaí, ar dócha gur fáig aicídithe le galair aicídeacha iad, d'fhreastal scoile, agus dualgas tuistí chun a áirithiú go ndéanfar do réir na srianta. | ||
8. Bainisteoirí scoile ar scoileanna nó coláistí ina raibh galair aicídeacha do thabhairt liosta d'ainmneacha agus seolta daltaí nó mac léinn. | ||
9. Srianta a chur le daoine ar a mbeidh galar aicídeach d'úsáid córacha iompair poiblí. | ||
10. Cumhachta agus dualgais únaerí agus daoine i bhfeighil córacha iompair poiblí maidir le daoine a hiomprófar iontu agus ar dócha gur fáigeanna aicídithe le galar aicídeach iad. | ||
11. Foirgintí agus déanmhais, feithiclí, árthaí agus aerárthaí d'iniúchadh. | ||
12. Glanadh, dí-aicídiú nó dífhoiriciú éigeantach daoine, foirgintí, déanmhas, feithiclí, árthaí, aerárthaí nó earraí agus díothú éigeantach lucha francacha. | ||
13. Earraí aicídithe nó earraí salacha a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí shábhálta. | ||
14. Forchúraim i gcoinne bídh agus dí aicídithe. | ||
15. Forchúraim chun ná leathfaidh aicídiú ó ainmhithe. | ||
16. Adhlacadh corp daoine d'éag de ghalar aicídeach agus coimeád agus iompar na gcorp sin roimh iad d'adhlacadh. | ||
17. Srianta a chur le tóraimh. | ||
18. Ceangal a chur ar údaráis sláinte seirbhísí leighis nó cóiríocht agus cóireá il fhorais a sholáthar ar a gcostas féin nó ar chostas lucht a bhfála do réir mar fhorálfas na rialacháin. | ||
19. Ceangal a chur ar údaráis sláinte táillí d'íoc le dochtúirí leighis cláraithe as fógraí a thabhairt i dtaobh cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh. | ||
20. Forchúraim chun cosc a chur le leathadh galair aicídigh ó árthaí nó aerárthai a thiocfas isteach sa Stát nó a imeos as nó ó phaisnéirí nó foirne na n-árthrthach nó na n-aerárthach sin, lena n-áirítear:— | ||
(a) dualgais a bheas le comhlíonadh ag máistrí, píolótaí agus daoine eile ar bhord árthaigh nó aerárthaigh, | ||
(b) árthaí nó aerárthaí nó daoine ar bord árthaigh nó aerárthaigh a choinneáil, | ||
(c) árthaí nó aerárthaí a mbeidh cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh ar bord acu do thaispeáint comharthaí nó do chur scéala le radio-thelegrafaíocht nó ar shlí eile, | ||
(d) na ceisteanna a bheas le freagairt ag máistrí, píolótaí agus daoine eile ar bord árthaí nó áerárthaí a bheas tar éis port nó tír a ghabháil maidir le cásanna, nó cásanna amhrasta, galair aicídigh ar bord le linn an turais nó ar theacht dóibh. | ||
31. Eolas agus comhairle maidir le galar aicídeach a thabhairt don phobal trí fhógráin, fógraí, paimfléidí, léachtaí, tríd an radio, trí thaispeántais chineama nó ar aon chuma eile. | ||
22. Míniú a thabhairt chun críocha na rialachán iomchuí ar ghalar aicídeach áirithe in aon tslí oiriúnach, lena n-áirítear, go sonrach, trí thagairt d'aon chéim den ghalar. |