|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID X. Iascaigh Mhara.) | Ar Aghaidh (CUID XII. Nos Imeachta Dli agus Fianaise.) |
AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID XI. Cumhachta Maor Uisce, etc., chun na hAchta a chur i bhfeidhm. | |
| [EN] |
Alt 13 d'Acht 1949 a leasú. |
35. —In alt 13 d'Acht 1949 cuirfear isteach i ndiaidh na bhfocal “na hAchta” na focail “(seachas an tAcht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933 ( Uimh. 53 de 1933 ), agus an tAcht Iascaigh Mhara (Iasc Neamhfhásta a Chaomhaint), 1937 (Uimh. 33 de 1937) )”. |
| [EN] |
Alt 87 d'Acht 1842 a leasú. |
36. —Má gabhtar duine (dá ngairmtear an ciontaitheoir san alt seo) faoi alt 87 d'Acht 1842, déanfaidh an té a ghabh an ciontaitheoir é a chur láithreach i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndeighleálfar leis do réir dlí. |
| [EN] |
Alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, a leasú. |
37. —Beidh éifeacht ag alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann do shaorbhearnain trí nó thar aon chora iascaigh nó cora eile tagairt do bhealach éisc. |
| [EN] |
Alt 24 d'Acht 1925 a leasú. |
38. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1925— |
| [EN] | (a) trí na focail “aon aeradróm, piara” a chur in ionad na bhfocal “aon phiara” i bhfo-mhír (iv), agus | |
| [EN] | (b) tríd an bhfocal “aerárthach” a chur roimh na focail “bhaigín traenach” i bhfo-mhír (v). | |
| [EN] |
Alt 29 d'Acht 1848 a leasú. |
39. —Duine ar bith a n-éileofar go dleathach air faoi alt 29 d'Acht 1848 a ghnáthcheadúnas a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird toisc nach sealbhóir ar ghnáthcheadúnas é, measfar é do mhainneachtaint an ceadúnas sin a thabhairt ar aird do réir bhrí an ailt sin 29. |