|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Boird Choimeadaithe.) | Ar Aghaidh (CUID V. Rialachain maidir le Lionta.) |
AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV. Ceadunais Iascaigh i leith Bradan, Breac agus Easconn. | |
| [EN] |
Rún faoi alt 12 (2) d'Acht 1925 a chealú. |
10. —Féadfaidh bord coimeádaithe, le rún, aon rún a chealú a ritheadar faoi fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1925, agus tiocfaidh an rún céadluaite sin i ngníomh ar chaitheamh na bliana inar ritheadh é. |
| [EN] |
Ceadúnais i leith inneall iascaigh áirithe d'eisiúint sna toghranna ina mbeidh na hinnill. |
11. —I gcás iarratas a dhéanamh chun bord coimeádaithe ar cheadúnas i leith innill iascaigh (is inneall seasamhach, bosca i gcora iascaigh nó i muileann-damba iascaigh nó súil, bearna nó cliabh chun easconna a ghabháil i gcora iascaigh nó uirthi nó i muileann-damba iascaigh nó air), eiseofar an ceadúnas sin sa toghroinn ina mbeidh an t-inneall sin. |
| [EN] |
Alt 23 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 , a leasú. |
12. —Cuirfear isteach i ndeireadh ailt 23 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) , an fo-alt seo a leanas— |
| [EN] | “(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh fúthu sin ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas d'fháil faoin alt seo.” |