An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Innill Sheasamhacha, Corai Iascaigh, Muileann-Dambai Iascaigh agus Bacainni eile ar Ghluaiseacht Eisc.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Forala Ilghneitheacha maidir le hIascaigh Bhradan agus Iascaigh Fioruisce.)

27 1949

AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949

CUID VII.

Srianta maidir le Tratha Iascaigh Bhradan Bhreac, Phollan agus Easconn.

Alt 2 (2) d'Acht 1924 a leasú.

23. —Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1924, i leith bradáin nó bric, agus

(b) go gcruthóidh an duine sin gur gabhadh an bradán nó an breac sin le slat agus ruaim in áit áirithe ag am áirithe, agus

(c) go raibh sé dleathach bradán nó breac a ghabháil le slat agus ruaim san áit sin ag an am sin,

déanfar an cúiseamh in aghaidh an duine sin a dhíbhe.

Innill sheasamhacha a dhíchóimeáil i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus do bhric.

24. —(1) I rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus do bhric—

(a) bainfear gach líon cochaill agus líon cuaille de na cuaillí nó na daingneáin dá mbeid ceangailte agus bhéarfar chun bealaigh iad,

(b) déanfar agus coimeádfar i ngach inneall seasamhach (seachas líon cochaill nó líon cuaille) oscailt ghlan cheithre troigh ar leithead sna cinn, sna gaistí, sna súile nó sna bearnain óna mbun go dtí a mbarr i slí go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht tríothu go saoráideach agus go gcoiscfear go héifeachtach gabháil aon éisc iontu.

(2) Más rud é, maidir le haon inneall seasamhach, nach gcomhlíonfar forála fo-ailt (1) den alt seo, beidh a áititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasamhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

(4) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo mar ní a ndlítear dá dhroim pionós ar bith a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó droch-aimsir é ó na nithe a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a thabhairt chun bealaigh fad a bhí cosc air amhlaidh.

(5) I gcás réamhtheachtaí-i-dteideal aon duine a bheith, ar an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal dleathach, ó chairt nó ó cheart rúrach, chun aon inneall seasamhach d'úsáid i gcuid na taoide d'abhainn chun éisc gheala mara a ghabháil, ní bheidh feidhm ag forála fo-ailt (1) den alt seo maidir leis an inneall seasamhach sin más chuige sin amháin a húsáidtear é.

Corai iascaigh bhradán agus muileann-dambaí iascaigh a dhíchóimeáil i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus do bhric.

25. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “cora bhradán” aon chora is—

(a) cora iascaigh chun bradáin a ghabháil, nó

(b) muileann-damba iascaigh chun bradáin a ghabháil;

ciallaíonn an abairt “coda inaistrithe”, maidir le cora bhradán,

(a) inscálaí agus cléifearach gach bosca sa chora bhradán sin, agus

(b) gach fearas agus earra eile a húsáidtear maidir leis na boscaí sa chora bhradán sin agus is féidir d'aistriú;

ciallaíonn an abairt “an saosúr coiscthe bliantúil” an saosúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus do bhric.

(2) Laistigh de shé huaire tríochad an chloig ó thosach an tsaosúir choiscthe bhliantúil, déanfar na coda inaistrithe ar fad de chora bhradán d'aistriú agus a thabhairt chun bealaigh aisti.

(3) Ní déanfar na coda inaistrithe de chora bhradán a chur inti ná uirthi tráth is luaithe ná sé huaire tríochad an chloig roimh dheireadh an tsaosúir choiscthe bhliantúil.

(4) Ní ceadófar na coda inaistrithe de chora bhradán d'fhágaint inti ná uirthi i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil (ach amháin i rith na sé huaire tríochad an chloig ina thosach agus ina dheireadh).

(5) Más rud é, maidir le haon chora bhradán, go sárófar (trí ghníomh nó neamhghníomh) forála fo-ailt (2), (3) nó (4) den alt seo, beidh a háititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná chúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(6) I gcás áititheoir corann bradán a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh na coda inaistrithe uile a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh, mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

(7) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (5) den alt seo mar ní a ndlítear dá dhroim pionós ar bith a chur ar aon áititheoir corann bradán ar choisc tuilte, stoirm nó droch-aimsir é ó fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí cosc air amhlaidh.

(8) I gcás áititheoir corann bradán a chiontú i gcion faoin alt seo—

(a) féadfaidh an tAire a chur faoi ndear na coda inaistrithe a ndearnadh an cion ina leith d'aistriú as an gcora bhradán sin,

(b) má aistríonn an tAire na coda inaistrithe sin, beidh sé i dteideal na costais faoina ndeachaigh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás—

(a) réamhtheachtaí-i dteideal únaera chorann bradán a bheith, ar an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal, ó phaitinn, cairt nó eile, chun cirt iascaigh easconn inti, agus

(b) an réamhtheachtaí sin d'fheidhmiú an chirt sin roimh an dáta sin,

ní dlífear aon phionós a chur ar únaer na corann bradán sin faoi fho-alt (5) den alt seo toisc é do chur, do chrochadh nó d'úsáid líonta easconn nó inneall eile chun easconna a ghabháil i súile nó i mbearnain na corann bradán sin mura n-úsáidtear na líonta easconn nó na hinnill sin ach amháin i gcomhréir leis na hAchta agus nach gcrochtar iad ach i gceithre cinn as gach cúig cinn de shúile nó de bhearnain na corann bradán sin, agus go ndéantar an cúigiú ceann as gach cúig cinn de na súile nó de na bearnain sin, maraon leis an saorbhearna inti (más ann di), a choimeád saor gan bacainn chun go bhféadfaidh iasc gluaiseacht go saoráideach, ach ní dhíolmhoídh an fhoráil seo an t-únaer sin ó dhliteanas faoi alt 2 d'Acht 1924 má gabhtar aon bhradán nó breac sa chora bhradán sin i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil.

Alt 28 d'Acht 1939 a leasú.

26. —(1) Ní bhainfidh alt 28 d'Acht 1939 le cion faoi alt 46 d'Acht 1850, arb é a bheas ann aon duine a áitíos nó a úsáideas aon chora iascaigh muileann-damba iascaigh nó inneall seasamhach dá mhainneachtaint an céanna d'oscailt nó d'aistriú mar cheanglas alt 40 d'Acht 1842.

(2) I bhfo-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1939, cuirfear na míreanna seo a leanas in ionad míreanna (i), (ii) agus (iii)—

“(i) go ndearna sé dícheall cuí chun déanamh an chiona sin a chosc agus go ndearnadh an cion gan toiliú, claon-taobhú ná mainneachtaint toiliúil uaidh, agus

(ii) ar é a chúiseamh sa chion, gur thug sé don duine a chúisigh é gach eolas ar a chumas i dtaobh an duine a rinne an cion.”.