|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1949) | Ar Aghaidh (CUID II. Leasuithe Ilghnéitheacha ar na hAchta.) |
AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1949
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1949 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1949, a ghairm de na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Mínithe agus léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | na hAchta. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948; |
[EN] | an Príomh-Acht. |
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin. |
(2) Léifear agus léireofar le chéile na hAchta agus an tAcht seo, agus dá réir sin beidh san Acht seo ag aon fhocal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá dtug na hAchta brí áirithe an bhrí a tugadh dó amhlaidh. | ||
[EN] |
Na hAchta a bhuanú. |
3. —Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú leis an Acht seo, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1950, agus raghaid in éag ansin. |
[EN] |
Athghairm. |
4. —Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin |