|
||||
|
AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1949
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VIII. Forala Ilghneitheacha maidir le hIascaigh Bhradan agus Iascaigh Fioruisce. | |
| [EN] |
Pionós mar gheall ar neamhchomhlíonadh ailt 21 (1) d'Acht 1925. |
27. —I gcás duine ar bith, is sealbhóir ar cheadúnas nó ar athnuachaint ar cheadúnas a heisíodh faoi alt 17 d'Acht 1925 nó faoi alt 44 d'Acht 1939, dá mhainneachtaint fo-alt (1) d'alt 21 d'Acht 1925 a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air. |
| [EN] |
Alt 70 d'Acht 1842 a leasú. |
28. —Leasaítear leis seo alt 70 d'Acht 1842 trí na focail “save the proprietor of a several fishery, or any person duly authorised by him in writing, within the limits thereof” a scrios. |
| [EN] |
Uiscí a chosaint ó thruailliú. |
29. —(1) San alt seo— |
| [EN] | ciallaíonn an abairt “ábhar díobhálach” aon ábhar díobhálach nó nimhiúil; | |
| [EN] | ciallaíonn an abairt “leachtach díobhálach” aon leachtach díobhálach nó nimhiúil nó sruthlach nó siltean ó aon ábhar díobhálach nó nimhiúil; | |
| [EN] | ciallaíonn an focal “uiscí” aon abha, loch nó uisce-chúrsa. | |
| [EN] | (2) Má bhíonn aon ghabhadán, a húsáidtear chun aon ábhar díobhálach a choinneáil nó d'iompar, i bhfoisceacht tríocha slat d'uiscí ar bith— | |
| [EN] | (a) soláthróidh agus cothabhálfaidh únaer an ghabhadáin sin pé meáin (dá ngairmtear meáin oiriúnacha sa bhfo-alt seo) a choiscfeas go héifeachtach aon leachtach díobhálach ó dhul as an ngabhadán sin isteach sna huiscí sin, | |
| [EN] | (b) má mhainníonn únaer an ghabhadáin sin an dualgas a chomhlíonadh a cuirtear air le mír (a) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtaint sin, | |
| [EN] | (c) má bhíonn an tAire sásta gur soláthraíodh meáin oiriúnacha maidir leis an ngabhadán sin, féadfaidh sé, ar únaer an ghabhadáin dá iarraidh sin, deimhniú d'eisiúint chuige (a fhanfas i bhfeidhm ar feadh pé tréimhse a sonrófar ann) agus sonrófar sa deimhniú sin na meáin oiriúnacha agus an modh ar a n-úsáidfear iad, | |
| [EN] | (d) más rud é— | |
| [EN] | (i) go gcúiseofar únaer an ghabhadáin sin i gcion faoin alt seo maidir leis an ngabhadán sin, agus | |
| [EN] | (ii) go gcruthóidh sé go ndearnadh deimhniú i leith an ghabhadáin sin d'eisiúint faoi mhír (c) den fho-alt seo agus ón uair a heisíodh an deimhniú sin go raibh na meáin oiriúnacha a sonraíodh ann ar fáil agus á n-úsáid mar sonraíodh sa deimhniú sin, agus | |
| [EN] | (iii) go raibh an deimhniú i bhfeidhm ar an dáta a líomhantar a rinneadh an cion, | |
| [EN] | ansin, déanfar an cúiseamh a dhíbhe. | |
| [EN] |
Alt 38 d'Acht 1939 a leasú. |
30. —Más rud é— |
| [EN] | (a) go gcúiseofar duine i gcion faoi alt 38 d'Acht 1939 maidir le bradán nó breac, agus | |
| [EN] | (b) go gcruthóidh an duine sin gur gabhadh an bradán nó an breac le slat agus ruaim in áit áirithe ag am áirithe, agus | |
| [EN] | (c) go raibh sé dleathach bradán nó breac a ghabháil le slat agus ruaim san áit sin ag an am sin, | |
| [EN] | déanfar an cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe. |