|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cumhachta agus Dualgais Ilghneitheacha an Aire.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Ceadunais Iascaigh i leith Bradan, Breac agus Easconn.) |
AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. Boird Choimeadaithe. | |
| [EN] |
Ceart votála i dtoghcháin choimeádaithe. |
9. —(1) (a) Ní bheidh aon duine i dteideal vótáil i dtoghchán coimeádaithe i leith na dleachta ceadúnais ar inneall iascaigh, ach amháin an duine a mbeidh a ainm sa cheadúnas a heisíodh i leith an innill iascaigh sin. |
| [EN] | (b) Ní déanfar mír (a) den fho-alt seo d'fhorléiriú mar ní a dhéanas difir d'alt 93 d'Acht 1939. | |
| [EN] | (2) Ní bheidh sealbhóir ceadúnais iascaigh d'eisigh bord coimeádaithe do cheantar iascaigh i dteideal vótáil i leith na dleachta ceadúnais ar an inneall lena mbainfidh an ceadúnas sin i dtoghchán coimeádaithe do thoghroinn den cheantar iascaigh sin seachas an toghroinn a bheas sonraithe sa cheadúnas sin. | |
| [EN] | (3) Aon duine a bheas, de bhuaidh ailt 14 d'Acht 1939, i dteideal vótáil i dtoghchán coimeádaithe do thoghroinn a bheas le comóradh bliain áirithe— | |
| [EN] | (a) measfar, chun an cathaoirleach a thoghadh a bheas i gceannas an chruinnithe don toghchán sin, é a bheith ina dhuine d'íoc dleacht cheadúnais don bhliain sin sa toghroinn sin, agus | |
| [EN] | (b) beidh sé intofa mar chathaoirleach ar an gcruinniú sin. |