|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nALTRAN, 1950) | Ar Aghaidh (CUID II. An Bord Altranais.) |
ACHT NA nALTRAN, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar Acht na nAltran, 1950 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
| [EN] | Acht 1944. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1944” Acht na mBan Cabhartha, 1944 (Uimh. 10 de 1944) ; |
| [EN] | an Bord. |
ciallaíonn an abairt “an Bord” An Bord Altranais a bunaítear leis an Acht seo; |
| [EN] | an Coiste. |
ciallaíonn an abairt “an Coiste” Coiste na mBan Cabhartha a bunaítear leis an Acht seo; |
| [EN] | comhlucht díscaoilte. |
ciallaíonn an abairt “comhlucht díscaoilte” aon chomhlucht is ceann acu seo a leanas— |
| [EN] | (a) an Phríomh-Chomhairle Bhanaltrais, nó | |
| [EN] | (b) Príomh-Bhord na mBan Cabhartha; | |
| [EN] | an dáta bunuithe. |
ciallaíonn an abairt “an dáta bunuithe” an dáta a ceapfar ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire arna dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo; |
| [EN] | údarás sláinte. |
tá leis an abairt “údarás sláinte” an bhrí atá léi san Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) ; |
| [EN] | údarás maoirseachta áitiúil. |
ciallaíonn an abairt “údarás maoirseachta áitiúil” údarás maoirseachta áitiúil chun críocha Achta 1944; |
| bean chabhartha. |
ciallaíonn an abairt “bean chabhartha” duine a bheas cláraithe i roinn na mban cabhartha; | |
| roinn na mban cabhartha. |
ciallaíonn an abairt “roinn na mban cabhartha” an roinn de chlár na n-altran a bhaineas le mná cabhartha; | |
| an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Sláinte; | |
| altra. |
ciallaíonn an focal “altra” duine a bheas cláraithe i gclár na n-altran agus folaíonn sé bean chabhartha agus folaíonn an focal “altranas” asaoideacht; | |
| ordú. |
ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacha; | |
| clár na n-altran. |
ciallaíonn an abairt “clár na n-altran” an clár d'altraí a choimeádfas an Bord faoi alt 41 den Acht seo; | |
| rialacha. |
ciallaíonn an focal “rialacha” rialacha arna ndéanamh faoi alt 21 den Acht seo. | |
| [EN] |
An dáta bunuithe. |
3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo. |
| [EN] |
Caiteachais an Aire. |
4. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
| [EN] |
Athghairm. |
5. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
| [EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an dáta bunuithe. | |
| [EN] |
An Phríomh-Chomhairle Bhanaltrais agus Príomh-Bhord na mBan Cabhartha a dhíscaoileadh. |
6. —Ar an dáta bunuithe déanfar an Phríomh-Chomhairle Bhanaltrais agus Príomh-Bhord na mBan Cabhartha a dhíscaoileadh de bhuaidh an ailt seo. |