|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Cumhachta agus Dualgais Ghinearalta an Bhoird.) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL II. Forála á Chumasú Gnóthais Iompair Airithe Eile d'Aistriú chun an Bhoird.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV. Gnothais Choras Iompair Éireann (1945) agus Chuideachta Chanail Laighean D'aistriu chun an Bhoird agus forala a Chumasu Gnothais Iompair Airithe eile d'Aistriu chun an Bhoird. | |
| [EN] |
CAIBIDIL I. Gnóthais Chóras Iompair Éireann (1945) agus Chuideachta Chanáil Laighean d'aistriú chun an Bhoird agus cúiteamh do shealbhóirí urrús áirithe leis na comhluchta sin. | |
| [EN] |
Gnóthais ghnóthairí díscaoilte d'aistriú chun an Bhoird. |
23. —(1) Ar an dáta bunuithe beidh gnóthas gach gnóthaire dhíscaoilte arna aistriú chun an Bhoird agus ar dílsiú ann, de bhuaidh an ailt seo. |
| [EN] | (2) An t-aistriú a déantar leis an alt seo bainfidh se le hiomlán gnóthais gach gnóthaire dhíscaoilte, ar a n-áirítear na tailte, na hoibreacha agus an mhaoin eile, na sócmhainní, na cumhachta, na cearta agus na príbhléidí uile a sealbhaítear nó a teachtaítear i ndáil leis an ngnóthas nó a ghabhas leis an ngnóthas. | |
| [EN] | (3) (a) Faoi réir forál an Achta seo, féadfaidh an Bord na cearta, na cumhachta agus na príbhléidí uile d'fheidhmiú agus a chur i bhfeidhm a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, dílsithe i gceachtar de na gnóthairí díscaoilte. | |
| [EN] | (b) Ní bheidh an Bord i dteideal, de bhuaidh an fho-ailt seo, feidhmiú a dhéanamh ar aon chumhachta chun airgead a chruinniú a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, infheidhmithe ag ceachtar de na gnóthaírí díscaoilte. | |
| [EN] | (4) (a) Faoi réir forál an Achta seo, beidh an Bord, agus eisiamh á dhéanamh aige ar cheachtar de na gnóthairí díscaoilte, faoi na dliteanais uile, pé acu de dhroim reachta nó eile iad, a bhí ar an ngnóthaire díscaoilte sin díreach roimh an dáta bunuithe. | |
| [EN] | (b) Ní bheidh an Bord faoi aon dliteanas de bhuaidh an fho-ailt seo i leith aon urrúis le ceachtar de na gnóthairí díscaoilte a ndéanfar stoc iompair d'eisiúint ina ionad faoin Acht seo. | |
| [EN] | (5) (a) Ar an dáta bunuithe, beidh gach ceadúnas lena mbaineann an fo-alt seo agus a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, i seilbh cheachtar de na gnóthairí díscaoilte, arna aistriú de bhuaidh an Achta seo chun an Bhoird agus beidh, ar an dáta agus ón dáta bunuithe, éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Bhoird ann in ionad ainme an ghnóthaire dhíscaoilte sin. | |
| [EN] | (b) Baineann an fo-alt seo— | |
| [EN] | (i) le haon cheadúnas a tógadh amach faoi alt 13 den Finance Act, 1920, i leith feithicle inneallghluaiste, | |
| [EN] | (ii) le haon cheadúnas paisnéirí a deonadh faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , | |
| [EN] | (iii) le haon cheadúnas marsantais a deonadh faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933) , | |
| [EN] | (iv) le haon cheadúnas feithicle seirbhíse poiblí a deonadh faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) . | |
| [EN] |
Urrúis áirithe leis na gnóthairí díscaoilte a mhúchadh. |
24. —Ar an dáta bunuithe, beidh na hurrúis ar leithligh leis na gnóthairí díscaoilte a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo arna múchadh de bhuaidh an ailt seo. |
| [EN] |
Cúiteamh do shealbhóirí urrús áirithe leis na gnóthairí díscaoilte. |
25. —(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, gach duine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina shealbhóir cláraithe ar aon urrús a tuairiscítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, de bhuaidh an fho-ailt seo, in aghaidh gach céad punt faoi leith den urrús sin a bhí ar seilbh aige, ina shealbhóir cláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, den stoc iompair a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, agus dá réir sin i gcomhchoibhneas in aghaidh méideanna is mó nó is lú ná céad punt, in ionad agus i malairt an mhéid den urrús sin a bhí ar seilbh aige. |
| [EN] | (b) Ní bheidh teideal ag duine ar bith, trí oibriú míre (a) den fho-alt seo, chun stoc iompair d'eisiúint chuige ina chodán de phunt agus, i gcás ina mbeadh teideal den tsórt sin ag duine mura mbeadh an mhír seo, íocfaidh an Bord leis in airgead luach par an chodáin. | |
| [EN] | (2) Gairmtear stoc iompair malairtithe san Acht seo den stoc iompair a luaitear i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |