|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Boird Choimeadaithe.) |
AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II. Cumhachta agus Dualgais Ilghneitheacha an Aire. | |
| [EN] |
Mínithe áirithe a leasú agus a chúlghairm. |
6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon mhíniú a rinneadh faoi aon cheann de na hachtacháin seo a leanas a leasú nó a chúlghairm— |
| [EN] | (a) ailt 22 agus 27 d'Acht 1842, | |
| [EN] | (b) alt 9 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, | |
| [EN] | (c) ailt 21 agus 44 d'Acht 1850, | |
| [EN] | (d) alt 17 d'Acht 1863, agus | |
| [EN] | (e) alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1869. | |
| [EN] | (2) Beidh feidhm maidir le haon ordú a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo ag forála fo-alt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 28 d'Acht 1925, arna leasú le halt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ). | |
| [EN] |
Alt 28 d'Acht 1925 a leasú. |
7. —I bhfo-alt (4) d'alt 28 d'Acht 1925, cuirfear na focail “d'ocht lá fichead” in ionad na bhfocal “de choicís.” |
| [EN] |
Cumhacht an Aire chun ceada díolúine i gcóir síolruithe shaorga, etc., a dheonadh. |
8. —(1) Aon uair agus a mhinice is cuí leis, féadfaidh an tAire, trí chead i scríbhinn agus faoi réir pé coinníoll a shonrós sé sa chead, a údarú d'aon duine a hainmneofar gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh aon tsaosúr den bhliain— |
| [EN] | (a) aon éisc de chineál sonraithe a ghabháil nó féachaint lena ngabháil agus iad a bheith ina sheilbh aige chun síolruithe shaorga, trasphlanduithe, stocála, athstocála nó feabhsuithe aon iascaigh nó chun aon chríche eolaíochta, agus chun an ghabháil sin a dhéanamh amhlaidh, aon líon, gaiste nó inneall eile de chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige, d'innliú agus d'úsáid, | |
| [EN] | (b) eochrach agus saoidhean aon chineál sonraithe éisc a dhíol nó a cheannach chun stocála nó athstocála nó chun aon chríche eolaíochta. | |
| [EN] | (2) Ní údaróidh cead faoi fho-alt (1) den alt seo aon ní a dhéanamh maidir le hiascach eisiach ach amháin le toiliú ó únaer an iascaigh sin. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin aon ní sna hAchta, féadfaidh duine dá ndeonfar cead faoi fho-alt (1) den alt seo agus aon duine eile a bheas ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníoll a sonrófar sa chead, aon ní a dhéanamh a údarós an cead. |