|
||||
|
AN tACHT IOMPAIR, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CEATHRU SCEIDEAL. Cuiteamh d'Oifigigh agus do Sheirbhisigh airithe do na gnothairi discaoilte agus don Bhord. | |
| Léiriú. | 1. (1) Sa Sceideal seo— | |
ciallaíonn an abairt “sean-chuideachta iompair” aon chuideachta— | ||
(a) is cuideachta chomhghafa nó cuideachta chónasctha do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), nó | ||
(b) is cuideachta dhíscaoilte do réir bhrí Achta 1944, nó | ||
(c) is ceachtar de na ghnóthairí díscaoilte; | ||
ciallaíonn an abairt “sean-cheadúnaí ród-iompair” pearsa ba shealbhóir ar cheadúnas paisnéara, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), nó ar cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), agus ar haistríodh an ceadúnas sin aige chun cuideachtan díscaoilte do réir bhrí Achta 1944, nó chun gnóthaire dhíscaoilte; | ||
ciallaíonn an abairt “sean-ghnóthaire iompair” pearsa ar bith— | ||
(a) is sean-chuideachta iompair, nó | ||
(b) sean-cheadúnaí ród-iompair; | ||
ciallaíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta”— | ||
(a) an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , agus | ||
(b) an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III den Acht sin; | ||
ciallaíonn an abairt “an Dara Cogadh Domhanda” an cogadh a bhí ar siúl ar dháta Achta 1944 a rith; | ||
forléireofar an abairt “luach saothair” mar abairt a fholaíos aon bhónas costais mhaireachtana nó aon bhónas eile. | ||
(2) Chun seirbhís inphinsin duine a ríomh faoin Sceideal seo— | ||
(a) folóidh an tseirbhís inphinsin— | ||
(i) seirbhís le haon tsean-chuideachta iompair, | ||
(ii) má bhí seirbhís ag an duine sin le sean-chuideachta iompair, seirbhís i dTigh Imréitigh Iarnród na hÉireann, | ||
(iii) seirbhís leis an mBord, | ||
(iv) seirbhís (is seirbhís a haitheantar chun críocha scéime aoisliúntais, do réir bhrí ailt 44, nó scéime aoisliúntais láithrí, do réir bhrí ailt 45) le haon tsean-cheadúnaí ród-iompair; | ||
(b) má bhí an duine sin as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair agus go raibh sé, ar feadh na haimsire go léir a bhí sé as láthair amhlaidh, ar seirbhís in aon cheann de na fórsaí míleata a bhí ag fónamh faoi údarás an Chéad Dáil Éireann nó an Dara Dáil Éireann nó Rialtais Shealadaigh na hÉireann nó i gceachtar de na fórsaí freasúracha le linn an imreasáin chathartha sna blianta 1922, 1923, nó 1924, nó go raibh sé i gcoinneáil nó i bpríosún de dheasca na seirbhíse sin, nó go raibh sé ar seirbhís roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, san Arm, sa Chabhlach nó san Aer-Fhórsa Breataineach, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin; | ||
(c) má rinneadh an duine sin d'fhionraí nó a dhíbhe as seirbhís sean-ghnóthaire iompair an lú lá d'Aibreán, 1916, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá de Nollaig, 1921, ach gur hathshuíodh arís é, agus go ndeimhneoidh an tAire gurb é báidh an duine sin le cúrsaí náisiúnta faoi ndear é d'fhionraí nó a dhíbhe déanfar pé tréimhse (nach sia ná an tréimhse idir a fhionraí nó a dhíbhe agus a athshuíomh) a ordós an tAire d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin; | ||
(d) má bhí an duine sin, toisc briseadh ar na seirbhísí iarnróid a tháinig go díreach de dheasca imreasáin chathartha sna blianta 1922, 1923 nó 1924, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin; | ||
(e) má bhí an duine sin as láthair go sealadach, i rith an Dara Cogadh Domhanda, óna fhostaíocht le seanghnóthaire iompair agus go raibh sé, ar feadh na haimsire go léir a bhí sé as láthair amhlaidh, ag fónamh sna Fórsaí Cosanta, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin; | ||
(f) má bhí an duine sin as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair nó leis an mBord ar feadh tréimhse is lú ná bliain— | ||
(i) toisc seirbhísí ar líne iarnróid a dhúnadh nó a laghdú go sealadach de dheasca coinníollacha a lean as an Dara Cogadh Domhanda, nó | ||
(ii) toisc aon tseirbhísí iompair eile a scor nó a laghdú de dheasca na gcoinníoll sin, nó | ||
(iii) toisc breoiteachta nó tionóisce, nó | ||
(iv) toisc aon díospóide ceirde nár pháirtí inti é, | ||
déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh i dtréimhse a sheirbhíse inphinsin; | ||
(g) má glacadh an duine sin i bhfostaíocht aon tsean-ghnóthaire iompair mar dhuine saincháilithe in aois ba shine ná an aois ina dtosnaítí de ghnáth ar sheirbhís iarnróid, féadfar a sheirbhís inphinsin a mhéadú trí pé méid blian a chur léi a meastar a bheith cóir; | ||
(h) má d'fhónaigh an duine sin mar phríntíseach ceirde le haon tsean-ghnóthaire iompair nó leis an mBord ar feadh aon tréimhse, ní háireofar an tréimhse sin mar sheirbhís inphinsin. | ||
(3) Chun críocha an Sceidil seo measfar gurb é uimhir de bhlianta seirbhíse inphinsin a bheas ag duine ná an toradh a gheofar tríd an uimhir de laethanta seirbhíse inphinsin a bheas aige a roinnt ar an uimhir trí chéad agus chúig seascad, agus gach codán is leath nó is mó ná leath d'áireamh mar aon agus neamhaird a thabhairt ar chodán is lú ná sin. | ||
(4) Chun críocha an Sceidil seo is é is luach saothair agus sochair oifige dhuine in aghaidh na bliana ná a luach saothair agus a shochair bhliantúla ar an dáta a scaoileadh lena sheirbhísí. | ||
| Cúiteamh do dhaoine ag a mbeidh níos lú ná chúig bliana de sheirbhís inphinsin. | 2. Is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine ag a raibh, ar an dáta a scaoiltear lena sheirbhísí, níos lú ná chúig bliana de sheirbhís inphinsin, ná aisce arna ríomh do réir an séú cuid dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin. | |
| Cúiteamh do dhaoine ag a mbeidh chúig bliana ar a laghad de sheirbhís inphinsin. | 3. Faoi réir forál míre 4 den sceideal seo, is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine ag a raibh, ar an dáta a scaoiltear lena sheirbhísí, chúig bliana ar a laghad de sheirbhís inphinsin, ná suim bliantúil a híocfar leis ar feadh a shaoil agus nach mó in aon chás ná dhá dtrian dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla agus, faoi réir na teorann sin, a ríomhfar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin, maraon le breisiú a bunófar ar an uimhir de bhlianta seirbhíse inphinsin a bheas aige agus a ríomhfar do réir an scála seo a leanas— | |
(a) má bhíonn fiche bliain nó níos mó de sheirbhís inphinsin aige, breisiú deich seascadú dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla; | ||
(b) má bhíonn chúig bliana déag nó níos mó ach faoi bhun fiche bliain de sheirbhís inphinsin aige, breisiú seacht seascadú dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla; | ||
(c) má bhíonn deich mbliana nó níos mó ach faoi bhun chúig bliana déag de sheirbhís inphinsin aige, breisiú chúig sheascadú dá luach saothair agus dá shochair oifige bhliantúla; | ||
(d) má bhíonn níos lú ná deich mbliana de sheirbhís inphinsin aige, breisiú trí sheascadú dá thuarastal agus dá shochair oifige bhliantúla. | ||
| Suimeanna bliantúla a laghdú i gcásanna áirithe. | 4. I gcás aon oifigeach nó seirbhíseach a bheas i dteideal suime bliantúla faoi mhír 3 den Sceideal seo a bheith freisin i dteideal aoisliúntais nó sochair as aon Chiste a ndearna gnóthaire díscaoilte ranníoc leis, ansin— | |
(a) laghdófar méid na suime bliantúla sin méid is ionann agus luach bliantúil an aoisliúntais nó an tsochair sin, agus | ||
(b) íocfaidh an Bord leis an oifigeach nó leis an seirbhíseach sin cnapshuim is ionann agus méid na ranníoc d'íoc an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin leis an gCiste sin. |