|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Cumhachta agus Dualgais Ghinearalta an Bhoird.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II. Coras Iompair Éireann. | |
| [EN] |
Córas Iompair Éireann a bhunú. |
5. —(1) Ar an dáta bunuithe, beidh ar bun, de bhuaidh an ailt seo, bord dá ngairmfear Córas Iompair Éireann, chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a sanntar dó leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) Beidh an Bord, faoin ainm a sanntar dó le fo-alt (1) den alt seo, ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus cumhacht chun agartha agus chun bheith inagartha faoin ainm sin aige agus chun talamh agus maoin eile a cheannach, a thógaint, a shealbhú agus a dhiúscairt. | |
| [EN] | (3) Chun amhrais a sheachaint dearbhaítear leis seo nach ionann úsáid nó áitiú aon oidhreachtáin nó tionóntáin ag an mBord, do réir bhrí na nAcht Luachála, agus úsáid nó áitiú de shaghas poiblí nó chun críche poiblí, do réir bhrí ailt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, nó ailt 16 den Valuation (Ireland) Act, 1852, nó ailt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854, nó aon achtacháin eile a bheir díolúine ó ráta is intobhaigh ag údaráis áitiúla i gcoitinne nó ag údarás áitiúil áirithe nó ag aicme áirithe údarás áitiúla. | |
| [EN] |
Comhdhéanamh an Bhoird. |
6. —(1) (a) Beidh ar an mBord pé méid comhaltaí a cheapfas an Rialtas ó am go ham. |
| [EN] | (b) Déanfaidh an Rialtas a gcumhachta faoi mhír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú ar shlí nach lú ná triúr agus nach mó ná seachtar an líon comhaltaí a bheas de thuras na huaire i seilbh oifige ar an mBord. | |
| [EN] | (2) Is é a bheas ina Chathaoirleach ar an mBord an comhalta den Bhord a ndéanfaidh an Rialtas, tráth a cheaptha nó dá éis sin, é d'ainmniú ina chathaoirleach. | |
| [EN] |
Forála maidir le comhaltaí an Bhoird. |
7. —(1) (a) Gach duine a ceapfar ina chomhalta den Bhord beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é a chur as oifig, é d'éirí as oifig nó é a theacht chun bheith dícháilithe, i seilbh oifige go ceann pé tréimhse (nach sia ná chúig bliana) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha. |
| [EN] | (b) Comhalta den Bhord a dtiocfaidh deireadh lena tréimhse oifige trí imeacht aimsire, beidh sé inathcheaptha. | |
| [EN] | (2) Beidh gach comhalta den Bhord i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair, agus liúntais i leith costas, d'íoc as na cistí a bheas faoina réir ag an mBord) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha. | |
| [EN] | (3) Beidh feidhm maidir le comhaltaí an Bhoird ag na forála (a bhaineas le haoisliúntas) atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
| [EN] | (4) (a) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith aon chomhalta den Bhord a chur as oifig— | |
| [EN] | (i) a éireos éagumasach de dheasca easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtúil, nó | |
| [EN] | (ii) a bheas (ar chúis seachas cúis is leor leis an Rialtas) as láthair ó gach cruinniú den Bhord i gcaitheamh tréimhse sé mhí as a chéile. | |
| [EN] | (b) Má chítear don Rialtas tráth ar bith gur gá, chun leasa an phobail, aon chomhalta den Bhord a chur as oifig, féadfaidh an Rialtas an comhalta sin a chur as oifig. | |
| [EN] | (c) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfas an Rialtas aon chomhalta den Bhord a chur as oifig faoin bhfo-alt seo, leagfaidh an Rialtas faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á rá gur cuireadh as oifig é agus ag lua na gcúis a bhí lena chur as oifig amhlaidh. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh comhalta den Bhord tráth ar bith éirí as oifig mar chomhalta den tsórt sin trí litir arna díriú agus arna cur chun an Rialtais. | |
| [EN] | (6) (a) Díolfaidh comhalta den Bhord, nó diúscairfidh ar shlí eile, laistigh de shé mhí tar éis a cheaptha, aon urrúis a bheas ar seilbh aige chun tairbhe dhó féin, pé acu ina ainm féin nó in ainm dhuine éigin eile é, in aon chuideachta a sheolas gnóthas iompair sa Stát agus fós aon stoc iompair a bheas ar seilbh aige amhlaidh, agus ní dleathach do chomhalta den Bhord aon urrúis in aon chuideachta den tsórt sin ná aon stoc iompair a cheannach chun tairbhe dhó féin. | |
| [EN] | (b) Má thagann comhalta den Bhord i dteideal, chun tairbhe dhó féin, aon urrús den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó aon stoic iompair, déanfaidh sé na hurrúis sin nó an stoc sin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a thiocfas sé i dteideal iad d'aistriú chuige. | |
| [EN] | (c) Beidh de dhualgas ar chomhalta den Bhord a mbeidh leas aige, go díreach nó go neamhdhíreach, in aon chonradh a dhéanfas an Bord nó a bheartós an Bord a dhéanamh, an cineál leasa atá aige a nochtadh ag cruinniú den Bhord agus cuirfear an nochtadh sin ar taifead láithreach i miontuairiscí an Bhoird, agus ní dhéanfaidh an comhalta ag a mbeidh leas den tsórt sin aon pháirt a ghlacadh in aon bhreithniú ná cinneadh a dhéanfas an Bord maidir leis an gconradh sin. | |
| [EN] | (d) Aon chomhalta den Bhord— | |
| [EN] | (i) nach gcomhlíonfaidh aon mhír, nó a ghníomhós contrártha d'aon mhír, de na míreanna roimhe seo den fho-alt seo, nó | |
| [EN] | (ii) a breithneofar ina fhéimheach nó a dhéanfas imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó | |
| [EN] | (iii) a scoirfeas de bheith in ghnáth-chónaí sna críocha náisiúnta, | |
| [EN] | beidh sé dícháilithe chun bheith i seilbh oifige, agus scoirfidh de bheith i seilbh oifige, mar chomhalta den Bhord. | |
| [EN] | (7) (a) Má thagann duine is comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord. | |
| [EN] | (b) Duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord. | |
| [EN] |
Séala an Bhoird. |
8. —(1) Soláthróidh agus sealbhóidh an Bord séala oifigiúil agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimhniú le síniú chathaoirleach an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigig don Bhord a mbeidh údarás cuí aige ón mBord gníomhú chuige sin. |
| [EN] | (2) Gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ordú nó ina ionstraim eile arna dhéanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird arna dhílse-dheimhniú do réir an ailt seo, glacfar i bhfianaise é agus, mura gcruthaítear a mhalairt, measfar gan a thuilleadh cruthúnais gurb é an t-ordú nó an ionstraim sin é. | |
| [EN] |
Nós imeachta an Bhoird. |
9. —(1) Ag cruinniú den Bhord— |
| [EN] | (a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú, | |
| [EN] | (b) má bhíonn agus faid a bheas cathaoirleach an Bhoird as láthair, nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | |
| [EN] | (2) Gach ceist a éireos ag cruinniú den Bhord cinnfear í le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag Cathaoirleach an chruinnithe. | |
| [EN] | (3) Is é is córam do chruinniú den Bhord ná pé uimhir (nach lú ná triúr) a chinnfeas an Bord ó am go ham agus mura ndéantar cinneadh is triúr an córam. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas. | |
| [EN] | (5) Faoi réir an ailt seo, déanfaidh an Bord, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird a rialáil. | |
| [EN] |
Gan feidhm a bheith ag an Public Authorities Protection Act, 1893. |
10. —Ní bheidh feidhm ag an Public Authorities Protection Act, 1893, maidir le haon chaingean, inchúiseamh ná imeacht i gcoinne an Bhoird ná maidir le haon ghníomh, faillí ná mainneachtaint ag seirbhíseach nó gníomhaire don Bhord ina cháil mar sheirbhíseach nó gníomhaire don Bhord. |
| [EN] |
Conartha a dhéanfas an Bord. |
11. —Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa nach comhlucht corpraithe a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird. |
| [EN] |
Feidhmeanna an Bhoird d'fheidhmiú trí oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird. |
12. —Féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna d'fheidhmiú agus a chomhlíonadh trí aon oifigigh nó seirbhísigh dhó a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin. |