|
||||
|
AN tACHT IOMPAIR, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IX. Forala Ilghneitheacha. | |
| [EN] |
An teanga ina mbeidh fógraí poiblí agus ticéidí. |
57. —(1) Ní foláir na buan-fhógraí agus na buan-chomharthaí poiblí uile (lena n-áirítear ainmneacha stáisiún) a bheas á gcothabháil ag an mBord a bheith i nGaeilge ach is cead iad a bheith i nGaeilge agus i mBéarla. |
| [EN] | (2) Ní foláir na cárta-thicéidí paisnéara uile a eiseos an Bord i gcóir turasanna laistigh den Stát a bheith clóbhuailte i nGaeilge ach is cead iad a bheith clóbhuailte i nGaeilge agus i mBéarla. | |
| [EN] |
Doiciméid a sheirbheáil ar an mBord. |
58. —Aon doiciméad a ceangaltar nó a húdaraítear le dlí a sheirbheáil ar an mBord, féadfar é a sheirbheáil amhlaidh— |
| [EN] | (a) trína thabhairt do rúnaí an Bhoird i bpríomh-oifig an Bhoird sa Stát, nó | |
| [EN] | (b) trína fhágaint sa phríomh-oifig adúradh i gclúdach faoi sheoladh rúnaí an Bhoird, nó | |
| [EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha faoi sheoladh rúnaí an Bhoird ag an bpríomh-oifig adúradh. | |
| [EN] |
Pionós i leith foghla ar iarnróid an Bhoird. |
59. —(1) Má dhéanann duine ar bith foghail ar aon cheann de na hiarnróid a bheas ag an mBord nó á n-oibriú ag an mBord, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air. |
| [EN] | (2) I gcás duine a chúiseamh i gcion faoin alt seo i leith foghla— | |
| [EN] | (a) ní foras cosnaimh dó é nár tugadh rabhadh pearsanta dó, | |
| [EN] | (b) ní déanfar, in aon chás, é a chiontú sa chion mura gcruthaí an Bord chun sástachta na Cúirte go raibh curtha suas, ar dháta na foghla, ag an stáisiún leis an mBord agus ar an gcrosaire comhréidh is gaire don bhall a líomhantar go ndearnadh an fhoghail ann, fógra (agus é péinteálta ar chláir nó clóbhuailte, péinteálta nó maithnithe ar iarann nó ar aon abhar eile) i litreacha soléite ag tabhairt rabhadh do dhaoine gan foghail a dhéanamh ar iarnróid an Bhoird. | |
| [EN] | (3) Ní dlífear aon fhíneáil faoin alt seo a chur ar dhuine ar bith a raghaidh go dleathach trasna iarnróid an Bhoird ag aon chrosaire comhréidh nó trí aon oibreacha garachta d'úsáid a bheas á gcothabháil de bhun ailt 68 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an Bord inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo. | |
| [EN] |
Earraí contúirteacha d'iompar d'iarnród. |
60. —(1) Ní chuirfidh aon ní san Acht seo d'oblagáid ar an mBord earraí contúirteacha a ghlacadh chun iad d'iompar d'iarnród, ná ní dhéanfaidh docharú ná laghdú ar chumhachta aon Aire Stáit faoin Explosives Act, 1875, ná ní dhéanfaidh difir do bhailíocht ná d'oibriú aon orduithe, rialach nó fo-dhlí a rinneadh faoi na cumhachta atá san Acht sin. |
| [EN] | (2) Má ghlacann an Bord earraí contúirteacha chun iad d'iompar d'iarnród, iomprófar na hearraí faoi réir pé fo-dhlithe, rialachán agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord i dtaobh iad d'iompar nó a stóráil, agus déanfaidh únaer nó consíneoir na n-earraí sin an Bord a shlánú in aghaidh agus i gcoinne gach cailliúna nó damáiste a bhainfeas don Bhord nó a mbeidh an Bord, nó a dtiocfaidh sé chun bheith, faoi dhliteanas ina leith toisc gan na fo-dhlithe, na rialacháin agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh maidir leis na hearraí sin, agus íocfaidh sé lánchúiteamh i ngach díobháil do sheirbhísigh an Bhoird agus i ngach damáiste do mhaoin an Bhoird a thiocfas de sin, mura gcruthaítear gur mhí-iompar toiliúil ag seirbhísigh an Bhoird faoi ndeara an díobháil nó an damáiste. | |
| [EN] | (3) I gcás sean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Deiscirt, Córas Iompair Éireann (1945) nó an Bord dá dhearbhú aon earra áirithe a bheith contúirteach, beidh ar an bpearsa a bheas á iarraidh go n-iomprófaí an earra a chruthú nach bhfuil sí contúirteach. | |
| [EN] |
Poirt a chaomhaint. |
61. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “pearsa leasmhar” an tAire, an tAire Talmhaíochta, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, údarás cuain, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle aon chontae nó aon cheantair uirbigh. |
| [EN] | (2) Ní dhéanfaidh an Bord, trí na rátaí nó na táillí, lán-turais nó áitiúil, a héileofar, ná trí na saoráidí a soláthrófar dó ná ar aon tslí eile, leathchuma ar aon phort áirithe sa stát i gcompráid le haon phort eile sa Stát a mbíonn nó a mbeidh aon trácht á iompar chuige nó uaidh nó tríd. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an Bord, má iarrann aon phearsa leasmhar air é, gach dícheall cuí chun córas réasúnach ticéidí lán-turais maraon le rátaí agus táillí agus saoráidí lán-turais, a chur ar fáil ar gach cúrsa réasúnach. | |
| [EN] | (4) Ní thabharfaidh an Bord do thrádálaithe a bheas ag aon phort, nó a bheas ag úsáid aon phoirt, sa Stát, aon lascainí, coimisiúin ná liúntais ghníomhaireachta ná liúntais eile nach mbeidh á dtabhairt ag an mBord in imthosca den tsamhail chéanna do thrádálaithe a bheas ag aon phort eile, nó a bheas ag úsáid aon phoirt eile, sa Stát. | |
| [EN] | (5) Má éiríonn aon díospóid faoin alt seo nó maidir le haon abhar nó rud faoin alt seo nó i dtaobh an Bord a bheith ag comhlíonadh a oblagáidí faoin alt seo nó ag déanamh gach beart réasúnach chuige sin, féadfar, ar thionscnamh an Bhoird nó na pearsan leasmhaire lena mbainfidh, an díospóid a tharchur chun na hArd-Chúirte agus air sin cinnfidh an Ard-Cúirt an díospóid. | |
| [EN] |
Forála maidir le telegrafa a dhéanamh agus a chothabháil. |
62. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, ar an dáta bunuithe agus dá éis leanfaidh gach achtachán, dámhachtain, gníomhas, comhaontú agus comhshocraíocht ina bhfuil forála idir an tAire Poist agus Telegrafa agus Córas Iompair Éireann (1945) (mar chomharba ar Shean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Deiscirt nó eile) a bhaineas le telegrafa a dhéanamh agus a chothabháil, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an gcóras iarnród agus na hoibreacha agus na tailte ba ghnóthas iarnróid Chóras Iompair Éireann (1945) díreach roimh an dáta bunuithe agus leis an Aire sin agus leis an mBord ina leith sin, agus maidir leo sin amháin. |
| [EN] |
Comhaontuithe láithreacha idir an tAire Poist agus Telegrafa agus Córas Iompair Éireann (1945) d'athbhreithniú agus díospóidí idir an tAire sin agus an Bord a chinneadh. |
63. —(1) Ar an dáta bunuithe agus dá éis, féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa nó an Bord a iarraidh ar an Ard-Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar aon Chomhaontú idir an tAire sin agus Córas Iompair Éireann (1945) (mar chomharba ar Shean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Deiscirt nó ar Shean-Chuideachta Iompair Aontaithe Bhaile Átha Cliath, Teoranta, nó eile), pé acu comhaontú reachtúil é nó nach ea, a bheas ar marthain díreach roimh an dáta bunuithe. |
| [EN] | (2) Mura mbeidh aon chomhaontú ann den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa nó an Bord a iarraidh ar an Ard-Chúirt aon easaontas nó díospóid a chinneadh atá ann, nó a éireos, idir an tAire sin agus an Bord i dtaobh an luach saothair a bheas le n-íoc as seirbhísí a bhéarfas an Bord don Aire sin, ach (d'ainneoin aon fhorála, reachtúil nó eile, contrártha dhó sin) leanfaidh an Bord de na seirbhísí sin a thabhairt go dtí go dtabharfaidh an Ard-Chúirt a breith. | |
| [EN] |
Comhshocraíochta maidir le hIarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath. |
64. —(1) Amhail ar an dáta bunuithe agus dá éis— |
| [EN] | (a) leanfaidh an Bord den ghnáth-chóras traenacha d'oibriú a bhí á rith roimh an dáta sin le haghaidh agus i dtaobh post-sheirbhísí an Aire Phoist agus Telegrafa ar Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath agus ar iarnród an Bhoird idir Raedh na nIartharach i gCathair Bhaile Átha Cliath agus Post-Phiara Dhún Laoghaire go dtí go ndéanfaidh an Bord agus Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt, le toiliú an Aire sin, comhaontú eile; | |
| [EN] | (b) má dhéanann Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt, d'fhonn áisiúlacht oibrithe, aon charráiste nó rothdíle a chur thar Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath agus iarnród an Bhoird idir Raedh na nIartharach adúradh agus Post-Phiara Dhún Laoghaire, ní dhéanfaidh an Bord aon íocaíocht le Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt i leith aon charráiste nó rothdhíle den tsórt sin ná ní dhéanfaidh an Bord aon doladh tarrainge d'éileamh ar Chuideachta Iarnróid an Tuaiscirt i leith aon charráiste nó rothdhíle den tsórt sin. | |
| [EN] | (2) San alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn an abairt “Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt” Cuideachta Mhór-Iarnróid an Tuaiscirt (Éirinn); | |
| [EN] | ciallaíonn an abairt “Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath” na hiarnróid a rinneadh faoin Dublin, Wicklow and Wexford Railway (City of Dublin Junction Railways) Act, 1884. | |
| [EN] |
Deireadh le cumhachta Bhoird Rialuithe Chanáil na Midhe. |
65. —Ar an dáta bunuithe agus dá éis scoirfidh cumhachta agus feidhmeanna Bhord Rialuithe Chanáil na Midhe de bheith infheidhmithe. |