An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Forala Ilghneitheacha maidir le hIascaigh Bhradan agus Iascaigh Fioruisce.) Ar Aghaidh (CUID X. Iascaigh Mhara.)

27 1949

AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949

CUID IX.

Iascaigh airithe d'Aistriu chun an Aire agus Forala maidir le hIascaigh a hAistreofar amhlaidh.

Alt 58 d'Acht 1939 a leasú.

31. —Sa mhíniú (atá i bhfo-alt (1) d'alt 58 d'Acht 1939) ar an abairt “iascach inaistrithe”, déanfar na focail “nó a húdaraítear le dlí do Bhord Soláthair an Leictreachais a thógaint chucu féin” a scrios.

Alt 67 d'Acht 1939 a leasú.

32. —I bhfo-alt (4) d'alt 67 d'Acht 1939, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (b)—

“(b) an ceart eisiach chun bradáin a ghabháil in iomláine na habhann sin, lena n-áirítear gach fo-abha agus loch ina cúrsa, a bheith ar dháta an dílsithe ag dílseánach an iascaigh sin, agus”.

Alt 87 d'Acht 1939 a leasú.

33. —I bhfo-alt (4) d'alt 87 d'Acht 1939, cuirfear na focail “ón tigh cónaithe sin” in ionad na bhfocal “ón iascach sin”.