An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear agus a Leasaitear.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. “na hachtachain um iascach bradan”.)

18 1949

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1949

AN DARA SCEIDEAL.

Iniuchadh ar Chuntais Bhord Coimeadaithe.

Alt 5.

Mínithe.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn an focal “cuntais” cuntais ar fháltais agus ar íocaíochta;

ciallaíonn an focal “iniúchadh” iniúchadh ar chuntais bhoird de bhun míre 3 den Sceideal seo; ciallaíonn an focal “iniúchóir,” maidir leis an iniúchadh ar chuntais bhoird, an t-iniúchóir rialtais áitiúil a ainmneos an tAire Rialtais Áitiúil faoi mhír 3 den Sceideal seo chun an t-iniúchadh sin a dhéanamh;

ciallaíonn an focal “bord” bord coimeádaithe;

ciallaíonn an abairt “iniúchóir rialtais áitiúil” iniúchóir rialtais áitiúil do réir bhrí Ailt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) .

Cuntais a dhéanamh suas gach bliain.

2. Déanfar suas cuntais gach boird go bliantúil go dtí críoch gach bliana iascaigh.

Iniúchadh bliantúil cuntas ag iniúchóir.

3. Déanfaidh iniúchóir rialtais áitiúil a ainmneos an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin iniúchadh ar chuntais bhoird do gach bliain iascaigh.

Táillí iniúchóireachta.

4. (1) Aon tráth tar éis iniúchadh a chríochnú, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil le hordú an táille a shocrú (dá ngairmtear táille iniúchóireachta sa mhír seo) a bheas le n-íoc i leith an iniúchta sin.

(2) Déanfaidh bord a socrófar táille iniúchóireachta ina leith faoin mír seo, méid na táille sin d'íoc leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) Mura n-íoctar méid aon táille iniúchóireachta, féadfar í a bhaint go hiomlán nó go páirteach as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an mbord ag a bhfuil an táille sin iníoctha.

(4) An t-airgead go léir is iníoctha leis an Aire Rialtais Áitiúil i leith táillí iniúchóireachta, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é mar ordós an tAire Airgeadais.

(5) Is tuigthe go bhfolóidh gach táille iniúchóireachta gach iniúchadh urghnáthach (más ann) a déanfar faoi mhír 13 den Sceideal seo ar na cuntais lena mbaineann an táille sin.

(6) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil le hordú aon ordú a chúlghairm a déanfar faoin mír seo.

Dualgais iniúchóra.

5. Beidh de dhualgas ar an iniúchóir ag gach iniúchadh a dhéanfas sé ar chuntais bhoird—

(a) na cuntais sin a scrúdú,

(b) gach ítim chuntais atá contrártha don dlí nó a mheasfas sé a bheith gan bunús a neamhcheadú,

(c) méid aon íocaíochta a neamhcheadófar d'fhormhuirearú ar an duine a rinne nó d'údaraigh an íocaíocht,

(d) méid aon easnaimh nó caillteanais a mhuirearú ar aon duine (is comhalta, oifigeach nó seirbhíseach don bhord) arb é a fhaillí nó a mhí-iompar faoi ndear an caillteanas nó an t-easnamh,

(e) aon tsuim nár tugadh go cuí chun cuntais a mhuirearú ar an duine (is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) a dhligh an tsuim sin a thabhairt chun cuntais,

(f) an méid a dheimhniú a bheas dlite ó aon duine ar ar chuir sé formhuirear nó muirear,

(g) a dheimhniú ag deireadh an iniúchta na cuntais a bheith ceadaithe aige, faoi réir aon neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú a bheas déanta aige.

Ráiteas on iniúchóir ar an gcúis a bhí lena bhreith maidir le neamhcheadú, formhuirear, muirear nó ceadú.

6. (1) An t-iniúchóir a dhéanfas iniúchadh ar chuntais bhoird, déanfaidh sé, ar iarratas ó aon pháirtí ar cúis mhíshásaimh leis é, ráiteas i scribhinn a thabhairt ag bun na gcuntas sin ar na cúiseanna a bhí aige lena bhreith maidir le haon neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú a rinne sé agus fós le aon cheadú a rinne sé.

(2) Aon iarratas faoi fho-mhír (1) den mhír seo déanfar é, i gcás ceaduithe, tráth nach déanaí ná cheithre lá dhéag tar éis an ceadú a dhéanamh agus i gcás neamhcheaduithe, formhuirir nó muirir, tráth nach déanaí ná cheithre lá dhéag tar éis a dheimhniú aon tsuim a bheith dlite ó aon duine maidir leis an neamhcheadú, an formhuirear nó an muirear.

Achomhairc chun na hArd-Chúirte nó chun an Aire i gcoinne breithe iniúchóra.

7. (1) Aon duine ar cúis mhíshásaimh leis aon cheadú, neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú a rinne iniúchóir ag aon iniúchadh ar chuntais bhoird, agus nár bhain leas as fo-mhír (2) den mhír seo, féadfaidh sé iarratas a chur chun na hArd-Chúirte ar ordú certiorari chun an ceadú, an neamhcheadú, an formhuirear nó an muirear sin d'aistriú chun na hArd-Chúirte, agus ar an aistriú sin a dhéanamh beidh feidhm ag na forála seo a leanas:—

(a) breithneoidh an Ard-Chúirt an t-abhar áirithe gearáin,

(b) má daingnítear breith an iniúchóra, ansin, mura n-ordaí an Ard-Chúirt costais an iniúchóra sna himeachta a bheith le n-íoc ag an inchúisitheoir, ordóidh an Ard-Chúirt na costais sin a bheith le n-íoc ag an mbord sin,

(c) má chítear don Ard-Chúirt gur bhreith earráideach breith an iniúchóra—

(i) féadfaidh an Chúirt pé ordú a dhéanamh is dual ó cheartas, lena n-áirítear ordú i gcóir pé íocaíocht is cuí léi,

(ii) déanfaidh an Chúirt, mura n-ordaí sí don inchúisitheoir a chostais féin sna himeachta a sheasamh, a ordú don bhord sin na costais sin d'íoc agus fós, mura n-ordaí sí don iniúchóir a chostais féin sna himeachta a sheasamh, na costais sin.

(2) Aon duine ar cúis mhíshásaimh leis aon neamhcheadú, formhuirearú, muirearú, nó ceadú a rinne iniúchóir ag aon iniúchadh, agus nár bhain leas as fo-mhír (1) den mhír seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an Aire fiosrú agus breithniú a dhéanamh ar dhleathacht na gcúiseanna adúirt an t-iniúchóir a bhí aige leis an neamhcheadú, an formhuirear, an muirear nó an ceadú sin, agus air sin féadfaidh an tAire pé ordú a dhéanamh a mheasfas sé a bheith riachtanach chun an cheist a chinneadh, agus ag breithniú an iarratais dó féadfaidh sé breith a thabhairt do réir tuillteanas an cháis, agus má chinneann sé go ndearnadh aon neamhcheadú, formhuirearú nó muirearú go dleathach, ach go ndeachthas faoi abhar an chéanna in imthosca a bheir gur cóir agus gur cothrom an neamhcheadú, an formhuirear nó an muirear a loghadh, féadfaidh sé a ordú é a loghadh ar na costais (más ann) d'íoc a ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile fúthu ag cur an neamhcheaduithe, an fhormhuirir nó an mhuirir i bhfeidhm agus beidh breith an Aire ina breith chríochnaitheach.

(3) Gach iarratas faoi fho-mhír (1) nó (2) den mhír seo de dhroim na breithe a thug an t-iniúchóir ar iniúchadh, déanfar é laistigh de shé seachtaine dar tosach an lá a fuair an t-iarratasóir cúiseanna an iniúchóra leis an mbreith sin.

Iarratas chun an Aire á iarraidh formhuirear nó muirear a dhaingnigh an Ard-Chúirt a loghadh.

8. Más rud é, ar iarratas chun na hArd-Chúirte faoi fho-mhír (1) de mhír 7 den Sceideal seo ó dhuine ar cúis mhíshásaimh leis formhuirear nó muirear go ndaingneoidh an Chúirt an formhuirear nó an muirear, féadfaidh an duine sin, laistigh de cheithre seachtaine dar tosach lá an daingnithe sin, a iarraidh ar an Aire an formhuirear, nó an muirear, a loghadh, agus más dóigh leis an Aire ar an iarratas sin d'fháil, gur cóir agus gur cothrom mar gheall ar imthosca an cháis an formhuirear, nó an muirear a loghadh, féadfaidh sé a ordú é a loghadh ar na costais d'íoc a ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile fúthu ag cur i gcoinne an iarratais chun na hArd-Chúirte, agus ag cur an fhormhuirir nó an mhuirir i bhfeidhm ar shlite eile.

Formhuirir, etc., a ghnóthú.

9. (1) Más rud é—

(a) ar iniúchadh a dhéanamh ar chuntais bhoird go ndeimhneoidh an t-iniúchóir aon tsuim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) nach ndéanfar go cuí faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo aon iarratas de dhroim breithe an iniúchóra,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin leis an mbord sin ar shé seachtaine a bheith caite ó dháta an deimhnithe ón iniúchóir á dheimhniú an tsuim sin a bheith dlite ón duine sin nó, má rinne an t-iniúchóir, de bhun míre 6 den Sceideal seo, na cúiseanna a lua a bhí aige lena bhreith, ón dáta a fuair an duine sin na cúiseanna sin.

(2) Más rud é—

(a) ar iniúchadh a dhéanamh ar chuntais bhoird go ndeimhneofar aon tsuim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) go ndéanfar go cuí faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo iarratas de dhroim breithe an iniúchóra, agus

(c) go mbreithneofar an tsuim sin nó aon chuid di a bheith dlite ón duine sin,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin nó an chuid sin di (pé acu é) leis an mbord sin roimh shé seachtaine a bheith caite ó thráth na breithe sin.

(3) Aon tsuim is gá do réir na míre seo d'íoc le bord féadfaidh an t-iniúchóir a bheas i gceist nó aon duine eile a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí mura n-íoctar í amhlaidh ar an tréimhse a sonraítear chuige sin leis an mír seo a bheith caite.

(4) Má ghnóthaíonn iniúchóir nó duine eile, de dhroim imeachta faoin mír seo, aon tsuim is gá do réir na míre seo d'íoc le bord, íocfaidh sé an tsuim sin leis an mbord sin.

(5) I gcás iniúchóir nó duine eile do dhul faoi chostais agus caiteachais réasúnacha chun suim a ghnóthú is gá do réir na míre seo d'íoc le bord, agus gan é d'fháil aon chuid, nó gan é d'fháil ach cuid, de na costais agus na caiteachais sin ón duine óna ndlitear an tsuim sin, déanfaidh an bord sin na costais agus na caiteachas sin nó an t-iarmhéid díobh nach bhfuarthas mar adúradh (pé acu é) d'íoc leis an iniúchóir nó leis an duine eile sin, maille le suim is cúiteamh réasúnach dó sa chailliúint aimsire a bhain dó.

Dlínse na Cúirte Dúiche in imeachta faoi mhír 9 den Sceideal seo.

10. Déantar leis seo mír A d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), arna leasú le halt 52 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), agus alt 94 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), a leasú tuilleadh trí chlásal nua mar leanas a chur isteach i ndeireadh na míre sin—

“(vii) dlínse, gan teorainn ar bith maidir le méid an éilimh, in imeachta ar agra iniúchóra nó duine eile faoi fho-mhír (3) de mhír 9 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Iascaigh (Leasú,) 1949.”

Cumhachta iniúchóirí chun fianaise d'fháil, etc.

11. (1) Féadfaidh iniúchóir a bheas ag déanamh iniúchta fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh daoine a chur faoi mhionn.

(2) Faoi réir forál fo-mhíre (3) den mhír seo, féadfaidh an t-iniúchóir a bheas ag déanamh iniúchta, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn d'aon duine, a cheangal ar an duine sin teacht i láthair san am agus san áit a sonrófar sa bhfógra sin chun fianaise a thabhairt maidir le haon ní a bheas i gceist ag an iniúchadh sin nó chun aon doiciméid a thabhairt ar aird a bheas ina sheilbh, ina choimeád, nó faoina urláimh agus a bhainfeas le haon ní den tsórt sin.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha fo-mhíre (2) den mhír seo—

(a) ní bheidh sé riachtanach ar aon duine, i gcomhlíonadh fógra arna thabhairt faoin bhfo-mhír sin (2) ag iniúchóir, teacht i láthair ag áit is sia ná deich míle ó ghnátháit chónaí an duine sin mura ndearnadh suim a ghlanfas caiteachais réasúnacha riachtanacha a theachta i láthair amhlaidh d'íoc leis an duine sin nó a thairiscint dó;

(b) ar an iniúchóir dá iarraidh sin, íocfaidh bord a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh le haon duine a gceanglóidh an t-iniúchóir air faoin bhfo-mhír sin (2) teacht i láthair, nó tairgfid don duine sin, pé suim a mheasfas an t-iniúchóir a ghlanfas caiteachais réasúnacha riachtanacha a theachta i láthair amhlaidh;

(c) aon duine a tháinig i láthair ag aon áit i gcomhlíonadh fógra faoin bhfo-mhír sin (2), déanfaidh an bord a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh, ach amháin sa mhéid gur híocadh leis cheana caiteachais réasúnacha riachtanacha atheachta i láthair amhlaidh, na caiteachais sin d'íoc leis, agus mura n-íoctar na caiteachais sin amhlaidh, féadfar, ach amháin mar adúradh, iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla;

(d) gach duine dár tugadh fógra faoin bhfo-mhír sin (2) agus a dhiúltós nó a fhailleos go toiliúil teacht i láthair do réir an fhógra sin, nó a athrós, a shochtfas, a cheilfeas nó a dhítheos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin nó, ar theacht i láthair dó amhlaidh, a dhiúltós fianaise a thabhairt nó a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air;

(e) féadfar fógra faoin bhfo-mhír sin (2) a thabhairt trina sheachadadh don duine lena mbainfidh nó trína sheoladh leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chun an duine sin faoi sheoladh na háite a mbíonn gnáthchonaí air.

Rialacháin maidir le hiniúchadh.

12. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) an fhoirm ina mbeidh cuntais bhord le coimeád,

(b) an duine ag a mbeidh agus an t-am ar laistigh de a bheas na cuntais sin le tabhairt ar aird chun a n-iniúchta,

(c) an modh ar a ndéanfar an t-iniúchadh, agus

(d) aon ní nó rud eile a bhainfeas le hiniúchadh na gcuntas sin agus a measfaidh an tAire é a bheith riachtanach socrú a dhéanamh faoina chomhair.

(2) Aon rialacháin a rinneadh faoi fho-alt (3) d'alt 15 d'Acht 1925, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Sceidil seo, leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu amhail is dá mba faoin mír seo a rinneadh iad.

Iniúchadh urghnáthach.

13. (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a ordú tráth ar bith iniúchadh urghnáthach a dhéanamh ar chuntais bhoird.

(2) Aon iniúchadh urghnáthach a déanfar faoin mír seo is tuigthe gur iniúchadh chun críocha na bhforál roimhe seo den Sceideal seo é agus beidh feidhm dá réir sin ag na forála roimhe seo den Sceideal seo.

(3) Féadfaidh iniúchóir don Aire Rialtais Áitiúil, aon tráth a údarós an tAire sin dó nó a cheanglós sé air é cigireacht a dhéanamh ar chuntais aon bhoird, agus má dhiúltaíonn aon chomhalta, oifigeach, nó seirbhíseach don bhord sin an chigireacht sin a cheadú, nó má chuireann sé bacainn ar an iniúchóir sa chigireacht sin, nó má cheileann sé aon chuntas nó leabhar d'fhonn an chigireacht a chosc, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.