|
||||
|
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V. Forala maidir le haeradroma Stait. | |
| [EN] |
Mínithe chun críocha Coda V. |
15. —(1) Sa Chuid seo— |
| [EN] | oifigeach údaraithe. |
ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine— |
| [EN] | (a) is comhalta den Gharda Síochána, nó | |
| [EN] | (b) is duine a bhaineas le haicme atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachta d'fheidhmiú a bheirtear d'oifigigh údaraithe le hailt 19 agus 20 den Acht seo; | |
| [EN] | fo-dhlithe. |
ciallaíonn an focal “fo-dhlithe” fo-dhlithe arna ndéanamh faoin gCuid seo; |
| aeradróm Stáit |
ciallaíonn an abairt “aeradróm Stáit” aeradróm arna bhunú ag an Aire faoi alt 37 den Phríomh-Acht. | |
(2) Folaíonn tagairtí sa Chuid seo do shárú fo-dhlí tagairtí do loiceadh nó diúltú an fo-dhlí a chomhlíonadh. | ||
| [EN] |
Fo-dhlithe maidir le haeradróma Stáit. |
16. —(1) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh, maidir le haon aeradróm Stáit, chun aon chríche nó críocha acu seo a leanas:— |
| [EN] | (a) daoine d'eisiamh uaidh, | |
| [EN] | (b) feithiclí d'eisiamh uaidh, | |
| [EN] | (c) daoine a ligean isteach ann, | |
| [EN] | (d) feithiclí a ligean isteach ann, | |
| [EN] | (e) daoine agus feithiclí a bheas san aeradróm, nó a bheas ag iarraidh dul isteach ann, a chur i scuainí, | |
| [EN] | (f) foghail ar an aeradróm ag daoine nó ainmhithe a thoirmeasc, | |
| [EN] | (g) an t-aeradróm agus aerárthaí a bheas á úsáid a chaomhaint ó dhamáiste agus, go sonrach, ó dhamáiste de dheasca tine, | |
| [EN] | (h) caitheamh tobac san aeradróm a shrianadh, | |
| [EN] | (i) ord agus dea-iompar a choimeád san aeradróm, | |
| [EN] | (j) núiseanna san aeradróm a chosc, | |
| [EN] | (k) aon mhaoin a gheofar san aeradróm nó in aon aerárthach nó feithicil ann a choimeád slán agus d'athsheachadadh nó a dhiúscairt, na muirir a shocrú a bheas le héileamh i leith na maoine sin a choimeád slán nó d'athsheachadadh agus, i gcás aon mhaoin den tsórt sin a dhiúscairt trína díol, an úsáid a déanfar den airgead a gheofar de thoradh an díola, | |
| [EN] | (l) go ginearálta chun an t-aeradróm a bhainistí, d'oibriú agus a mhaoirsiú go cuí. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh, maidir le haon aeradróm Stáit, chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas— | |
| [EN] | (a) na bealaigh a ghabhfas feithiclí a shonrú, | |
| [EN] | (b) úsáid ród sonraithe ag feithiclí a thoirmeasc nó a shrianadh go ginearálta nó i rith trátha áirithe nó ag amanna áirithe nó i gcásanna áirithe, | |
| [EN] | (c) toirmeasc a chur le feithiclí a thiomáint ar ród sonraithe ach amháin i dtreo sonraithe, | |
| [EN] | (d) trácht a rialú go ginearálta. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh, maidir le haon aeradróm Stáit, chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas— | |
| [EN] | (a) na hionaid (dá ngairmtear ionaid suite san alt seo) a shocrú ina bhféadfaidh feithiclí, pé acu gan freastal é nó nach ea, fanúint ar fos gan teorainn ama nó go ceann aon tréimhse nach sia ná tréimhse shonraithe, | |
| [EN] | (b) na coinníollacha a cheapadh a bheas le comhlíonadh maidir le feithiclí a fhanfas ar fos in ionaid suite, | |
| [EN] | (c) an tréimhse a shocrú a fhéadfas feithiclí, na críocha chun a bhféadfaid agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh, fanúint ar fos in áiteanna nach ionaid suite, | |
| [EN] | (d) toirmeasc a chur le coimeád nó fágaint aon fheithiclí ar fos in aon áit (lena n-áirítear ionaid suite) go ceann tréimhse is sia ná an tréimhse a bheas údaraithe chuige sin leis na fo-dhlithe nó chun críche seachas críoch a bheas údaraithe amhlaidh chuige sin nó ar shlí seachas chun críche (más ann di) nó do réir na gcoinníollacha (más ann dóibh) a bheas ordaithe chuige sin leis na fo-dhlithe. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh á thoirmeasc feithiclí a thiomáint in aeradróm Stáit ar luas is mó ná luas sonraithe. | |
| [EN] | (5) Nuair a bheas fo-dhlithe ar bith maidir le haeradróm Stáit á ndéanamh aige faoin alt seo, féadfaidh an tAire— | |
| [EN] | (a) a mhíniú, i pé slí is cuí leis, cad is aicme daoine nó feithiclí ann chun críocha aon fhorála de na fo-dhlithe, | |
| [EN] | (b) forála éagsúla a dhéanamh maidir le coda éagsúla den aeradróm, | |
| [EN] | (c) forála éagsúla a dhéanamh maidir le haicmí éagsúla daoine a mbainfidh na fo-dhlithe leo, | |
| [EN] | (d) forála éagsúla a dhéanamh maidir le haicmí éagsúla feithiclí a mbainfidh na fo-dhlithe leo, | |
| [EN] | (e) aon aicme áirithe daoine nó feithiclí a shaoradh ó oibriú na bhfo-dhlithe. | |
| [EN] | (6) Má sháraíonn aon duine aon fho-dhlí arna dhéanamh faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air. | |
| [EN] | (7) I gcás aon ní a ndéanfar fo-dhlithe ina leith faoin alt seo a bheith ina ábhar d'aon achtachán (seachas an tAcht seo) nó d'aon ionstraim arna déanamh faoi, ansin, beidh oibriú an achtacháin nó na hionstraime sin, a mhéid a bhainfeas sé leis an ábhar sin, ar fionraí fad a leanfas na fo-dhlithe sin i bhfeidhm. | |
| [EN] |
Fo-dhlithe ag míniú dualgas daoine i gceannas aerárthaí a bheas de thuras na huaire ar an talamh in aeradróm Stáit. |
17. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon aeradróm Stáit, fo-dhlithe a dhéanamh ag míniú dualgas daoine a bheas i gceannas aerárthaí a bheas de thuras na huaire ar an talamh san aeradróm Stáit sin. |
| [EN] | (2) Má dhéanann duine ar bith i gceannas aerárthaigh, a bheas de thuras na huaire ar an talamh in aeradróm Stáit lena mbaineann aon fho-dhlí arna dhéanamh faoin alt seo, an fo-dhlí sin a shárú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná mí. | |
| [EN] |
Fo-dhlithe d'fhoilsiú. |
18. —Déanfar fo-dhlithe maidir le haeradróm Stáit a thaispeáint san aeradróm i pé slí a mheasfas an tAire is oiriúnaí chun eolas a thabhairt do dhaoine lena mbaineann na fo-dhlithe. |
| [EN] |
Ciontaitheoirí in aeradróma Stáit a chur amach agus a ghabháil. |
19. —(1) Má dhéanann aon duine (dá ngairmtear an ciontaitheoir sa bhfo-alt seo), in aon aeradróm Stáit lena mbainfidh fo-dhlí, an fo-dhlí a shárú— |
| [EN] | (a) féadfaid oifigeach údaraithe ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh— | |
| [EN] | (i) a cheangal ar an gciontaitheoir a ainm agus a sheoladh a thabhairt, | |
| [EN] | (ii) a ordú don chiontaitheoir an t-aeradróm d'fhágaint; | |
| [EN] | (b) más rud é, ar oifigeach údaraithe dá iarraidh air a ainm agus a sheoladh a thabhairt, go ndiúltóidh an ciontaitheoir a ainm a thabhairt nó go ndiúltóidh sé a sheoladh a thabhairt nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh arb eol don oifigeach údaraithe, nó a mbeidh amhras réasúnach air, é a bheith bréagach nó cumtha, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a ghabháil gan barántas; | |
| [EN] | (c) más rud é, ar oifigeach údaraithe dá ordú dhó an t-aeradróm d'fhágaint, go ndiúltóidh nó go loicfidh an ciontaitheoir sin a dhéanamh, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a chur amach as an aeradróm le forneart nó é a ghabháil gan barántas. | |
| [EN] | (2) Má dhéanann oifigeach údaraithe, nach comhalta den Gharda Síochána, duine a ghabháil faoin alt seo, bhéarfaidh sé láithreach i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána é chun go ndéanfar leis do réir dlí. | |
| [EN] | (3) I gcás duine ar bith— | |
| [EN] | (a) ar oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh air a ainm agus a sheoladh a thabhairt, do dhiúltú a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó do thabhairt ainm nó seoladh a bheas bréagach nó cumtha, nó | |
| [EN] | (b) ar oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh air aeradróm Stáit d'fhágaint, do dhiúltú nó do loiceadh é d'fhágaint, nó | |
| [EN] | (c) ar é d'fhágaint aeradróma Stáit toisc oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh sin air nó ar é a chur amach as aeradróm Stáit faoin alt seo, do theacht ar ais ann an lá céanna, | |
| [EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air. | |
| [EN] |
Feithiclí, etc., d'aistriú. |
20. —Má gheibheann oifigeach údaraithe aon fheithicil, ainmhí nó ní eile in aeradróm Stáit contrártha d'fho-dhlí a bhaineas leis an aeradróm sin, féadfaidh sé an fheithicil, an t-ainmhí nó an ní eile d'aistriú chun áite laistigh den aeradróm sin nó lasmuigh dhe. |
| [EN] |
Oifigigh údaraithe a bhacainniú agus d'ionsaí. |
21. —Má dhéanann duine ar bith— |
| [EN] | (a) oifigeach údaraithe a bhacainniú nó a chosc agus é go dleathach ag feidhmiú a chumhacht agus a dhualgas mar oifigeach údaraithe faoi alt 19 nó 20 den Acht seo, nó | |
| [EN] | (b) oifigeach údaraithe d'ionsaí agus é go dleathach ag feidhmiú na gcumhacht agus na ndualgas sin, | |
| [EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí. | |
| [EN] |
Aeradróm Stáit a bheith ina áit phoiblí agus bóithre ann a bheith ina mbóithre chun críocha Coda X den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 . |
22. —Chun amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo— |
| [EN] | (a) gur áit phoiblí chun críocha aon achtacháin aeradróm Stáit; | |
| [EN] | (b) go bhfolóidh an focal “bóthar”, chun críocha Coda X den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , bóthar in aeradróm Stáit. | |
| [EN] |
Bainistí aerphort Bhaile Atha Cliath. |
23. —Chun Aerphort Bhaile Atha Cliath a bhainistí, féadfaidh Aer-Rianta, Teoranta, mura n-ordaí agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, gníomhú mar ghníomhaire don Aire. |
| [EN] |
Cumhacht an Aire chun uisce a sholáthar in aeradróm Stáit. |
24. —(1) Féadfaidh an tAire uisce a dhíol as aon oibreacha uisce-sholáthair a bheas á gcothabháil aige i ndáil le haeradróm Stáit. |
| [EN] | (2) D'ainneoin aon ní sa Waterworks Clauses Act, 1847, nó sa Waterworks Clauses Act, 1863,— | |
| [EN] | (a) féadfaidh an tAire, as uisce a bheas á sholáthar dó in aeradróm Stáit ag údarás sláintíochta, uisce a dhíol, le toiliú an údaráis sláintíochta sin, le duine ar bith, agus, chun na críche sin, féadfaidh píopaí agus goireas a cheangal d'aon phíopaí a bheas á n-úsáid chun an t-uisce a bheas á sholáthar ag an údarás sláintíochta sin d'iompar, | |
| [EN] | (b) má díoltar uisce le duine faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an duine sin an t-uisce a díolfar amhlaidh a thógaint agus d'úsáid. |