|
||||
|
AN tACHT IOMPAIR, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Aoisliuntas do Chomaltai den Bhord. | |
| Sochair aoisliúntais. | 1. (1) Chun críocha na míre seo— | |
(a) ciallaíonn an focal “comhalta” comhalta den Bhord; | ||
(b) is tuigthe gurb é is tuarastal bliantúil comhalta ná a mheán-tuarastal bliantúil mar chomhalta den tsórt sin ar feadh na tréimhse trí mblian dar críoch an dáta a scoirfeas sé de bheith ina chomhalta nó dáta a bháis, do réir mar bheas; | ||
(c) i gcás téarma oifige comhalta do dhul in éag agus é d'athcheapadh ina dhiaidh sin (pé acu roimh dháta a dhulta in éag nó ar an dáta sin nó dá éis a déantar é iarbhír) chun bheith in chomhalta go ceann téarma dar tosach dáta, nó an lá i ndiaidh dáta, an dulta in éag sin, ní briseadh a bheas ann ar leanúntas a chomhaltais ar an mBord. | ||
(2) Más rud é, i gcás comhalta a gceanglann téarmaí a cheapacháin air a chuid ama go léir a chaiheamh lena dhualgais mar chomhalta den tsórt sin, go scoirfidh sé, tar éis bheith ina chomhalta lán-aimsire go leanúnach ar feadh deich mbliana ar a laghad nó tar éis bheith ina chomhalta lán-aimsire ar feadh dhá thréimhse nó níos mó (pé acu go leanúnach nó go neamhleanúnach é) nach lú san iomlán ná deich mbliana agus a mbeidh ar áireamh iontu téarma oifige amháin ar a laghad de chúig bliana mar chomhalta lán-aimsire den Bhord, de bheith ina chomhalta trína théarma oifige a dhul in éag gan é d'athcheapadh nó trína éirí-as i rith a théarma oifige tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú nó toisc easláinte roimh an aois sin a shlánú, féadfaidh an Bord pinsean saoil a dheonadh don chomhalta sin de mhéid sa bhliain a ríomhfar do réir an ochtú cuid ceathrachad de thuarastal bliantúil an chomhalta sin in aghaidh gach bliana iomláine a thug sé ina chomhalta lán-aimsire den Bhord, ach gan an méid uasta a dhul thar an ochtú cuid ceathrachad faoi fhiche den tuarastal bliantúil sin. | ||
(3) I gcás comhalta d'fháil bháis le linn a théarma oifige tar éis dó bheith ina chomhalta lán-aimsire den Bhord go leanúnach ar feadh tréimhse nach lú ná chúig bliana agus dar críoch dáta a bháis, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus tuarastal bliantúil an chomhalta sin a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo. | ||
(4) I gcás duine dá ndeonfar pinsean faoi fho-mhír (2) den mhír seo d'fháil bháis tráth, i ndiaidh é a scor de bheith ina chomhalta, a bhéarfas gur lú ná a thuarastal bliantúil mar chomhalta méid an phinsin sin don tréimhse ó dháta an scortha sin go dtí dáta a bháis, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus an tsuim a bheas méid sin an phinsin sin don tréimhse sin faoi bhun an tuarastail bhliantúil sin a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo. | ||
| Na sochair aoisliúntais a bhainfeas le T. Ó Cúrnáin má ceaptar é ina chéad chathaoirleach ar an mBord. | 2. (1) Chun críocha na míre seo— | |
(a) ciallaíonn an abairt “na hAchta Aoisliúntas” na hAchta Aoisliúntas, 1834 to 1947; | ||
(b) ciallaíonn an focal “cathaoirleach” cathaoirleach an Bhoird; | ||
(c) ciallaíonn an abairt “an duine ainmnithe” Tadhg Ó Cúrnáin; | ||
(d) ciallaíonn an abairt “seirbhís inphinsin”, maidir leis an duine ainmnithe, a suim seo a leanas— | ||
(i) aon tréimhse sheirbhíse roimh an 18ú lá d'Fheabhra, 1949, is ináirithe, maidir leis an duine sin, chun críocha na nAcht Aoisliúntas, | ||
(ii) a sheirbhís le Córas Iompair Éireann (1945), agus | ||
(iii) a sheirbhís leis an mBord; | ||
(e) is tuigthe gurb é is tuarastal bliantúil an duine ainmnithe ná an meán-tuarastal bliantúil a fuair sé i gcaitheamh na dtrí mblian dar críoch dáta a scortha de bheith ina chathaoirleach nó dáta a bháis, pé acu é, agus, má bhíonn tréimhse sheirbhíse sa Stát-Sheirbhís ar áireamh sa tréimhse sin, déanfar, nuair a bheas a mheán-tuarastal bliantúil á chinneadh, a thuarastal inphinsin chun críocha na nAcht Aoisliúntas amhail ar an 17ú lá d'Fheabhra, 1949, a chur san áireamh. | ||
(2) Beidh feidhm ag na fo-mhíreanna ina dhiaidh seo den mhír seo i gcás (agus sa chás sin amháin) gurb é an duine ainmnithe an chéad chathaoirleach. | ||
(3) Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Sceideal seo maidir leis an duine ainmnithe. | ||
(4) Más rud é— | ||
(a) go n-éireoidh an duine ainmnithe, le linn dó bheith ina chathaoirleach, as an oifig sin ar chúig bliana seascad d'aois a shlánú dhó nó dá éis sin, nó | ||
(b) go n-éireoidh an duine ainmnithe, le linn dó bheith ina chathaoirleach, as an oifig sin toisc easláinte roimh chúig bliana seascad d'aois a shlánú dhó agus go nglacfaidh an Rialtas lena éirí-as, nó | ||
(c) i gcás an duine ainmnithe— | ||
(i) go scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach toisc a théarma oifige a dhul in éag, agus | ||
(ii) nach n-athainmneofar ina chathaoirleach é, agus | ||
(iii) go mbeidh seasca bliain d'aois ach nach mbeidh chúig bliana seascad d'aois slán aige ar dháta an scortha sin, agus | ||
(iv) nach raghaidh sé thar n-ais sa Stát-Sheirbhís, | ||
ansin, féadfaidh an Bord— | ||
(I) pinsean saoil a dheonadh dhó de mhéid sa bhliain a ríomhfar do réir an ochtódú cuid dá thuarastal bliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís inphinsin, ach gan an méid uasta a dhul thar leath an tuarastail bhliantúil sin aige, | ||
(II) aisce a dheonadh dhó de mhéid is ionann agus an tríochadú cuid dá thuarastal bliantúil arna hiolrú faoi uimhir is ionann agus an uimhir de bhlianta iomlána seirbhíse inphinsin a bheas tugtha aige, ach gan an méid uasta a dhul thar oiread go leith a thuarastail bhliantúil, | ||
agus, má dhéanann an Bord amhlaidh, ní bheidh aon aoisliúntas ná aon liúntas ná aisce bhreise iníoctha leis faoi na hAchta Aoisliúntas. | ||
(5) Má gheibheann an duine ainmnithe bás le linn dó bheith ina chathaoirleach, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus a thuarastal bliantúil a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo agus, má dhéanann an Bord amhlaidh, ní bheidh aon aisce iníoctha lena ionadaithe dlíthiúla pearsanta faoi alt 2 den Superannuation Act, 1909, ná faoin alt sin arna leasú le halt 2 den Superannuation Act, 1914. | ||
(6) Más rud é, ar phinsean faoi fho-mhír (4) den mhír seo a dheonadh don duine ainmnithe go bhfaighidh sé bás tráth, i ndiaidh é a scor de bheith ina chathaoirleach, a bhéarfas gur lú ná a thuarastal bliantúil méid an phinsin sin don tréimhse ó dháta an scortha sin go dtí dáta a bháis, féadfaidh an Bord aisce de mhéid is ionann agus an tsuim a bheas méid sin an phinsin sin don tréimhse sin faoi bhun a thuarastail bhliantúil a dheonadh dá ionadaithe dlíthiúla pearsanta agus d'íoc leo. | ||
(7) Más rud é, maidir leis an duine ainmnithe— | ||
(a) go scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach toisc a thréimhse oifige a dhul in éag, agus | ||
(b) nach n-athainmneofar é ina chathaoirleach, agus | ||
(c) nach mbeidh chúig bliana seascad slán aige ar dháta an scortha sin, agus | ||
(d) go raghaidh sé thar n-ais sa Stát-Sheirbhís, | ||
ansin, chun críocha na nAcht Aoisliúntas— | ||
(i) measfar gur seirbhís bhunaithe a sheirbhís le Córas Iompair Éireann (1945) agus leis an mBord. | ||
(ii) measfar an tuarastal a fuair sé i leith na seirbhíse sin a bheith arna íoc as airgead a vótáil an tOireachtas do réir bhrí ailt 17 den Superannuation Act, 1859. | ||
| Forála maidir le pinsin faoi mhír 1 nó 2. | 3. (1) Sa mhír seo, folaíonn an abairt “post i roinn phoiblí”— | |
(a) aon phost a ndéantar an luach saothair a ghabhas leis d'íoc go hiomlán nó go páirteach as airgead (seachas deontas aonair nó deontais ócáideacha nach n-athnuaitear ó bhliain go bliain) a sholáthraíos an tOireachtas, | ||
(b) aon phost is oifig phoiblí do réir bhrí an Superannuation Act, 1892, nó aon achtacháin ag leasú an Achta sin, | ||
(c) aon phost ar, nó faoi, nó mar chomhalta íoctha de, bhord nó comhlucht arna bhunú trí, nó faoi, aon reacht de reachta Shaorstát Éireann nó trí, nó faoi, aon Acht ón Oireachtas agus a dhearbhós an tAire Airgeadais, le hordú, a bheith ina roinn phoiblí chun críocha an Sceidil seo. | ||
(2) Aon uair a bheas duine dár deonadh pinsean faoi mhír (1) nó (2) den Sceideal seo ar fostú in aon phost i roinn phoiblí nó faoi údarás áitiúil agus a bheas ceachtar foráil acu seo a leanas infheidhme, ansin, beidh feidhm ag pé foráil acu sin is infheidhme— | ||
(i) i gcaitheamh aon tréimhse a bheas ráta bliantúil luach saothair an duine sin sa phost sin comhionann leis an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an pinsean sin nó níos mó ná an tuarastal sin, ní bheidh an pinsean iníoctha, | ||
(ii) i gcaitheamh aon tréimhse a bheas ráta bliantúil an luach saothair sin níos lú ná an tuarastal sin ach níos mó ná an bhreis a bheas ag an tuarastal sin ar an bpinsean sin, ní bheidh iníoctha den phinsean sin ach an méid is ionann agus an méid a bheas ráta bliantúil an luach saothair sin faoi bhun an tuarastail sin. |