An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XII. Nos Imeachta Dli agus Fianaise.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

27 1949

AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949

CUID XIII.

Forala Ilghneitheacha.

Forléiriú na dtagairtí atá i gCuid IV d'Acht 1949 do na hachtacháin um iascach bradán.

44. —Déanfar tagairtí, i gCuid IV d'Acht 1949, do na hachtacháin um iascach bradán d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

Forléiriú an Fisheries (Oyster, Crab and Lobster), Act, 1877.

45. —Forléireofar mar aon ní amháin an Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877, na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, Acht 1949 agus an tAcht seo.

Fo-dhlithe faoin Steam Trawling (Ireland) Act, 1889, do leanúint i bhfeidhm,

46. —(1) D'ainneoin na hathghairme, a déantar leis an Acht seo, ar an Steam-Trawling (Ireland) Act, 1889, leanfaidh gach fo-dhlí i bhfeidhm a rinneadh faoin Acht sin is déanaí a luadh agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosac feidhme an ailt seo.

(2) Aon fho-dhlí a coimeádtar i bhfeidhm de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, measfar gur fo-dhlí é a rinneadh faoi alt 4 den Acht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933 (Uimh. 53 de 1933) , agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht sin (lena n-áirítear na forála píonósacha dhe).