|
||||
|
AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V. Rialachain maidir le Lionta. | |
| [EN] |
Gan líonta bradán d'úsáid ag béal abhann cúinge ná i bhfoisceacht leathmhíle do leith na farraige nó don leith istigh de bhéal abhann |
13. —(1) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin únaer iascaigh eisiaigh laistigh de theoranta an iascaigh sin aon líon a theilgean, a tharraingt ná d'úsáid chun bradáin a ghabháil ag béal aon abhann ná i bhfoisceacht leathmhíle, do leith na fairrge nó don leith istigh nó ar feadh an chósta, do bhéal aon abhann. |
| [EN] | (2) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin únaer iascaigh eisiaigh in iomláine abhann agus a fo-aibhneacha laistigh de theoranta an iascaigh eisiaigh sin) aon líon a theilgean, a tharraingt ná a shíneadh go hiomlán trasna béil abhann ná trasna aon choda eile d'abhainn. | |
| [EN] | (3) Má sháraíonn aon duine aon fho-alt acu sin roimhe seo den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpuint a chur air agus fíneáil bhreise chúig scillinge i leith gach éisc a gabhadh le haon líon a húsáideadh ag déanamh an chiona. | |
| [EN] | (4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe. | |
| [EN] | (5) I gcás inar tugadh míniú ar bhéal aon fho-abhann faoi alt 21 d'Acht 1850, déanfar tagairtí sna fo-ailt seo roimhe seo den alt seo do bhéal aon abhann d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do bhéal na fo-abhann sin. |