|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Daoine agus earraí seadacha.) | Ar Aghaidh (CUID V. Bia agus Deoch.) |
AN tACHT SLÁINTE, 1947
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. Forála Fo-ghabhálacha. | |
[EN] |
Saoráidí chun cumhachta agus dualgais údarás sláinte faoi Chuid IV d'fheidhmiú. |
51. —(1) Chun a gcumhachta agus a ndualgais faoin gCuid seo den Acht seo d'fheidhmúi féadfaidh údarás sláinte aitribh, goireas, abhair nó aon tsaoráidi eile a sholáthar agus a chothabháil nó socrú a dhéanamh le haon duine chun saoráidí den tsórt sin a sholáthar. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordachán a thabhairt d'údarás sláinte i dtaobh an mhodha ina mbeidh, agus a mhéid a bheas, a gcumhachta faoi fho-alt (1) den alt seo le feidhmiú acu agus déanfaidh an t-údarás sláinte sin do réir an ordacháin sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina n-úsáidfidh duine saoráid arna soláthar faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás sláinte iomchuí— | |
[EN] | (a) as a gcomhairle féin, ach faoi réir forál ailt 50 den Acht seo agus faoi réir aon rialacháin iomchuí faoi alt 31 den Acht seo, muirear a ghearradh i leith úsáid na saoráide, nó | |
[EN] | (b) gan aon mhuirear a ghearradh ina leith sin. | |
[EN] |
Inchúiseamh i gcionta faoi Chuid IV. |
52. —(1) Aon chion a déanfar faoin gCuid seo den Acht seo, feádfaidh an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a déanfar é inchúiseamh a dhéanamh ina leith. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon achtacháin ag teorannú an ama ar laistigh de a féadfar imeachta den tsórt sin a bhunú, féadfar aon imeachta i leith ciona faoin gCuid seo den Acht seo a bhunú laistigh den am arna theorannú amhlaidh nó laistigh de thrí mhí ón dáta ar a bhfaighfidh an t-údarás sláinte, a fhéadfas inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona, eolas ar fhianaise is leor leis an Aire chun inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona. | |
[EN] | (3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt ag deimhniú an dáta ar a bhfuair údarás sláinte eolas ar an bhfianaise a luaitear sa bhfo-alt sin, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise chríochnaitheach maidir leis an dáta sin. |