An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Rialachain maidir le Lionta.) Ar Aghaidh (CUID VII. Srianta maidir le Tratha Iascaigh Bhradan Bhreac, Phollan agus Easconn.)

27 1949

AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949

CUID VI.

Innill Sheasamhacha, Corai Iascaigh, Muileann-Dambai Iascaigh agus Bacainni eile ar Ghluaiseacht Eisc.

Alt 23 d'Acht 1939 a leasú.

14. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 33 d'Acht 1939—

(a) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1)—

“(1) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin Bord Soláthair an Leictreachais maidir le cora iascaigh a tógadh chun easconna a ghabháil) aon chora iascaigh, muileann-damba iascaigh ná inneall seasamhach a thógáil i gcuid an fhíoruisce d'aon abhainn ná in aon loch”;

(b) i bhfo-ailt (2) agus (3) cuirfear na focail “cora iascaigh, muileann-damba iascaigh nó inneall seasamhach” in ionad na bhfocal “cora nó inneall seasamhach eile” mar a bhfuil na focail deiridh sin.

Alt 34 d'Acht 1939 a leasú.

15. —(1) Leasaítear leis seo mar leanas alt 34 d'Acht 1939—

(a) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1)—

“(1) Ní dleathach d'aon duine aon chora iascaigh, muileann-damba iascaigh ná inneall seasamhach d'úsáid i gcuid an fhíoruisce d'aon abhainn ná in aon loch mura raibh an chora iascaigh, an muileanndamba iascaigh nó an t-inneall seasamhach sin ann agus á úsáid go dleathach i rith an tsaosúir iascaigh oscailte in aon bhliain nó blianta de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938.”;

(b) i bhfo-alt (2) agus (3) cuirfear na focail “cora iascaigh, muileann-damba iascaigh nó inneall seasamhach” in ionad na bhfocal “cora nó inneall seasamhach eile” mar a bhfuil na focail deiridh sin.

(2) Ní bhainfidh aon ní in alt 34 d'Acht 1939 le Bord Soláthair an Leictreachais d'usáid cora iascaigh a thóg an Bord sin chun easconna a ghabháil.

Alt 29 d'Acht 1939 a leasú.

16. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 29 d'Acht 1939 trí na focail “Má seirbheáltar fógra faoi fho-alt (1) den alt so ar shealbhaire corann iascaireachta agus ná déanfaidh an sealbhaire sin do réir éilithe an fhógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—” a scrios agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad—

“Más rud é—

(i) go seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir corann iascaigh, agus

(ii) (I) nach ndéanfaidh an t-áititheoir sin go cuí, maidir leis an bhfógra, iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, nó

(II) go ndéanfaidh an t-áititheoir sin go cuí, maidir leis an bhfógra, iarratas faoin bhfo-alt sin ach go ndiúltófar don iarratas, agus

(iii) nach ndéanfaidh an t-áititheoir sin do réir ceanglas an fhógra,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—”.

Pionóis mar gheall ar iascach i saorbhearnaí nó in aice saor-bhearnaí i gcoraí iascaigh agus mar gheall ar shaor-bhearnaí a bhacainniú.

17. —(1) Duine ar bith—

(a) a úsáidfeas aon inneall iascaigh i saor-bhearna, nó

(b) a úsáidfeas aon inneall iascaigh (nach slat agus ruaim) laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos d'aon chuid de chora iascaigh, nó

(c) a chuirfeas aon bhacainn i saor-bhearna chorann iascaigh, nó

(d) a úsáidfeas aon áis nó a dhéanfas aon ghníomh a scanródh, a bhacfadh, nó a choiscfeadh ar aon tslí, iasc ó dhul go saoráideach isteach i saor-bhearna, agus suas agus síos saor-bhearna, gach tráth den bhliain, nó

(e) a chuirfeas aon droichead, clár, éadach nó ní ar bith eile i saor-bhearna, thar saor-bhearna nó trasna saorbhearnan, i gcora iascaigh, ach amháin droichead nó clár sealadach le linn an ama sin amháin a bheas na daoine a bheas ag iascach na corann sin ag dul thar an saor-bhearna,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(i) i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach lú ná chúig puint agus nach mó ná fiche punt a chur air, agus

(ii) i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach lú ná deich bpuint agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) Más rud é—

(a) go gcúiseofar únaer nó áititheoir corann iascaigh faoi fho-alt (1) den alt seo sa chion sin bacainn a chur sa tsaor-bhearna sa chora iascaigh sin, agus

(b) go gcruthófar gur cuireadh an bhacainn sin sa tsaorbhearna sin,

toimhdeofar, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, gurb eisean a chuir an bhacainn sin sa tsaor-bhearna sin.

(3) Má ciontaítear duine sa chion sin bacainn a chur sa tsaorbhearna i gcora iascaigh, féadfaidh an tAire a chur faoi ndear an bhacainn sin d'aistriú, agus aon chostais faoina raghaidh an tAire faoin bhfo-alt seo is fiach iad bheas dlite ón duine sin don Aire agus féadfar iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Rialacha maidir le boscaí i gcoraí iascaigh bradán agus i muileann-dambaí iascaigh.

18. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “cora bhradán” aon chora is—

(a) cora iascaigh a húsáidtear chun bradáin a ghabháil, nó

(b) muileann-damba iascaigh a húsáidtear chun bradáin a ghabháil.

(2) Comhlíonfar na rialacha seo a leanas maidir le déanamh agus úsáid boscaí i gcoraí bradán—

(a) beidh foréadan urláir an bhosca ar aon chothrom le grinneall nádúrtha na habhann,

(b) beidh inscálaí agus cléifearach an bhosca inaistrithe agus inoscailte,

(c) is go hingearach a bheas barraí cléifearaigh an bhosca,

(d) beidh inscálaí agus cléifearach an bhosca déanta ar chuma nach mbeidh aon bharra ná cuid de bharra níos gaire ná dhá orlach d'aon bharra eile ná d'aon chuid de bharra eile,

(e) ní cuirfear aon chumhdach os coinn an bhosca ná ní cuirfear i bhfolach é in aon tslí eile ó amharc an phobail.

(3) Más deimhin leis an Aire gur bric mhara formhór an éisc a gabhtar i gcora bhradán, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a dhearbhú le hordú go mbeidh éifeacht, i leith na corann bradán sin, ag mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail “orlach agus ceathrú” in ionad “dhá orlach”.

(4) Má úsáideann nó má dhéanann duine ar bith aon bhosca i gcora bhradán contrártha d'fho-alt (2) den Alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(5) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo maidir le haon bhosca i gcora bhradán, féadfaidh an tAire a chur faoi ndear na coda den bhosca sin ar ina leith a rinneadh an cion d'aistriú agus féadfaidh costais an aistrithe sin a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Déanamh treoirbhallaí a ghabhas le coraí iascaigh agus le muileanndambaí iascaigh.

19. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “treoir-bhalla” aon spor nó sál-bhalla, treoirian nó scothchar.

(2) (a) Ní bheidh ag gabháil le haon chora iascaigh ná muileann-damba iascaigh in abhainn aon treoirbhalla (seachas ceann ó bhoscaí na corann iascaigh nó an mhuileann-damba iascaigh sin go dtí bruach na habhann) is sia ná fiche troigh arna thomhas ón éadan aghaidh-le-sruth nó cúl-le-sruth den chora iascaigh nó den mhuileann-damba iascaigh sin ar feadh lár-líne an treoir-bhalla sin.

(b) Ní bheidh ag gabháil le haon chora iascaigh aon treoir-bhalla a chúngaíos nó a choisceas teacht agus imeacht an uisce tríd an tsaor-bhearna nó as an tsaor-bhearna sa chora iascaigh sin.

(c) Má bhíonn aon treoir-bhalla ag gabháil le haon chora iascaigh nó muileann-damba iascaigh contrártha do mhír (a) den fho-alt seo nó aon treoir-bhalla ag gabháil le haon chora iascaigh contrártha do mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(i) beidh áititheoir an chéanna ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fós fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a fágfar an treoir-bhalla sin ann;

(ii) féadfaidh an tAire a chur faoi ndear an treoirbhalla sin d'athrú nó d'aistriú agus, má dhéanann sé amhlaidh, féadfar na costais faoina raghaidh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má dhéanann áititheoir cora iascaigh nó muileann-damba iascaigh in abhainn aon oileán nó bacainn nádúrtha san abhainn d'úsáid ar chuma a áirithíos dó an buntáiste a bheadh aige de bharr treoir-bhalla a chur leis an gcora iascaigh nó an muileanndamba iascaigh sin contrártha do mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a dhéanfas sé úsáid den oileán nó den bhacainn nádúrtha sin.

(4) Má húsáidtear aon mhuileann-damba iascaigh go páirteach chun uisce a choinneáil le haghaidh muilinn nó monarchan nó le haghaidh loingseoireachta ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a bhaineas leis an muileann-damba iascaigh sin i slí a dhéanfadh dochar don tsoláthar uisce is gá don mhuileann, don mhonarchain nó don loingseoireacht sin.

Alt 30 d'Acht 1939 a leasú.

20. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 30 d'Acht 1939:—

(a) cuirfear an clásal seo a leanas isteach i bhfo-mhír (iii) de mhír (b) d'fho-alt (2) agus roimh chlásal (II)—

“(Ia) má aontaíonn an duine a fhiosrós an scéal leis an tuarascáil, seirbheálfaidh an tAire ráiteas ar an áititheoir sin á chur sin in iúl dó, agus beidh éifeacht ag an bhfógra sin amhail is dá gcuirtí tréimhse mhí dar tosach lá seirbheála an ráitis sin in ionad na tréimhse a bheas sonraithe ann chun a chomhlíonta.”;

(b) cuirfear an fho-mhír seo a leanas isteach i mír (b) d'fho-alt (2)—

“(iv) mura gcuirtear agóid chun an Aire amhlaidh, beidh éifeacht ag an bhfógra sin amhail is dá gcuirtí tréimhse sé seachtaine dar tosach an dáta a seirbheáladh cóip den tuarascáil ar an áititheoir sin in ionad na tréimhse a bheas sonraithe ann chun a chomhlíonta.”;

(c) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach—

“(3A) Má tarraingtear siar faoi fho-alt (2) den alt seo fógra a seirbheáladh faoi fho-alt (1) den alt seo, measfar nár seirbheáladh an fógra sin.”.

Alt 64 d'Acht 1842 a leasú.

21. —In alt 64 d'Acht 1842 cuirfear na focail “any obstruction, use any contrivance or do any act whereby fish may be scared, deterred or in any way prevented” in ionad na bhfocal “any obstacle or contrivance of any nature or kind soever in or near thereto in order to deter or prevent fish”.

Forála maidir le roth-shliúsanna, etc., a ghabhas le muilte, etc., a gheibheann uisce ó aibhneacha bradán.

22. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “muileann” aon mhonarcha, meaisín, foirgint nó obair eile a dhéanas, nó a ndéantar ina chóir, uisce a thógaint nó d'úsáid chun aon chríche, ach ní fholaíonn sé aon obair chun leictreachas a ghiniúint, trí chumhacht udrálach, chun é d'imdháil agus chun é a sholáthar don phobal;

ciallaíonn an focal “roth-shliúsanna”, maidir le muileann, na sliúsanna a ligeas uisce chun rothaí an mhuilinn sin.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach muileann a gheibheann a sholáthar uisce ó abhainn bhradán—

(a) má tá bealach éisc sa damba a bhaineas leis an muileann, sin, coimeádfar dúnta na roth-shliúsanna agus na scéith-gheataí nó na brúcht-bhealaí—

(i) ar feadh cheithre huaire fichead a chloig as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(b) mura bhfuil aon bhealach éisc sa damba a bhaineas leis an muileann agus go bhfuil an scéith-gheata ar an taobh aghaidh-le-sruth de na roth-shliúsanna suite i gcainéal atá oiriúnach le haghaidh gluaiseachta éisc, coimeádfar na roth-shliúsanna dúnta agus an scéithgheata sin oscailte—

(i) ar feadh cheithre huaire fichead a chloig as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(c) mura gcomhlíontar forála míre (a) nó míre (b) den fho-alt seo, beidh áititheoir an mhuilinn ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná trí puint agus nach mó ná deich bpuint a chur air.

(3) Má cúisítear áititheoir muilinn i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú go ndéanfadh comhlíonadh míre (a) nó míre (b) (pé acu is iomchuí) d'fho-alt (2) den alt seo dochar in aon tslí d'inneallra nó d'uisce-chumhacht an mhuilinn.