An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Leasuithe Ilghnéitheacha ar na hAchta.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

1 1949

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1949

CUID III.

Fo-dhlithe i dtaobh Bóithre Trasna nó in aice Tailimh a hUsáidtear chun Críocha Míleata.

Mínithe chun críocha Coda III.

10. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” aon duine is—

(a) comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) comhalta de na Fórsaí Cosanta atá údaraithe chuige sin le fo-dhlithe;

ciallaíonn an focal “fo-dhlithe” fo-dhlithe a déanfar faoin gCuid seo.

Fo-dhlithe i dtaobh bóithre trasna nó in aice tailimh a húsáidtear chun críocha míleata.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon chuid áirithe de bhóthar a ghabhas trasna nó in aice aon tailimh (seachas Currach Chill Dara) a húsáidtear chun críocha na bhFórsaí Cosanta, fodhlithe a dhéanamh, le toiliú an údaráis bhóthair ar a bhfuil cúram cothabhála na coda sin, á fhoráil go gcuirfear srian, i pé slí is cuí leis an Aire agus a shonrós sé sna fo-dhlithe, le húsáid na coda sin.

(2) Beidh toiliú údaráis bhóthair faoin alt seo—

(a) más bardas contae-bhuirge an t-údarás bóthair, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineas leis an mbardas sin,

(b) in aon chás eile, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942.

(3) San alt seo, tá leis an abairt “údarás bóthair” an bhrí atá léi san Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946) .

Fo-dhlithe d'fhoilsiú.

12. —Má dhéanann an tAire fo-dhlithe ar bith bhéarfaidh sé go bhfoilseofar na fo-dhlithe i pé slí is gá leis chun iad a chur in iúl do gach duine sa cheantar lena mbainfid agus déanfaidh sé socrú chun cóipeanna de na fo-dhlithe sin a chur ar fáil lena gceannach ar pé praghas (nach mó ná scilling an chóip) a chinnfeas sé.

Pionóis mar gheall ar fhodhlithe a shárú.

13. —Duine ar bith a shárós aon fho-dhlí, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air.

Ciontaitheoirí a chur chun bealaigh agus a ghabháil.

14. —(1) Má bhíonn duine ar aon chuid áirithe de bhóthar lena mbainfidh fo-dhlí contrártha don fho-dhlí—

(a) féadfaidh oifigeach údaraithe a ordú don duine sin imeacht den chuid sin,

(b) mura n-imí an duine sin, nó má dhiúltaíonn sé imeacht den chuid sin ar sin d'ordú dhó—

(i)  beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air, agus

(ii)  féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a chur den chuid sin le forneart nó é a ghabháil gan barántas.

(2) Má ghabhann oifigeach údaraithe (nach comhalta den Gharda Síochána) duine faoin alt seo, bhéarfaidh sé agus seachadfaidh sé an duine sin, a luaithe is féidir, i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndeighleálfar leis do réir dlí.

Feithiclí, ainmhithe, etc., a chur chun bealaigh.

15. —Féadfaidh oifigeach údaraithe aon fheithicil, ainmhí nó ní eile a bheas ar aon bhóthar lena mbainfidh fo-dhlí contrártha don fho-dhlí a chur den bhóthar nó a thabhairt go gcuirfear den bhóthar é.

Pionóis mar gheall ar oifigigh údaraithe a bhac agus ionsaithe a dhéanamh orthu.

16. —Duine ar bith a dhéanfas—

(a) oifigeach údaraithe a bhac nó a chosc agus é ag feidhmiú a chumhacht agus a dhualgas go dleathach mar oifigeach údaraithe, pé acu faoin gCuid seo é nó faoi aon fho-dhlí, nó

(b) ionsaí ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhacht agus na ndualgas sin go dleathach,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh aon tréimhse nach sia ná sé mhí.